Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua Eabhrac, 18-20/09/2017

Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
  • Cruinniú mullaigh idirnáisiúnta
  • 18-20/09/2017
  • Nua-Eabhrac

Thug Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, aitheasc thar ceann an Aontais Eorpaigh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ar an 20 Meán Fómhair.

San óráid a thug sé uaidh ag an gcomhthionól, dhírigh an tUachtarán Tusk ar an méid a leanas:

  • a thábhachtaí atá sé go neartaítear na Náisiúin Aontaithe atá mar chnámh droma an oird dhomhanda atá bunaithe ar rialacha
  • an gá le dí-armáil núicléach shíochánta a bhaint amach ar leithinis na Cóiré
  • an méid a dhéanann an tAontas chun déileáil le géarchéim na dteifeach agus na gníomhaíochtaí breise is gá a dhéanamh d’fhonn srian a chur le smuigléirí daoine
  • an gá atá le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an radacú
  • gealltanas an Aontais Comhaontú Pháras a chur chun feidhme ina iomláine go pras

Ar an 19 Meán Fómhair, labhair an tUachtarán Tusk freisin ag ócáid ardleibhéil maidir leis an gcomhaontú domhanda comhshaoil. Chuir sé in iúl go bhfuil sé i bhfách leis an tionscnamh: “Beidh an tAontas agus a Bhallstáit réidh chun cabhrú le cruth a chur ar an bpróiseas sin gan bheith i leith taoibh ar bith”, a dúirt sé. D’iarr Donald Tusk freisin “go gcuirfí Comhaontú Pháras i bhfeidhm go forleathan gan mhoill”.

Ar imeall Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, bhí deis ag an Uachtarán Tusk casadh le ceannairí eile, ina nduine agus ina nduine. Tá tuilleadh faisnéise ar na cruinnithe déthaobhacha sin sa chlár thíos.

Tosaíochtaí an Aontais ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

I mí Iúil, ghlac an Chomhairle tosaíochtaí an Aontais le haghaidh na Náisiún Aonaithe agus an 72ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe, tosaíochtaí atá dírithe ar an méid a leanas:

  • na Náisiúin Aontaithe agus an t-ord domhanda atá bunaithe ar rialacha a neartú agus a athchóiriú
  • an tsíocháin a chothú agus infheistiú i gcosc coinbhleachtaí
  • an comhar frithsceimhlitheoireachta a fheabhsú
  • dí-armáil agus neamhleathadh núicléach a chur chun cinn
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le himircigh agus le dídeanaithe, le cearta an duine agus leis an bhforbairt

Clár

17/09/2017 15:45

Cruinniú lena Shoilse Abdullah II bin Al-Hussein, Rí na hIordáine

18/09/2017 10:30

Cruinniú le Príomh-Aire na Bútaine Tshering Tobgay

11:00

Cruinniú le Príomh-Aire Fhidsí Josaia Voreqe Bainimarama

11:30

Cruinniú le Príomh-Aire na Seoirsia Giorgi Kvirikashvili

19/09/2017 08:00

Fáiltiú

09:00

Oscailt an 72ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

10:30

Cruinniú le hUachtarán na Cosaive, Hashim Thaçi

11:30

Cruinniú le hUachtarán na hÉigipte, Abdel Fattah el-Sisi

12:30

Cruinniú le hUachtarán an Chósta Eabhair, Alassane Ouattara

13:15

Lón oibre oifigiúil á óstáil ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres

14:30

Cruinniú le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May

15:00

Cruinniú le hUachtarán na hÚcráine, Petro Poroshenko

15:30

Ócáid ardleibhéil maidir leis an gComhaontú Domhanda Comhshaoil

16:30

Aitheasc ag an ócáid ardleibhéil maidir leis an gComhaontú Domhanda Comhshaoil

18:30

Fáiltiú, á óstáil ag toscaireacht an Aontais chuig na Náisiúin Aontaithe - comóradh 30 bliain ERASMUS

20/09/2017 11:45

Aitheasc arna thabhairt le linn na díospóireachta ag an 72ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe

Féach freisin

Athbhreithnithe go deireanach an 21/09/2017