An Chomhairle Eorpach: Mí na Nollag 2014 go mí Aibreáin 2016

Comhairle Eorpach
An Chomhairle Eorpach ó mhí na Nollag 2014 go mí Aibreáin 2016

Bhí dúshláin pholaitiúla ríthábhachtacha os comhair na Comhairle Eorpaí ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 30 Aibreán 2016. Áiríodh sreafaí iarrthóirí tearmainn agus sreafaí imirceach neamhrialta nach bhfacthas a iontamhail cheana ar na dúshláin sin; b'éigean teacht ar shocrú nua don Ghréig, maidir le todhchaí na tíre mar bhall den limistéar euro, agus freisin don Bhreatain agus reifreann istigh/amuigh le bheith ann faoi bhallraíocht san Aontas. B'éigean do na ceannairí Eorpacha freagairt a thabhairt ar na bagairtí tromchúiseacha slándála freisin, idir bagairtí inmheánacha agus seachtracha. Tugann Donald Tusk forléargas ar an obair a rinne an Chomhairle Eorpach le linn na tréimhse atá á hathbhreithniú agus liostaítear na cinntí polaitiúla agus na ráitis pholaitiúla is ríthábhachtaí sa tuarascáil.

2016, 82 Leathanaigh, Leabhair faoi chlúdach bog