Físchosaint
Ar mhaithe le sábháilteacht agus slándáil a cuid foirne, a cuairteoirí, a cuid foirgneamh, a sócmhainní agus a cuid faisnéise, agus ar mhaithe le ceisteanna lóistíochta chomh maith, tá córas físchosanta in úsáid ag an Ardrúnaíocht i gcodanna dá foirgnimh. Déantar cur síos ar Fhíschóras na hArdrúnaíochta sa Bheartas ar an úsáid d'Fhíschórais maidir leis na céimeanna a thugtar i ndáil le sonraí pearsanta, príobháideachas, cearta bunúsacha eile agus leas dlistineach na ndaoine a ndéantar taifeadadh orthu leis na ceamairí a chosaint. Chun níos mó eolais a fháil ar an ábhar seo féach ar bheartas na hArdrúnaíochta maidir leis an úsáid d'fhíschórais.
Tugtar faoi deara go n-úsáideann an Ardrúnaíocht a cuid físchóras de réir Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le daoine aonair a chosaint, madir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. Leis sin, tugtar aird chuí ar na moltaí a leagtar amach sna Treoirlínte um Fhísfhaire arna n-eisiúint ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí an 17 Márta 2010.
Is féidir rochtain a iarraidh ar do chuid sonraí pearsanta maidir le húsáid na bhfíscheamaraí cosanta. Ba cheart iarratais a sheoladh chuig:
Stiúrthóir na hOifige Slándála
Stiúrthóir na hOifige Slándála
Rue de la Loi, 175
B - An Bhruiséil.
An Bheilg
Le cóip de ag dul chuig:
an tOifigeach Cosanta Sonraí;
An tOifigeach Cosanta Sonraí
Rue de la Loi, 175
B - An Bhruiséil.
An Bheilg
Aire! Ní mór grianghraif ar ardchaighdeán a tógadh le déanaí agus cóip de do chárta aitheantais/do phas a chur le d'iarratas chun d'iarratas a phróiseáil.
Is féidir leat
an fhoirm seo a úsáid chun d'iarratas a chur faoi bhráid i gceart.