Iarratas a chur isteach ar rochtain ar dhoiciméid de chuid na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle

clár poiblí de dhoiciméid na Comhairle ann ón 1 Eanáir 1999. Mura n-aimsíonn tú an doiciméad atá á lorg agat, féadfaidh tú iarratas a chur isteach.

Conas iarratas a chur isteach?

 

  • Féadfaidh tú doiciméad a iarraidh freisin trí litir a sheoladh chugainn:
    Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
    DG F - Communication
    rue de la Loi 175
    B-1048 Brussels

    nó trí fhacs a chur:
    +32 (0)2 281 4977
Cathain a gheobhaidh mé freagra?

Tabharfaidh an Ardrúnaíocht freagra ar iarratas ar rochtain laistigh de 15 lá oibre, ach is féidir, go heisceachtúil, 15 lá oibre breise a chur leis an tréimhse sin.

Cén modh ina mbeidh rochtain agam?

Beidh rochtain ag an iarratasóir ar dhoiciméid trí chóip leictreonach den doiciméad a fháil nó, mura féidir é sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, trí chóip chrua a fháil. Is féidir breathnú ar dhoiciméid ar an láthair freisin.

Cad is féidir a dhéanamh má dhiúltaítear rochtain a sholáthar?

Má dhiúltaítear an t-iarratas, beidh 15 lá oibre ag an iarratasóir chun iarratas deimhnitheach a dhéanamh agus iarraidh ar an institiúid lena mbaineann athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh.

Má dhiúltaítear an t-iarratas deimhnitheach, cuirtear in iúl don iarratasóir gur féidir léi/leis gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman nó caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.