Tionóltar comhdhálacha d'ionadaithe rialtais na mBallstát chun athruithe ar chonarthaí an Aontais a phlé agus a chomhaontú. Tugtar 'comhdhálacha idir-rialtasacha' (CIRanna) ar na cruinnithe sin freisin.

Sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009, ba é seo an t-aon nós imeachta faoina bhféadfaí na Conarthaí a athbhreithniú. Tugtar an 'gnáthnós imeachta um athbhreithniú' air anois.

Comhdhálacha idir-rialtasacha a tionóladh le déanaí

Nuáil a rinneadh ar Chonradh Liospóin

CIR 2007

Cuireadh de chúram ar CIR, a sheol an Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2007 conradh um athchóiriú a dhréachtú lena gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht agus ar dhlisteanacht dhaonlathach an Aontais mhéadaithe, agus ar chomhleanúnachas a ghníomhaíochta seachtraí chomh maith leis sin'.

Mar thoradh ar an gcomhdháil, glacadh Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, cuireadh leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach ar fáil.

CIR 2004

Pléadh sa CIR, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2003, an "dréacht-Chonradh lenar bunaíodh Bunreacht don Eoraip" a d'ullmhaigh an Coinbhinsiún Eorpach.

Measadh nuair a shínigh ceannairí an Aontais an bunreacht i mí Dheireadh Fómhair 2004, go gcuirfí na conarthaí go léir a bhí ann cheana féin in aon teacs amháin agus go nglacfadh an bunreacht ionad na gconarthaí sin.

Níor dhaingnigh tíortha uile an Aontais é agus níor tháinig sé i bhfeidhm.

Athbhreithniú ar chonarthaí an Aontais

Gnáthnós imeachta um athbhreithniú

Leis seo cuirtear ar chumas aon Bhallstáit, an Choimisiúin nó Pharlaimint na hEorpa togra le haghaidh athraithe ar an gconradh a chur faoi bhráid na Comhairle, a chuirfidh faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ina dhiaidh sin. Cuirtear parlaimintí náisiúnta ar an eolas.

Má tá tromlach na mBallstát sa Chomhairle Eorpach i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar thogra le haghaidh athrú ar chonradh, tionólann Uachtarán na Comhairle Eorpaí 'coinbhinsiún'. Téitear i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún roimh ré. Téitear i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach má bhíonn cúrsaí airgeadais i gceist.

Sa choinbhinsiún, ina dtagann ionadaithe na bparlaimintí náisiúnta, ceannairí stáit nó rialtais, FPEanna agus an Coimisiún Eorpach le chéile, pléitear na dréacht-athruithe ar an gconradh. Ina dhiaidh sin, cuirtear a chuid moltaí, a ghlactar trí chomhthoil, ar aghaidh chuig CIR.

Mar rogha air sin, mura bhfuil údar le coinbhinsiún i ngeall ar na hathruithe a mholtar, féadfaidh an Chomhairle Eorpach - le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa - vótáil trí thromlach simplí gan coinbhinsiún a eagrú agus féadfaidh sí a cuid téarmaí féin a shocrú do CIR.

Cinneann CIR, a thionólann Uachtarán na Comhairle Eorpaí, athruithe ar na conarthaí d'aontoil.

Nós imeachta simplithe um athbhreithniú

Le Conradh Liospóin tugadh isteach nós imeachta mear le beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais a leasú, ar a dtugtar 'nós imeachta simplithe um athbhreithniú'. Ní héilítear aon coinbhinsiún ná CIR leis.

Comhaontaítear na hathruithe d'aontoil sa Chomhairle Eorpach tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún. Téitear i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach má bhaineann na hathruithe le cúrsaí airgeadais.

Ní thagann an cinneadh i bhfeidhm go dtí go bhformheasann na Ballstáit ar fad é.

Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an nós imeachta sin chun cur le cumhachtaí an Aontais.

An gnáthnós imeachta reachtach

Baintear úsáid as an nós imeachta comhchinnteoireachta sin i gcás tuairim is 85 réimse beartais

Nósanna imeachta reachtacha speisialta

Tá 2 'nós imeachta reachtacha speisialta' ann: toiliú agus comhairliúchán.

Clásail 'passerelle'

Leis an 'gclásail passerelle' mar a thugtar air, i gcás réimsí áirithe beartas, cuirtear ar chumas na Comhairle Eorpaí leas a bhaint as vótáil trí thromlach cáilithe in ionad na vótála d'aontoil i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cinneadh a dhéanamh freisin roinnt réimsí beartais a aistriú ón nós imeachta reachtach speisialta go dtí an gnáthnós imeachta reachtach, is é sin le rá 'an chomhchinnteoireacht', ar comhreachtóirí iad Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa sa phróiseas sin.

Sa dá chás, gníomhaíonn an Chomhairle Eorpach d'aontoil agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh parlaimintí náisiúnta cinntí a chrosadh laistigh de 6 mhí, agus cosc a chur ar a dteacht i bhfeidhm sa chaoi sin.

Ina theannta sin, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar líon teoranta d'fhorálacha na gconarthaí agus nósanna imeachta eile á leanúint.