An Chomhairle mar chinnteoir de chuid an Aontais

An gnáthnós imeachta reachtach

Baintear úsáid as an ngnáthnós imeachta reachtach, ar a dtugtar 'comhchinnteoireacht' freisin, i gcás tuairim is 85 réimse beartais den Aontas Eorpach, lena n-áirítearan comhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus an comhbheartas inimirce.

An chuid is mó de ghníomhartha dlíthiúla an Aontais a ndéantar caibidlíocht maidir leo tríd an nós imeachta seo, glactar ar an gcéad léamh iad.

Is cinnteoir ríthábhachtach de chuid an Aontaisan Chomhairle. Déanann sí caibidlíocht maidir le reachtaíocht an Aontais, glacann sí agus leasaíonn sí an reachtaíocht sin nuair is gá, agus comhordaíonn sí na beartais. Den chuid is mó, cinneann an Chomhairle in éineacht le Parlaimint na hEorpa tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, ar a dtugtar 'comhchinnteoireacht' freisin. Úsáidtear comhchinnteoireacht do réimsí beartais ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas nó ina bhfuil inniúlacht chomhroinnte aige leis na Ballstáit. Sna cásanna sin, ritheann an Chomhairle reachtaíocht ar bhonn tograí a thíolacann an Coimisiún Eorpach. 

I gcás roinnt réimsí fíorshonracha, déanann an Chomhairle cinntí trí nósanna imeachta reachtacha speisialta - nós imeachta an toilithe agus an nós imeachta comhairliúcháin - áit a mbíonn ról na Parlaiminte teoranta. 

Laistigh den Chomhairle - nós imeachta lena mbaineann trí chéim

Cabhraíonn os cionn 150 meitheal agus coiste chun an obair a ullmhú do na hAirí a scrúdaíonn tograí i bhfoirmíochtaí difriúla na Comhairle. Bíonn oifigigh ó na Ballstáit ar fad sna meithleacha agus sna coistí sin.

A luaithe a fhaightear an togra ón gCoimisiún, scrúdaíonn an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an téacs go comhuaineach. 'Léamh' a thugtar ar an scrúdú sin. D'fhéadfadh suas le trí léamh a bheith ann sula dtiocfadh an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú faoi thogra reachtach nó sula ndiúltóidís dó.

Féadfaidh an Chomhairle comhaontú polaitiúil a ghlacadh uaireanta, agus í ag feitheamh ar an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, comhaontú ar a dtugtar 'cur chuige ginearálta' freisin. Le cur chuige ginearálta atá comhaontaithe ag an gComhairle féadtar luas a chur leis an nós imeachta reachtach agus comhaontú a éascú, fiú, idir an dá institiúid, de bhrí go dtugtar leid don Pharlaimint i dtaobh an tseasaimh ón gComhairle roimh an tuairim ar an gcéad léamh. Ní féidir an seasamh deiridh ón gComhairle a ghlacadh, áfach, go dtí go mbeidh a tuairim féin ar an gcéad léamh tugtha ag an bParlaimint.

Ag gach léamh téann an togra trí thrí leibhéal ag an gComhairle:

  • meitheal
  • Coiste na mBuanionadaithe (Coreper)
  • Foirmíocht na Comhairle

Áirithítear leis sin go ndéantar grinnscrúdú teicniúil ar an togra ar leibhéal na meithle, go mbeidh freagracht pholaitiúil ina leith ar leibhéal na n-Airí, mar aon le grinnscrúdú ag ambasadóirí de chuid Coreper a úsáideann idir shaineolas teicniúil agus agus bhreithniúchán polaitiúil. .

Comhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle

Faigheann an Chomhairle tacaíocht ó bhreis agus 150 meitheal agus coiste, ar a dtugtar 'comhlachtaí ullmhúcháin'

1. An mheitheal

Déanann Uachtaránacht na Comhairle, agus cúnamh á fháil aici ón Ardrúnaíocht, an mheitheal iomchuí a shainaithint agus a thionól chun togra a láimhseáil.

Tosaíonn meitheal le scrúdú ginearálta a dhéanamh ar an togra, agus ansin déanann sí grinnscrúdú air, líne ar líne.

Ní chuirtear aon teorainn ama fhoirmiúil leis an meitheal chun a cuid oibre a thabhairt chun críche; braitheann an t-am a thógtar ar chineál an togra. Níl oibleagáid ar bith ach oiread ar an meitheal comhaontú a thíolacadh, ach cuirtear toradh an phlé a dhéanann sí faoi bhráid Coreper.

2. Coiste na mBuanionadaithe (Coreper)

Is ar an gcaoi a n-ionramhálann Coreper an togra a bhraitheann cineál an chomhaontaithe a dtagtar air ar leibhéal na meithle .

Más féidir teacht ar chomhaontú gan plé a dhéanamh, cuirtear ítimí ar Chuid I de chlár oibre Coreper.

Más gá tuilleadh plé a dhéanamh laistigh de Coreper de bharr nár thángthas ar chomhaontú sa mheitheal maidir le gnéithe áirithe de thogra, liostaítear ítimí i gCuid II de chlár oibre Coreper. Sa chás sin, is féidir le Coreper an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • iarracht a dhéanamh teacht ar shocrú é féin
  • an togra a chur ar ais chuig an mheitheal, b'fhéidir le moltaí ann i ndáil le comhréiteach
  • an t-ábhar a chur ar aghaidh chuig an gComhairle

Nochtann formhór na dtograí roinnt uaireanta ar chlár oibre Coreper , de bhrí go ndéantar iarracht ann difríochtaí a réiteach nár réitigh an mheitheal.

3. Foirmíocht na Comhairle

Más rud é gur éirigh le Coreper an plé i dtaca le togra a thabhairt chun críche, bíonn sé mar ítim 'A' ar chlár oibre na Comhairle,, rud a chiallaíonn go bhfuiltear ag súil go dtiocfar ar chomhaontú gan díospóireacht a dhéanamh. De ghnáth, bíonn thart ar dhá thrian de na hítimí ar chlár oibre de chuid na Comhairle le glacadh mar ítimí 'A'. Is féidir plé i ndáil leis na hítimí sin a oscailt, mar sin féin, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin nó níos mó.

I gcuid 'B' de chlár oibre na Comhairle áirítear pointí mar seo a leanas:

  • pointí atá fós gan réiteach ó chruinnithe de chuid na Comhairle roimhe sin
  • pointí nár thángthas ar chomhaontú ina leith iCoreper nó ar leibhéal na meithle
  • pointí atá ró-íogair i dtéarmaí polaitiúla lena socrú ar leibhéal níos ísle

Maidir le vótáil sa Chomhairle cuirtear torthaí na vótála in iúl don phobal go huathoibríoch nuair a bhíonn an Chomhairle ag gníomhú ina cáil mar reachtóir. Má tá fonn ar chomhalta nóta míniúcháin a chur leis an vóta, cuirfear an nóta sin in iúl don phobal freisin, más gníomh dlíthiúil atá á ghlacadh. I gcásanna eile, nuair nach bhfoilsítear míniúcháin ar vótaí go huathoibríoch, féadtar iad a chur in iúl don phobal arna iarraidh sin don údar.

Ós rud é gur eintiteas dlíthiúil amháiní an Chomhairle, is féidir le ceann ar bith de na 10 gcinn dá cuid foirmíochtaí gníomh ón gComhairle a ghlacadh fiú más faoi chuimsiú raon feidhme foirmíochta eile an gníomh sin.