Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Comhairle AE

Uachtaránacht rothlach

Rothlaíonn uachtaránacht na Comhairle ó Bhallstát amháin go ceann eile gach 6 mhí. I rith na tréimhse 6 mhí sin, bíonn an uachtaránacht ina cathaoirleach ar chruinnithe ar gach leibhéal sa Chomhairle, rud a chuidíonn le leanúnachas obair an Aontais sa Chomhairle a áirithiú.

Oibríonn na Ballstáit a mbíonn an uachtaránacht ina seilbh acu as láimh a chéile i ngrúpaí de thrí, ar a dtugtar 'foirne trí Uachtaránacht'. Tugadh isteach an córas sin le Conradh Liospóin in 2009. Leagann na trí Uachtaránacht amach spriocanna fadtéarmacha agus ullmhaíonn siad clár oibre comhpháirteach lena gcinntear na hábhair agus na príomh-shaincheisteanna a dtabharfaidh an Chomhairle aghaidh orthu thar thréimhse 18 mí. Ar bhonn an chláir sin, ullmhaíonn gach ceann de na trí thír a clár 6 mhí féin a bheidh níos mionsonraithe.

Is iad uachtaránacht na hÍsiltíre, uachtaránacht na Slóvaice agus uachtaránacht Mhálta atá san fhoireann trí uachtaránacht reatha.

Uachtaránacht Mhálta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh: 1 Eanáir- 30 Meitheamh 2017

Taobh thiar de thosaíochtaí uachtaránacht Mhálta tá an cuspóir chun an mhuinín as an Aontas a athbhunú, an gá le hidirphlé agus le machnamh faoi thodhchaí an Aontais mar aon leis na saincheisteanna ábhartha a bhaineann leis an imirce, leis an tslándáil agus leis an ngeilleagar.

Le linn na chéad sé mhí eile, díreoidh an uachtaránacht ar shé phríomhréimse: an imirce, an margadh aonair, an tslándáil, cuimsiú sóisialta aguscomharsanacht agus earnáil mhuirí na hEorpa.

Lean an uachtaránacht:

Uachtaránachtaí na Comhairle suas go dtí 2020

Málta: Eanáir-Meitheamh 2017
An Eastóin: Iúil-Nollaig 2017
An Bhulgáir: Eanáir-Meitheamh 2018
An Ostair: Iúil-Nollaig 2018
An Rómáin: Eanáir-Meitheamh 2019
An Fhionlainn: Iúil-Nollaig 2019
An Chróit: Eanáir-Meitheamh 2020
An Ghearmáin: Iúil-Nollaig 2020

Cúraimí na huachtaránachta

Tá an uachtaránacht freagrach as obair na Comhairle maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhorbairt, lena n-áirithítear leanúnachas chlár oibre an Aontais, próisis reachtacha ordúla agus comhar i measc na mBallstát. Chuige sin ní mór go ngníomhóidh an uachtaránacht ar bhealach ionraic, neodrach.

Tá 2 phríomhchúram ar an uachtaránacht:

1. Cruinnithe a phleanáil agus cathaoirleacht a dhéanamh sa Chomhairle agus sna comhlachtaí ullmhúcháin atá aici

Bíonn an uachtaránacht ina cathaoirleach ar chruinnithe d'fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle (seachas an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha) agus de chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, a bhfuil coistí buana amhail Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) ina measc, agus de mheithleacha agus coistí a bhaineann le hábhair ar leith.

Áirithíonn an uachtaránacht go stiúrtar an plé ar bhealach cuí agus go gcuirtear i bhfeidhm rialacha nós imeachta agus modhanna oibre na Comhairle i gceart.

Eagraíonn an uachtaránacht cruinnithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla éagsúla freisin sa Bhruiséil agus i dtír na huachtaránachta rothlaí.

2. Ionadaíocht a dhéanamh ar an gComhairle i gcaidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais

Déanann an uachtaránacht ionadaíocht ar an gComhairle i gcaidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais, go háirithe leis an gCoimisiún agus le Parlaimint na hEorpa. Is é an ról atá aici iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú maidir le comhaid reachtacha trí idirphlé trípháirteach, trí chruinnithe neamhfhoirmiúla caibidlíochta agus trí chruinnithe an Choiste Idir-réitigh.

Oibríonn an uachtaránacht i ndlúthchomhar le:

  • Uachtarán na Comhairle Eorpaí
  • Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Tacaíonn an uachtaránacht leo ina gcuid oibre agus uaireanta d'fhéadfadh sé go n-iarrfaí uirthi dualgais áirithe a dhéanamh thar ceann an Ardionadaí, amhail ionadaíocht a dhéanamh don Chomhairle Gnóthaí Eachtracha os comhair Pharlaimint na hEorpa nó cathaoirleacht a dhéanamh ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha nuair a phléann sí saincheisteanna an chomhbheartais tráchtála.