Skip to content

Comhairle Comhlachais AE-an Éigipt, 25/07/2017, 25 Iúil 2017

Na príomhthorthaí

D’fhormheas an Chomhairle Comhlachais tosaíochtaí comhpháirtíochta AE-an Éigipt don tréimshe 2017-2020 agus phléigh sí na féidearthachtaí maidir le hidirphlé agus comhar feabhsaithe sa chreat sin.

"Léiriú is ea an rannpháirtíocht níos láidre seo gur príomh-chomhpháirtí de chuid an Aontais Eorpaigh atá san Éigipt. Is ríthábhachtach cobhsaíocht inbhuanaithe agus forbairt inbhuanaithe na hÉigipte, ní hamháin do mhuintir na tíre uile, ach don réigiúin ina iomláine agus don Aontas Eorpach gona Bhallstáit freisin."

Federica Mogherini, Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Rinne Ardionadaí an Aontais Eorpaigh Federica Mogherini agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte Sameh Hassan Shoukry comhráiteas a eisiúint i ndiaidh na Comhairle Comhlachais.

Bhí idirphlé polaitiúil freisin ag Ardionadaí an Aontais Eorpaigh Federica Mogherini agus ag Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉigipte Hassan Shoukry faoi shaincheisteanna domhanda agus réigiúnacha.

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: 11 Eanáir 2024