Ról an Uachtaráin

Comhairle Eorpach

Is é Donald Tusk Uachtarán reatha na Comhairle Eorpaí. Thóg sé áit Herman Van Rompuy ar an 1 Nollaig 2014.

Leagtar amach ról an Uachtaráin in Airteagal 15 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Tá Uachtarán na Comhairle Eorpaí freagrach as na nithe seo a leanas go háirithe:

  • a bheith i gceannas ar chruinnithe na Comhairle Eorpaí agus imeachtaí na Comhairle a stiúradh
  • ullmhúchán agus leanúnachas obair na gcruinnithe den Chomhairle Eorpach a áirithiú i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn obair na Comhairle Gnóthaí Ginearálta
  • cabhrú le comhtháthú agus comhthoil a éascú sa Chomhairle Eorpach
  • tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann de chruinnithe na Comhairle Eorpaí

Áirithíonn Uachtarán na Comhairle Eorpaí ionadaíocht sheachtrach an Aontais ar leibhéal na gceann stáit nó rialtais freisin:

  • maidir le saincheisteanna a bhaineann le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) AE, i dteannta Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a chabhraíonn le CBES a chur i bhfeidhm agus le haontacht, le comhsheasmhacht agus le héifeachtacht an bheartais a áirithiú
  • ag cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta, go hiondúil i dteannta Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Stair fheidhm Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Rinneadh ról buan lánaimseartha de phost Uachtarán na Comhairle Eorpaí i ndiaidh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm in 2009.

Roimhe sin, comhlacht neamhfhoirmiúil a bhí sa Chomhairle Eorpach agus post neamhoifigiúil a bhí ag ceann na Comhairle Eorpaí. Bhí an ról sin ag Ceann Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige ag an am.

Ceapachán

Toghann an Chomhairle Eorpach Uachtarán na Comhairle Eorpaí trí thromlach cáilithe.

Toghtar é go ceann tréimhse 2.5 bliain, atá inathnuaite uair amháin. I gcomhréir leis an gcleachtas seanbhunaithe, is í an uachtaránacht uainíochta atá i gceannas ar an bpróiseas toghcháin. Le linn na Comhairle Eorpaí, mar a bpléitear toghadh an Uachtaráin, is é an Príomh-Aire a dhéanann ionadaíocht ar an uachtaránacht a bhíonn mar chathaoirleach ar an gcuid sin den chruinniú.

Ní fhéadfaidh an t-Uachtarán oifig náisiúnta a shealbhú ag an am céanna.

Foireann

Cabhraíonn Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (ARC) leis an gComhairle Eorpach agus lena hUachtarán.

Tá a oifig phríobháideach féin ag an Uachtarán freisin, Cabinet an Uachtaráin. Tá a fhoireann agus a oifig lonnaithe in áras Europa na Comhairle sa Bhruiséil, an Bheilg.

Cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta

Déanann Uachtarán na Comhairle Eorpaí ionadaíocht ar AE ag 3 phríomhchineál cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta:

  1. Cruinnithe mullaigh déthaobhacha
    Eagraítear iad sin idir AE agus a chomhpháirtithe straitéiseacha. Tionóltar cruinnithe mullaigh den chineál sin go rialta, uair sa bhliain go hiondúil, le tíortha amhail an tSeapáin, SAM, an Rúis, an Afraic Theas, an Bhrasaíl agus an tSín. Malartaítear ionaid na gcruinnithe mullaigh idir an Bhruiséil agus an tír lena mbaineann.
  2. Cruinnithe mullaigh iltaobhacha ar leibhéal idirnáisiúnta
    Is comhalta é an tAontas Eorpach nó iarrtar air a bheith rannpháirteach mar phríomhpháirtí idirnáisiúnta iontu, amhail cruinnithe G7, G8, G20 agus cruinnithe de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.
  3. Cruinnithe mullaigh iltaobhacha ar leibhéal AE
    Áirítear ar na cruinnithe mullaigh sin cruinniú mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, cruinniú mullaigh an Aontais-na hAfraice, Cruinniú mullaigh AE-ASEM agus cruinniú mullaigh AE-CELAC. Go traidisiúnta, nuair ba é an tAontas Eorpach a bhíodh ina óstach ar chruinnithe mullaigh den chineál sin, ba é an Ballstát a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag an am aige a bhíodh ina óstach. Ó 2014, is í Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil a bhíonn mar óstach ar na cruinnithe sin freisin. Is iad rannpháirtithe na gcruinnithe mullaigh sin Cinn Stáit nó Rialtais ó gach Ballstát AE, mar aon le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus cinn stáit nó rialtais ábhartha eile ó na tíortha rannpháirteacha.