Beathaisnéis Herman Van Rompuy

Comhairle Eorpach

Soláthraítear ar an leathanach seo faisnéis faoi Herman Van Rompuy, iar-Uachtarán na Comhairle Eorpaí a bhí i seilbh na hoifige sin ó mhí na Samhna 2009 go dtí mí na Samhna 2014.
Níor leasaíodh an t-ábhar chun dáta ón 1 Nollaig 2014 i leith.

Ba é Herman Van Rompuy an chéad duine a toghadh mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí i mí na Samhna 2009; thosaigh sé i mbun oifige nuair a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

Atoghadh é in 2012 i gcomhair dara tréimhse a mhair ón 1 Meitheamh 2012 go dtí an 30 Samhain 2014. 

Tráth a toghadh don chéaduair é, Príomh-Aire na Beilge ab ea Herman Van Rompuy. Roimhe sin, bhí sé ina Cheann Comhairle ar Theach na nIonadaithe sa Bheilg (2007-2008), agus bhí roinnt mhaith post sa rialtas aige, ar a raibh Leas-Phríomh-Aire agus Aire Buiséid (1993-1999), Aire Stáit (2004) agus Státrúnaí Airgeadais agus Gnóthaí Beaga (1988) ar áireamh.  

D'oibrigh Herman Van Rompuy mar eacnamaí ag Banc Náisiúnta na Beilge agus thosaigh sé a ghairmréim pholaitiúil i 1973 mar Leas-Uachtarán Náisiúnta ar chomhairle na n-óg de chuid a pháirtí. Bhí freagrachtaí éagsúla air laistigh dá pháirtí agus i bParlaimint na Beilge, ina raibh sé ina Sheanadóir (1988-1995) agus ina Fheisire Parlaiminte (1995-2009).  

Tá Céim Bhaitsiléara san Fhealsúnacht agus Máistreacht san Eacnamaíocht Fheidhmeach ag Herman Van Rompuy, a bhronn an Ollscoil K.U.Leuven air. Rugadh é in Etterbeek, an Bheilg, an 31 Deireadh Fómhair 1947, tá sé pósta le Geertrui Windels, tá ceathrar clainne orthu agus seisear garpháistí.

A ghairmréim pholaitiúil

2009-  
Uachtarán na Comhairle Eorpaí  

2008-2009  
Príomh-Aire  

Deireadh Fómhair 2007  
Comhréiteoir thar ceann an Rí

Meán Fómhair 2007
Fiosraitheoir thar ceann an Rí

2007-2008
Ceann Comhairle Theach na nIonadaithe  

Jan. 2004
Aire Stáit  

1995-
Feisire Parlaiminte do CD&V i dTeach na nIonadaithe

1993-1999
Leas-Phríomh-Aire agus Aire Buiséid

1988-1993 
Uachtarán Náisiúnta an pháirtí C.V.P. 

Bealtaine 1988-Meán Fómhair 1988
Státrúnaí Airgeadais agus Gnóthaí Beaga 

1988-1995
Seanadóir C.V.P.

1982-1988
Uachtarán C.V.P. Cheantar Brussel-Halle-Vilvoorde 

Idirbheartaí C.V.P. chun rialtas a chur ar bun, Martens-III, IV, V, VI, VII, VIII agus Dehaene I, Il

1978-
Comhalta de Bhord Náisiúnta C.V.P. 

1973-1977
Leas-Uachtarán Náisiúnta C.V.P.-Jongeren

Stair a ghairmréime

1982-2008  
  Léachtóir Vlaamse Economische Hogeschool Brussel (VLEKHO)

1980-1988  
  Stiúrthóir Centrum voor Politieke, Economische en Sociale Studies 

1980-1987  
Léachtóir Handelshogeschool Antwerpen 

1978-1980  
Comhairleoir in oifig phríobháideach an Aire Airgeadais G. Geens

1975-1978
Comhairleoir in oifig phríobháideach an Phríomh-Aire L. Tindemans

1972-1975  
  Attaché Gnóthaí Inmheánacha, Banc Náisiúnta na Beilge

Oideachas

1971
 Máistreacht san Eacnamaíocht Fheidhmeach, K.U.Leuven

1968
Céim Bhaitsiléara san Fhealsúnacht, K.U.Leuven

1965
Meánscolaíocht, Sint-Jan Berchmanscollege, an Bhruiséil

Foilseacháin

"Europe in the storm", leabhar a d'fhoilsigh Davidsfonds, 126 lch. (Bealtaine 2014)

"De kentering der tijden", leabhar a d'fhoilsigh Lannoo, 112 lch. (1979)

"Hopen na 1984", leabhar a d'fhoilsigh Davidsfonds, Horizonreeks (Meán Fómhair, 1984)

"Het christendom.Een moderne gedachte", leabhar a d'fhoilsigh Davidsfonds, Forumreeks (Meán Fómhair, 1990)

"Vernieuwing in hoofd en hart.Een tegendraadse visie", leabhar a d'fhoilsigh Davidsfonds, Forumreeks (Fómhar, 1998)

"De binnenkant op een kier.Avonden zonder politiek", leabhar a d'fhoilsigh Lannoo, 165 lch. (2000)

"Dagboek van een vijftiger, leabhar a d'fhoilsigh Davidsfonds, 144 lch. (Deireadh Fómhair 2004)

"Haiku", Poëziecentrum, Gent, 125 lch. (Aibreán 2010)

In de wereld van Herman Van Rompuy", le Katleen Cools, Borgerhoff&Lamberigts, 200 lch. (Deireadh Fómhair 2010)

"Haiku 2", Poëziecentrum, Gent, 93 lch. (Deireadh Fómhair 2013)

Dochtúireachtaí Oinigh

Ollscoil Ghent (18 Márta 2011 - níl aon aitheasc ar fáil) 

Dámhachtainí

Duais Idirnáisiúnta Charlemagne (Internationale Karlspreis), Aachen (an 29 Bealtaine 2014)  4)
 
Duais Benelux-Europa, Breda (an 12 Meitheamh 2010)  
 
Duais Cheannasaíocht Chlub Harvard na Beilge, An Bhruiséil (an 8 Meán Fómhair 2010)  
 
"Collier du Mérite européen" a bhronn Fondúireacht na hEorpa um an Luaíocht, Lucsamburg (an 25 Samhain 2010)  10)
 
Duais Fhóram Nueva Economía, Maidrid (an 10 Nollaig 2010)   )
 
"Gouden Penning" a bhronn Acadamh Ríoga Pléimeannach na Beilge um an Eolaíocht agus na hEalaíona, an Bhruiséil, (an 14 Eanáir 2012)

Seanadóir Oinigh E Meritu et Honoris Causa den Gluaiseacht le haghaidh Stáit Aontaithe na hEorpa - Ionad Gníomhaíochta don Chónaidhmeacht Eorpach (AEF - BVSE), Antuairp (an 5 Feabhra 2012)
 
Duais Otto von der Gablentz, An Háig (an 18 Aibreán 2012)  )
 
Duais Eorpach Coudenhove-Kalergi 2012, Vín (an 16 Samhain 2012)
 
Mic Dámhachtain Michele de Gianni, An Bhruiséil (an 4 Deireadh Fómhair 2013)
 
Dámhachtain Deilbhíne Óir Chlub an Ionaid Ghnó, a bhronn Mórfheis Cheannairí Gnó na Polainne, Vársá (an 25 Eanáir 2014)
 
  Dámhachtain SEBT na Ceannaireachta Freagraí, a bhronn Scoil Eorpach na Bainistíochta agus na Teicneolaíochta, Beirlín, (an 3 Iúil 2014)

Gradaim

  • Ardribín den Ord Leopold, an Bheilg (2009)
  • Ardoifigeach in Ord Légion d'honneur, an Fhrainc (Nollaig 2011)
  • Saoránacht Oinigh, Beersel, an Bheilg (13 Bealtaine 2012)
  • Saoránacht Oinigh, DeHaan, an Bheilg (an 7 Iúil 2012)
  • Ardoifigeach d'Ord Náisiúnta an Chósta Eabhair (an 7 Lúnasa 2012)
  • Ord Náisiúnta "Réalt na Rómáine" ar chéim na Croise Móire, Búcairist (25 Aibreán 2013) 
  • Saoránacht Oinigh, Olen, an Bheilg (3 Deireadh Fómhair 2013) 
  • Saoránacht Oinigh, Matsuyama, an tSeapáin (18 Samhain 2013) 
  • Ord Náisiúnta Bheinin, Cotonou (20 Feabhra 2014) 
  • Ord na Croise Bána Dúbailte den Dara Rang, an Bhratasláiv (30 Aibreán 2014) 
  • Saoránacht Oinigh, Kortessem, an Bheilg (16 Bealtaine 2014)