Stair

Tuilleadh eolais faoi na himeachtaí agus na conarthaí lenar múnlaíodh ról na Comhairle Eorpaí, Chomhairle an Aontais Eorpaigh, an Ghrúpa Euro agus Chruinniú Mullaigh an Limistéir Euro.

1951

Conradh Pháras

Bunaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) le Conradh Pháras, lenar cruthaíodh an cómhargadh do ghual agus cruach. Le bunú an Chomhphobail, cruthaíodh muinín arís agus seachnaíodh teannas idir tíortha comharsanachta san Eoraip tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ba é Conradh CEGC, a chuaigh in éag in 2002, an chéad chonradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach.

1952

An 8 Meán Fómhair

An Chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta Airí CEGC

Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle Speisialta na nAirí de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach i Lucsamburg, agus ba as sin a tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh.

1958

An 1 Eanáir

Conarthaí na Róimhe

Le Conarthaí na Róimhe bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Tionóladh an chéad chruinniú de Chomhairle CEE an 25 Eanáir 1958 faoi chathaoirleacht Victor Larock, Aire Gnóthaí Eachtracha na Beilge.

1960

Mí na Bealtaine

An Coiste Speisialta um Thalmhaíocht

Bunaíodh an Coiste Speisialta um Thalmhaíocht (CST) chun gnéithe teicniúla an Chomhbheartais Talmhaíochta a ullmhú. Roinneadh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) de chuid Chomhairle CEE ina Coreper I (Ionadaithe) agus Coreper II (Ambasadóirí). Tá Coreper I agus Coreper II ann inniu fós agus tá siad freagrach as obair Chomhairle an Aontais Eorpaigh a ullmhú.

1965

An 1 Iúil

An ghéarchéim um an gcathaoir fholamh

I 1965 d'fhógair an Fhrainc nach bhfreastalódh sí ar chruinnithe na Comhairle toisc nár aontaigh sí leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta a mhaoiniú. Réitíodh an ghéarchéim ina dhiaidh sin a bhuíochas do chomhréiteach Lucsamburg 1966, lena gcuirtear vótáil aontoilíochta chun feidhme nuair a bhíonn leasanna móra i gceist.

1967

An 8 Aibreán

Na Conarthaí Merger

Leis an dá chonradh seo (1967 agus 1971) tugadh isteach Comhairle aonair, Coimisiún aonair agus buiséad aonair do na trí Chomhphobal (CEGC, Euratom agus CEE). Cuireadh Coreper ar bhonn foirmiúil mar chomhlacht ullmhúcháin den Chomhairle.

1973

An 1 Eanáir

An chéad mhéadú

Tháinig an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach sna Comhphobail Eorpacha, agus leis sin bhí naoi mBallstát i gceist.

1975

An 11 Márta

An chéad chruinniú ag an gComhairle Eorpach

Tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile den chéad uair i mí an Mhárta 1975 i mBaile Átha Cliath.

1981

An 1 Eanáir

Tháinig an Ghréig isteach san Aontas Eorpach

Bhain ballraíocht AE figiúr dúbailte amach nuair a tháinig an Ghréig isteach sa chomhphobal.

1985

An 14 Meitheamh

Comhaontú Schengen

I Schengen (Lucsamburg), shínigh an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, Lucsamburg agus an Ísiltír Comhaontú Schengen maidir le deireadh a chur le rialuithe teorann.

Le Comhaontú Schengen, bheadh daoine in ann taisteal, de réir a chéile, gan a bpas a sheiceáil ag teorainneacha inmheánacha. Ba ina dhiaidh, i 1995, a tosaíodh ar Chomhaontú Schengen a chur chun feidhme.

1986

An 1 Eanáir

Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas Eorpach

Tháinig an Spáinn agus an Phortaingéil isteach san Aontas, agus leis sin mhéadaigh ballraíocht na gComhphobal Eorpach go dtí 12 thír.

1987

An 1 Iúil

An Ionstraim Eorpach Aonair

Leis an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), bunaíodh an margadh inmheánach, lena ndearnadh foráil do shaorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil. Leis sin, seoladh comhar i ndáil le beartas eachtrach agus leathnaíodh úsáid na vótála trí thromlach cáilithe le haghaidh cinnteoireachta laistigh den Chomhairle.

Leis an Ionstraim Eorpach Aonair, tugtar bunús dlí freisin don Chomhairle Eorpach, a chuir cruinnithe de Cheannairí Stáit nó Rialtais ar bhonn foirmiúil.

1992

An 11 Nollaig

Seisiúin phoiblí

Cuireadh tús le "díospóireachtaí poiblí" ag an gComhairle Eorpach i nDún Éideann i 1992 agus leathnaíodh an nós seo le himeacht ama, go háirithe le Conradh Liospóin.

Is féidir díospóireachtaí poiblí agus cur agus cúiteamh poiblí na Comhairle a leanúint ar an láithreán gréasáin sa lá atá inniu ann.

1993

An 1 Samhain

Conradh Maastricht

Ar theacht i bhfeidhm Chonradh Maastricht, cruthaíodh an tAontas Eorpach, ar Aontas é atá bunaithe ar cholún méadaithe den 'Comhphobal'. Cruthaíodh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta leis an gConradh agus bunaíodh dhá cholún nua leis: an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus comhar i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB).

Tugadh stádas foirmiúil don Chomhairle Eorpach i gConradh Maastricht. Tugadh dlús agus treoirlínte ginearálta polaitiúla d'fhorbairt an Aontais Eorpaigh leis sin. 

Chuathas i dtreo an euro a bhunú le Conradh Maastricht freisin agus seoladh an Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES). 

1995

An 1 Eanáir

An 4ú méadú ar an Aontas

Tháinig an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach san Aontas. Chlúdaigh na 15 bhall Iarthar na hEorpa ar fad beagnach ag an am sin.

1997

An 13 Nollaig

Cruthaíodh an Grúpa Euro

D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach cruthú an Ghrúpa Euro, comhlacht neamhfhoirmiúil a thugann airí airgeadais tíortha a bhfuil an euro mar airgeadra acu le chéile. Tionóladh an chéad chruinniú de chuid an Ghrúpa Euro an 4 Meitheamh 1998 ag Chateau de Senningen i Lucsamburg.

1999

An 1 Bealtaine

Conradh Amstardam

Le Conradh Amstardam, bunaíodh limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus rinneadh Comhaontú Schengen a chomhtháthú le dlí an Aontais Eorpaigh. Leasaíodh leis an gconradh ról Ardrúnaí na Comhairle agus é á athrú ina Ardionadaí don Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála freisin.

2002

An 1 Eanáir

Tagann an euro i gcúrsaíocht

An 1 Eanáir 2002 cuireadh an euro i gcúrsaíocht mar nótaí bainc agus boinn, in ionad airgeadraí náisiúnta.

2003

An 1 Feabhra

Conradh Nice

Le Conradh Nice, rinneadh athchóiriú ar institiúidí an Aontais Eorpaigh in oirchill an mhéadaithe, mar a méadófaí líon na mBallstát go 27. Rinneadh athchóiriú ar an gComhairle chun vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú, agus chun prionsabal an chomhair fheabhsaithe idir na Ballstáit a thabhairt isteach.

2004

An 1 Bealtaine

An méadú is mó de chuid an Aontais Eorpaigh

Tháinig deich dtír nua isteach san Aontas ag an am céanna: Poblacht na Seice, an Eastóin, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin. Ba é sin an méadú aonair ba mhó de chuid an Aontais ó thaobh daoine agus líon na dtíortha de.

Tá 25 Bhallstát san Aontais Eorpach anois.

2007

An 1 Eanáir

Téann an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach

Téann an Bhulgáir agus an Rómáin isteach san Aontas Eorpach agus leis sin bhí 27 mBallstát ann.

2009

An 1 Nollaig

Conradh Liospóin

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, rinneadh struchtúr an Aontais Eorpaigh agus an bealach a bhfeidhmíonn sé a athchóiriú.

Méadaíodh an úsáid a bhaintear as vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle.

Faoin gConradh, is institiúid lánfheidhme í an Chomhairle Eorpach agus a hUachtarán féin aici. Roimhe sin, comhlacht neamhfhoirmiúil a bhí sa Chomhairle Eorpach agus ba phost neamh-oifigiúil é ceannaire na Comhairle Eorpaí. Bhí an ról sin ag Ceannaire Stáit nó Rialtais an Bhallstáit a raibh Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige ag an am. 

2012

An 10 Nollaig

Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar an Aontas Eorpach

Bronnadh Duais Nobel na Síochána 2012 ar an Aontas Eorpach as ucht an tsíocháin, an t-athmhuintearas, an daonlathas agus cearta an duine san Eoraip a chur chun cinn.

Agus Duais Nobel na Síochána á bronnadh aige ar an Aontas, dúirt Coiste Nobel na hIorua go raibh a chinneadh bunaithe ar an ról cobhsaitheach a bhí ag an Aontas maidir leis an tsíocháin a chur i réim ar an mór-roinn, áit a mbíodh sé ina chogadh dearg tráth.

2013

An 1 Iúil

Tháinid an Chróit isteach san Aontas Eorpach

Is í an Chróit an dara tír ón iar-Iúgslaiv a tháinig isteach san Aontas, i ndiaidh na Slóivéine. 

Tá 28 mBallstát san Aontas Eorpach anois.