Is féidir Uachtarán na Comhairle Eorpaí a leanúint ar:

Is í an Chomhairle Eorpach a shainíonntreoir agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais. De bhrí nach ceann d'institiúidí reachtaíochta an Aontais í,ní dhéanann sí caibidlíocht i leith dlíthe ná ní ghlacann sí dlíthe. Ina ionad sin, leagann sí amach clár oibre beartais an Aontais Eorpaigh; is gnách go ndéantar sin trí chonclúidí a ghlacadh le linn chruinnithe na Comhairle Eorpaí, ina sainaithnítear cúiseanna imní agus bearta a bhíonn le déanamh.

Le déanaí, ghlac an Chomhairle Eorpach ‘clár oibre straitéiseach' de réimsí tosaíochta do ghníomhaíocht agus díriú an Aontais san fhadtéarma.

Comhaltaí na Comhairle Eorpaí

Is iad cinn stáit nó rialtais 28 mBallstát an Aontais Eorpaigh, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh comhaltaí na Comhairle Eorpaí.

Glacann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála páirt freisin i gcruinnithe na Comhairle Eorpaí nuair a phléitear gnóthaí eachtracha.

Próiseas cinnteoireachta

Den chuid is mó, is le comhthoil a ghlacann an Chomhairle Eorpach a cuid cinntí. Mar sin féin, i gcásanna áirithe , ar a dtugtar cuntas i gconarthaí an Aontais, is le haontoilíocht nó trí thromlach cáilithe a dhéantar cinneadh.

Más gá vóta a chaitheamh, ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ná Uachtarán an Choimisiúin páirt a ghlacadh sa chúram sin.

Léirítear an t-ábhar sa teanga bhunaidh más rud é nach mbeidh aistriúchán ar fáil

Cruinnithe na Comhairle Eorpaí

Bíonn cruinniú ag an gComhairle Eorpach ar a laghad faoi dhó gach sé mhí. Is sa Bhruiséil, in Áras Justus Lipsius, a thionóltar cruinnithe na Comhairle, ar a dtugtar 'cruinnithe mullaigh an Aontais' go minic.

Is é Uachtarán na Comhairle Eorpaí a bhíonn mar chathaoirleach ar na cruinnithe. Is féidir leis an Uachtarán cruinnithe urghnácha den Chomhairle Eorpach a chomóradh freisin.

Bíonn Uachtarán Pharlaimint na hEorpa i láthair ag tús gach cruinnithe, chun breac-chuntas a thabhairt ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a iarraidh ar dhaoine eile, amhail Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, freastal ar chruinnithe, ag brath ar na saincheisteanna a bhíonn á bplé.

Léirítear an t-ábhar sa teanga bhunaidh más rud é nach mbeidh aistriúchán ar fáil

Stair na Comhairle Eorpaí

In 1974 a bunaíodh an Chomhairle Eorpach mar fhóram neamhfhoirmiúil le haghaidh plé idir cinn stáit nó rialtais Bhallstáit an Aontais. Ba ghearr gur fhorbair sí ról mar an comhlacht a bhfuil freagracht air spriocanna agus tosaíochtaí an Aontais a shocrú.

Faoi Chonradh Maastricht na bliana 1992, tugadh stádas agus ról foirmiúil don Chomhairle Eorpach - chun spreagadh a thabhairt don Aontas Eorpach agus chun treoirlínte polaitiúla ginearálta a chur ar fáil dó.

In 2009, mar thoradh ar na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin, rinneadh ceann de 7 n-institiúid an Aontais Eorpaigh den Chomhairle Eorpach.