An gnáthnós imeachta reachtach

Comhairle AE

Tugadh isteach nós imeachta na comhchinnteoireachta den chéad uair i 1992 agus cuireadh breis feidhme lena úsáid i 1999. Le glacadh Chonradh Liospóin, athainmníodh comhchinnteoireacht mar an gnáthnós imeachta reachtach agus is é an príomhnós imeachta cinnteoireachta é ó shin chun reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh. Tá feidhm aige maidir le tuairim is 85 réimse beartais.

Teacht ar chomhaontú

Baineann an Chomhairle leas a 'cur chuige ginearálta' ó am go ham le tuairim a thabhairt don Pharlaimint faoina seasamh ar thogra reachtach a thíolaic an Coimisiún.

De ghnáth, úsáidtear an comhaontú polaitiúil sin le dlús a chur leis an nós imeachta reachtach agus le go mbeidh sé níos fusa teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh idir an Pharlaimint agus an Chomhairle.

Sracfhéachaint

Reachtóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa

An ceart maidir le tionscnamh reachtach: An Coimisiún Eorpach

Príomhghnéithe an nós imeachta:

  1. Cuireann an Coimisiún Eorpach togra faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa
  2. Glacann an Chomhairle agus an Pharlaimint togra reachtach ar an gcéad léamh nó ar an dara léamh
  3. Mura dtagann an dá institiúid ar chomhaontú ar an dara léamh, tionóltar coiste idir-réitigh
  4. Más féidir leis an dá institiúid, ar an tríú léamh, glacadh leis an téacs ar tháinig an coiste idir-réitigh ar chomhaontú ina leith, glactar an gníomh reachtach

Má dhiúltaítear do thogra reachtach ag céim ar bith den nós imeachta, nó mura bhféadfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle teacht ar chomhréiteach, ní ghlactar an togra agus tagann deireadh leis an nós imeachta.

Bunús dlí: Airteagal 289 agus Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh