Conas a léitear ríomhleabhair?
Cuirtear ríomhleabhair de chuid na Comhairle ar fáil i bhformáid .epub. Is é atá i gceist le formáid .epub formáid oscailte ríomhleabhar atá inléite ar aon ghléas ar choinníoll go bhfuil an bogearra cuí agat.
Fóin chliste agus táibléidÍoslódáil feidhmchlár léitheoireachta ón ardán feidhmchlár is gnáthúil duit. Bíonn roinnt mhaith feidhmchlár léitheoireachta ríomhleabhar ar fáil saor in aisce.
PCannaSuiteáil bogearra léitheoireachta ríomhleabhar nó brabhsálaí forlíontach. Bíonn roinnt mhaith acu ar fáil saor in aisce.
Gléasanna ríomhléitheoireachtaTá seans ann go mbeidh ort an comhad .epub a athrú go formáid mobi. Léigh lámhleabhar do ghléas go cúramach maidir le cabhair le léitheoireacht nó leis an athrú seo.