Cruinniú mullaigh G20 in Hamburg, an Ghearmáin, 07-08/07/2017

Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
  • 07-08/07/2017
  • an Ghearmáin

Bhuail ceannairí G20 in Hamburg, sa Ghearmáin, ar an 7-8 Iúil. Ba iad Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, a rinne ionadaíocht thar ceann an Aontais ag an gcruinniú mullaigh. ‘Domhan idirnasctha a mhúnlú’ an téama a bhí ag an gcruinniú mullaigh i mbliana’.

Ghlac ceannairí dearbhú ina ndírítear ar an méid seo a leanas:

  • buntáistí an domhandaithe a chomhroinnt
  • an athléimneacht a fhorbairt
  • slí bheatha inbhuanaithe a fheabhsú
  • freagracht a ghlacadh

Ina theannta sin, ghlac siad plean gníomhaíochta chun an comhar frithsceimhlitheoireachta a fheabhsú agus chun dul i ngleic le trodaithe sceimhlitheoireachta eachtracha.

Maidir le fuinneamh agus aeráid, thug na ceannairí dá n-aire go bhfuil na Stáit Aontaithe tar éis tarraingt siar ó Chomhaontú Pháras. Dhearbhaigh ceannairí na gcomhaltaí eile G20 nach féidir dul siar ar Chomhaontú Pháras agus thacaigh siad le plean gníomhaíochta an G20 in Hamburg, ar plean gníomhaíochta aeráide agus fuinnimh don fhás é.

Maidir le géarchéim na himirce agus na ndídeanaithe, d’aontaigh na ceannairí dlús a chur le comhordú agus gníomhú in aghaidh smuigléirí daoine agus gáinneálaithe ar dhaoine. Tá sé mar thosaíocht ag na ceannairí freisin aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce agus tacú le tíortha tionscnaimh agus idirthurais.

“Is gnó eagraithe í an smuigleáil imirceach. An bhliain seo caite, ghin sé 1.6 billiún dollar sa Libia féin. Leis na brabúis sin, is féidir leis na smuigléirí codanna den tír a rialú. Comhoibríonn siad le sceimhlitheoirí freisin agus déanann siad tuilleadh dochair do chobhsaíocht na Libia.”

An tUachtarán Donald Tusk ag an bpreasócáid roimh chruinniú mullaigh an G20, 7 Iúil 2017

Chuir na ceannairí i bhfáth gur gá cuidiú níos fearr a thabhairt do dhaoine chun deiseanna agus buntáistí an domhandaithe eacnamaíoch a thapú. Phléigh siad freisin an chaoi le leanúint de chóras oscailte seasmhach airgeadais a chur le chéile.

Gheall na ceannairí go gcuirfidís leis an gcomhar idirnáisiúnta cánach agus leis an trédhearcacht airgeadais, agus go dtabharfaidís aghaidh ar an tsaincheist maidir leis an ró-achmhainneacht chruach.

Bhí forbairt na hAfraice fós mar ardtosaíocht don G20. Sheol na ceannairí an chomhpháirtíocht idir an G20 agus an Afraic chun borradh a chur faoin bhfás agus faoi phoist san Afraic. Áirítear air sin, an tionscnamh G20 le haghaidh fostaíocht i measc ógra na tuaithe, a chuideoidh le 1.1 milliún post nua a chruthú faoi 2022.

Chuir na ceannairí in iúl a thábhachtaí atá sé go mbainfí leas as an digitiú, chun fás cuimsitheach inbhuanaithe a bhaint amach. Tá sé bunriachtanach an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn chun gur fearr a bheidh daoine ullmhaithe do shaol na hoibre amach anseo.

Chomhaontaigh na ceannairí freisin go ndéanfaidís gníomhaíocht bhreise chun an comhionannas inscne a bhaint amach. Leag siad béim ar ról an digitithe agus na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun tacú le cumhachtú na mban.

Sa bhreis air sin, chuir na ceannairí béim ar an luach atá ar an gcomhar idirnáisiúnta sláinte, go háirithe chun an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac ar bhealach níos fearr.

Beidh an 13ú heagrán de chruinniú mullaigh G20 á óstáil ag an nGearmáin in 2018.

Doiciméid eile a comhaontaíodh

Tháinig na ceannairí G20 ar chomhaontú faoi dhoiciméid éagsúla eile freisin:

Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh i ndáil le cruinniú mullaigh cheannairí G20

Rinne Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker príomhcheisteanna an chruinnithe mullaigh a leagan amach i litir chomhpháirteach chuig cinn stáit nó rialtais an Aontais:

  • an ról atá ag G20 i gcur in oiriúint an gheilleagair dhomhanda do chách
  • córas iltaobhach trádála a bheidh oscailte agus bunaithe ar rialacha agus córas idirnáisiúnta airgeadaíochta agus airgeadais a bheidh athléimneach
  • tairbhí eacnamaíocha na gníomhaíochta i dtaca leis an athrú aeráide agus acmhainneacht na réabhlóide digití
  • seachaint cánach agus imghabháil cánach
  • an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
  • freagracht chomhroinnte as dídeanaithe agus imircigh, agus páirteachas leis an Afraic le haghaidh infheistíochta, fáis agus post

Cúlra

Is é atá sa G20 naoi gcinn déag de thíortha an domhain agus an tAontas Eorpach le chéile. Tá os cionn 80% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain ag comhaltaí G20 agus beagnach dhá thrian de dhaonra an domhain ina gcónaí sna tíortha sin.

Bunaíodh cruinniú mullaigh G20 in 2008 i lár na géarchéime domhanda airgeadais chun comhar idirnáisiúnta eacnamaíoch a mhéadú. Ó shin i leith, tagann comhaltaí G20 le chéile go bliantúil chun plé a dhéanamh ar réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le comhar eacnamaíoch agus airgeadais.

An tAontas Eorpach mar chomhalta de G20

Is comhalta iomlán de G20 an tAontas Eorpach in éineacht le ceithre cinn dá Bhallstáit: An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe. Ina theannta sin, tugann G20 cuireadh don Spáinn i gcónaí agus is tír chomhpháirtíochta í an Ísiltír.

Tá a áit féin ag AE ag bord G20 ós rud é go bhfuil sé ar cheann de na gníomhaithe eacnamaíocha is mó ar domhan a bhfuil inniúlachtaí sonracha aige maidir le cúrsaí trádála, beartas eacnamaíoch, rialáil airgeadais, forbairt, fuinneamh agus athrú aeráide.

Athbhreithnithe go deireanach an 10/07/2017