Foirmíocht na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Comhairle AE

Forbraíonn an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile comhar agus comhbheartais i réimsí éagsúla trasteorann, agus é de chuspóir aici limistéar saoirse, slándála agus ceartais ar fud an Aontais a bhunú.

Cén chaoi a n-oibríonn an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile?

Is iad airí ceartais agus gnóthaí baile ó Bhallstáit uile an Aontais Eorpaigh a bhíonn sa Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB). I gcoitinne, pléann na hairí ceartais le comhar breithiúnach sa dlí sibhialta agus sa dlí coiriúil araon agus le cearta bunúsacha, agus is iad na hairí gnóthaí baile atá freagrach as an imirce, as bainistiú teorann agus as an gcomhar póilíneachta, i measc nithe eile. Ní mar sin, áfach, a roinntear na cúraimí idir airí i ngach Ballstát de chuid an Aontais. Tá an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile freagrach freisin as an gcosaint shibhialta.

Go hiondúil, bíonn cruinniú ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile gach trí mhí.

Mar a comhaontaíodh i gconarthaí an Aontais, ní bhíonn an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe ná Éire lán-rannpháirteach i gcur chun feidhme beart áirithe a bhaineann le ceartas agus gnóthaí baile, nó bíonn siad rannpháirteach faoi réir coinníollacha ar leith.

Sna réimsí a bhaineann le acquis Schengen, is i bhformáid an choiste mheasctha a dhéantar an plé. Is éard atá san fhormáid sin Ballstáit an Aontais mar aon leis na 4 thír nach bhfuil san Aontas agus atá rannpháirteach i gcomhaontú Schengen (an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, an Eilvéis). I gcás bearta reachtacha, tar éis plé a dhéanamh sa choiste measctha, déantar an beart a ghlacadh sa Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, ach ní vótálann an Ríocht Aontaithe ná Éire ina leith.

Maidir le beartas gnóthaí ceartais agus baile

Glacann an Chomhairle reachtaíocht, i bhformhór na gcásanna i dteannta Pharlaimint na hEorpa, atá dírithe ar chearta bunúsacha a ráthú, saorghluaiseacht daoine a áirithiú ar fud an Aontais Eorpaigh agus leibhéal ard cosanta á thairiscint do shaoránaigh. Tá sí freagrach as beartais tearmainn agus inimirce, as comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla, as an gcosaint shibhialta agus as an gcomhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí agus eagraithe agus in aghaidh na sceimhlitheoireachta. Déileálann sí freisin le saincheisteanna a bhaineann le limistéar Schengen na hEorpa, ar limistéar gan teorainneacha.

Tá de chúram ar an gComhairle freisin gníomhaíochtaí na mBallstát i réimse na slándála inmheánaí a éascú agus comhordú na ngníomhaíochtaí sin a neartú. Déanann sí sin trí chosaint na dteorainneacha seachtracha a neartú agus trí feabhas a chur ar an gcomhar póilíneachta agus custaim.

Tosaíochtaí Uachtaránacht na hEastóine

Ceartas

Tá sé i gceist ag an Uachtaránacht leanúint ar aghaidh leis na cainteanna maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus le Coinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

Leanfaidh an Uachtaránacht den obair i dtaca le páirtchomhchuibhiú na ndlíthe dócmhainneachta chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú i dtíortha an Aontais. Oibreoidh sí freisin chun na rialacha a nuashonrú maidir le nósanna imeachta trasteorann i gcásanna a bhaineann le teaghlaigh agus le leanaí.

Sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, féachfaidh Uachtaránacht na hEastóine le comhaontú a bhaint amach le Parlaimint na hEorpa i ndáil le dréacht-treoir maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil. Leanfaidh sí ar aghaidh freisin leis an gcaibidlíocht i ndáil leis na rialacha le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’orduithe calctha agus coigistithe.

Gnóthaí Baile

Le linn Uachtaránacht na hEastóine, díreoidh an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile ar an imirce dhleathach, an imirce neamhdhleathach, rialú na dteorainneacha seachtracha agus comhar le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach.

Oibreoidh sí ar an athbhreithniú ar Threoir an chárta ghoirm, a bhfuil sé d’aidhm léi teacht isteach san Aontas agus soghluaisteacht laistigh den Aontas a éascú d’oibrithe ardoilte.

Oibreoidh sí le tríú tíortha chun teacht ar réitigh ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhdhleathach agus chun an ráta fillte a fheabhsú. Leanfaidh an Uachtaránacht leis na hiarrachtaí córas tearmainn na hEorpa agus comhbheartas víosa an Aontais Eorpaigh a athchóiriú freisin.

Sa dara leath den bhliain 2017, beidh súil ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile bailchríoch a chur ar an obair pholaitiúil maidir le Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú. Déanfaidh sí iarracht freisin teacht ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha nua don dara glúin de Chóras Faisnéise Schengen.