Na meáin shóisialta: téigh i dteagmháil leis an gComhairle

Féadfaidh tú teacht ar an gComhairle agus ar an gComhairle Eorpach ar Twitter, Facebook, YouTube, Google+ agus eile.  

Twitter icon Twitter

Faigh nuashonruithe fíor-ama agus téigh i mbun caidrimh trí Twitter. Féadfaidh tú teacht ar fhothaí speisialaithe Twitter freisin le haghaidh gairmithe na meán. 

facebook icon Facebook

Scríobh "is maith liom" an Chomhairle ar Facebook chun nuashonruithe laethúla faoina bhfuil ag tarlú, lena n-áirítear grianghraif agus físeáin neamhfhoirmiúla, a fháil. Bí páirteach sa díospóireacht agus cuir pé ceisteanna atá agat.

instagram icon Instagram

Féach an leathanach ar Instagram chun éachtaint a fháil ar an obair neamhfhoirmiúil a dhéanann an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach.

youtube icon YouTube

Faigh na físeáin is déanaí ón gComhairle agus ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a gcainéil YouTube, lena n-áirítear agallaimh agus físeáin neamhfhoirmiúla. 

Google+ icon Google + 

Faigh breis eolais faoi obair na Comhairle agus obair Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí bheith rannpháirteach i bpobail Google +. Pléigh cúrsaí nuachta agus déan ilmheán a chomhroinnt.

linkedin icon LinkedIn 

Faigh eolas faoi dheiseanna fostaíochta agus lean an nuacht is déanaí ar leathanach LinkedIn na Comhairle.

flickr Flickr 

Lean gníomhaíochtaí Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí ghailearaí grianghraf Flickr. Áirítear ann grianghraif neamhfhoirmiúla. Gabhann ceadúnas de chuid Creative Commons le gach grianghraf i ndáil le comhroinnt (maidir le sannadh, an ghné neamhthráchtála, gan díorthaigh ).

storify icon Storify 

Féach ar Storify chun imeachtaí agus cruinnithe mullaigh na Comhairle a leanúint de réir mar a tharlaíonn siad. Tugtar le chéile postálacha meán sóisialta ann ó pholaiteoirí, iriseoirí, agus an pobal i gcoitinne chun cuidiú leat scéalta a leanúint de réir mar a tharlaíonn siad.