Margadh Aonair Digiteach don Eoraip

Cad í an straitéis maidir leis an margadh aonair digiteach?

Is éard atá sa straitéis plean an Aontais chun margadh aonair digiteach a chruthú a bheidh saor agus slán inar féidir le daoine siopadóireacht a dhéanamh ar líne thar theorainneacha agus ina bhféadfaidh gnólachtaí a dtáirgí a dhíol ar fud an Aontais, is cuma cén áit ina bhfuil siad san Aontas. Leis an straitéis, féachtar le geilleagar digiteach an Aontais a mhéadú chun seirbhísí níos fearr a thairiscint do thomhaltóirí ar phraghsanna níos fearr chun cuidiú le gnólachtaí fás.

Tá trí chuspóirí ag an straitéis, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 6 Bealtaine 2015:

  • é a dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí rochtain a fháil ar tháirgí agus ar sheirbhísí ar líne ar fud na hEorpa
  • feabhas a chur ar na dálaí chun go mbeidh fás agus borradh faoilíonraí digiteachaagus faoi sheirbhísí
  • dlús a chur le fás an gheilleagair dhigitigh Eorpaigh

Cén fáth a bhfuil gá againn leis?

Bíonn baic ar shaoránaigh na hEorpa nuair a úsáideann siad seirbhísí agus uirlisí ar líne. Bíonn raon feidhme baile, cuid mhaith, ag na margaí ar líne i gcónaí: ní cheannaíonn ach 15 % de shaoránaigh ar líne ó thír eile den Aontas agus, i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, ní dhíolann ach 7% díobh i dtír eile den Aontas.

Tá de thoradh ar bhaic leanúnacha rialála agus ilroinnt an mhargaidh go bhfuil na saoránaigh ag cailliúint amach ar earraí agus ar sheirbhísí agus go gcuirtear moill ar fhás gnólachtaí.

Dar leis an gCoimisiún, d’fhéadfadh margadh aonair digiteach atá lánfheidhmiúil suas le €415 billiún a chur le geilleagar an Aontais gach bliain. Chun leas a bhaint as an deis a bhaineann leis sin, tá athchóirithe móra beartaithe ag an Aontas, lena n-áirítear creat cóipchirt nua, seachadadh beartán agus teileachumarsáid.

Na mionsonraí

Margadh aonair digiteach don Eoraip — COM (2015) 192

Áirítear sa straitéis ón gCoimisiúin le haghaidh an mhargaidh aonair dhigitigh roinnt beart reachtach agus neamhreachtach atá le nochtadh in 2015 agus 2016. Tá siad roinnte ina dtrí 'cholún':

  • rochtain níos fearr ar tháirgí agus ar sheirbhísí ar líne
  • dálaí níos fearr chun go mbeidh fás agus borradh faoi líonraí digiteacha agus faoi sheirbhísí
  • dlús a chur le fás an gheilleagair dhigitigh Eorpaigh

1. Rochtain níos fearr ar tháirgí agus ar sheirbhísí ar líne

Rialacha athchóirithe maidir le díolacháin trasteorann ar líne

Áirítear sa mhéid sin togra ón gCoimisiún le haghaidh comhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha an Aontais chun ábhar digiteach a cheannach, amhail aipeanna nó ríomhleabhair, ar chearta an Aontais maidir le díolacháin trasteorann ar líne d'earraí fisiciúla agus ar chearta feabhsaithe tomhaltóirí.

Seachadadh beartán trasteorann a fheabhsú

Beidh bearta san áireamh ansin lena ndíreofar ar fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar mhaoirseacht rialála ar an margadh beartán trasteorann.

Deireadh a chur le ‘geobhlocáil’

Tá dréachtrialachán molta ag an gCoimisiún chun deireadh a chur leis an gcleachtas ar a dtugtar ‘geobhlocáil’ - ag diúltú na rochtana ar láithreáin ghréasáin atá lonnaithe i dtír eile de chuid an Aontais nó praghsanna éagsúla a ghearradh ag brath ar shuíomh an chustaiméara.

Dlí cóipchirt Eorpach a athchóiriú

Molfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go mbeifear in ann seirbhísí ábhair, amhail seirbhísí físeáin, a úsáid ar bhonn trasteorann. D’fhágfadh sé sin go mbeadh daoine ag a mbeadh scannán nó ceol ceannaithe sa bhaile in ann taitneamh a bhaint astu agus iad ag taisteal ar fud na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún dlús leis na hiarrachtaí i gcoinne sáruithe ar chearta maoine intleachtúla, freisin.

Rómhaorlathas a bhaineann le CBL a ghearradh

Áirítear leis sin bearta chun deis a thabhairt do dhíoltóirí earraí fisiciúla leas a bhaint as clárú agus íocaíocht leictreonach aonair, agus tabharfar isteach tairseach CBL chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta pointe díolacháin ar líne a bhunú.

2. Dálaí níos fearr chun go mbeidh fás agus borradh faoi líonraí digiteacha agus faoi sheirbhísí

Rialacha teileachumarsáide an Aontais a athchóiriú

Áirítear leis sin bearta a mholfaidh an Coimisiún:

  • chun bainistiú agus comhordú an speictrim a éascú
  • chun infheistíocht i leathanbhanda ardluais a spreagadh
  • chun feabhas a chur ar an gcreat institiúideach rialála

Athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha le haghaidh na meán closamhairc

Áireofar sa mhéid sin athbhreithniú ar threoir sheirbhísí na meán closamhairc, bearta chun saothair Eorpacha a chur chun cinn agus na rialacha maidir le mionaoisigh a chosaint agus fógraíocht.

Measúnú a dhéanamh ar an ról atá ag ardáin ar líne

Áireofar leis sin measúnú ón gCoimisiún ar neamh-thrédhearcacht torthaí cuardaigh, ar an úsáid a bhaineann ardáin ar líne as faisnéis a bhailíonn siad, ar an gcaidreamh idir na hardáin agus na soláthróirí, agus ar na srianta atá ann maidir le cumas daoine athrú idir ardáin.

Déanfar anailís freisin ar bhealaí chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar an idirlíon.

Muinín i láimhseáil sonraí pearsanta ó na seirbhísí digiteacha a mhéadú

Áirítear leis sin athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an treoir maidir le príobháideachas leictreonach, nach bhfuil feidhm aici faoi láthair ach amháin maidir le cuideachtaí teileachumarsáide traidisiúnta agus ní chumhdaítear leis na soláthraithe eile seirbhísí digiteacha. Rachaidh an Coimisiún i mbun an athbhreithnithe sin nuair a thiocfaidh rialacha nua an Aontais i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí.

Áireofar leis sin freisin comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí maidir le cibearshlándáil a bhunú.

3. Dlús a chur le fás an gheilleagair dhigitigh Eorpaigh

Geilleagar sonraíbhunaithe a thógáil

Cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas i láthair:

  • tionscnamh Eorpach maidir le 'saorshreabhadh sonraí' chun fáil réidh le baic nach bhfuil baint acu le cosaint sonraí pearsanta ach atá ina gconstaic roimh shaorghluaiseacht sonraí ar fud an Aontais
  • tionscnamh Eorpach néalríomhaireachta, lena n-áirítear seirbhísí néalríomhaireachta a dheimhniú

Tosaíochtaí a shainiú maidir le caighdeáin agus le hidir-inoibritheacht

Díreofar leis sin ar réimsí atá ríthábhachtach don mhargadh aonair digiteach, amhail ríomhsheirbhísí sláinte, taisteal a phleanáil, ríomh-lastas nó méadrú ar fhuinneamh cliste.

Margadh aonair digiteach cuimsitheach a thógáil

Áireofar leis sin bearta chun scileanna digiteacha an duine a fheabhsú, rud a chuirfidh an Coimisiún san áireamh sna tionscnaimh a bheidh ann amach anseo maidir le scileanna agus le hoiliúint.

Áireofar leis sin freisin plean gníomhaíochta nua don r-rialtas do 2016-2020. Mar chuid den mhéid sin déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • treoirthionscadal a sheoladh chun tástáil a dhéanamh ar phrionsabal na ‘haon uaire' a chinnteoidh go roinnfidh na húdaráis riaracháin phoiblí sonraí áirithe go hinmheánach, ionas nach mbeidh gá ann iad a iarraidh arís nuair a bheidh siad ag iarraidh iad a athúsáid
  • féachaint le cláir ghnó a idirnascadh ar fud an Aontais
  • díriú ar 'thairseach aonair dhigiteach' a chruthú trí chomhtháthú a dhéanamh ar na tairseacha agus na seirbhísí éagsúla Eorpacha atá ann cheana

Sa Chomhairle Eorpach

Ag an gcruinniú a bhí acu i mí Dheireadh Fómhair 2013, d’iarr ceannairí an Aontais go mbunófaí margadh aonair digiteach a bheadh áisiúil don tomhaltóir agus don ghnó. Dúirt siad go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh sé sin ann ar mhaithe leis an bhfás agus le hiomaíochas Eorpach i ndomhan domhandaithe.

D’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach ag an gcruinniú a bhí aici i mí an Mheithimh 2014 gur tosaíocht de chuid an Aontais a bheidh ann an margadh aonair digiteach a chur i gcrích in 2015.

Ag a cruinniú ar an 18 Nollaig 2014, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún togra uaillmhianach maidir leis an margadh aonair digiteach a thíolacadh roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mheithimh 2015.

Ag an gcruinniú a bhí acu ar an 25-26 Meitheamh 2015, thacaigh ceannairí an Aontais leis an straitéis agus dúirt siad gur cheart feidhm a bhaint aisti chun fás cuimsitheach a chur chun cinn i ngach réigiún san Aontas. D’áitigh siad go ndéanfar gníomhaíocht chun dul i ngleic le hilroinnt an mhargaidh, chun an bonneagar digiteach is gá a fhorbairt agus digitiú na tionsclaíochta san Eoraip a chur chun cinn. D'iarr siad freisin go nglacfar go mear rialacha nua maidir le teileachumarsáid, le cibearshlándáil agus le cosaint sonraí.

Sa Chomhairle

Bhí an chéad mhalartú tuairimí ag na hairí cultúir ar na gnéithe closamhairc den straitéis ar an 18-19 Bealtaine 2015. Thacaigh siad le hinaistritheacht trasteorann ábhair, leis an gcomhrac i gcoinne ábhar neamhdhleathach agus leis an ngá atá leis an gcothromaíocht cheart a aimsiú maidir le cóipcheart. Luaigh siad freisin go bhfuil prionsabal an chríochachais tábhachtach chun ábhar a chruthú, rud a chiallaíonn gur cheart geobhlocáil a laghdú ach go bhféadfadh údar a bheith léi uaireanta.

D’aontaigh na hairí gur cheart an treoir maidir le seirbhísí na meán closamhairc atá ann cheana a chur in oiriúint d'athruithe teicneolaíochta. Ba cheart san athbhreithniú sin na nithe a leanas a dhéanamh:

  • saoirse na meán a ráthú agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn
  • prionsabal thír an tionscnaimh a choinneáil (is é sin go dtagann gach soláthraí seirbhísí meán closamhairc faoi dhlínse Ballstát amháin)
  • cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta a leanfaidh na Ballstáit nuair a bhíonn siad mar sprioc d'ábhar do-ghlactha a thagann ó Bhallstát eile

Rinne na hairí iomaíochais an chéad mhalartú tuairimí ar an straitéis ag an gComhairle ar an 28-29 Bealtaine 2015. D’aontaigh siad go gcumhdaítear leis an straitéis na ceisteanna is tábhachtaí chun an margadh aonair digiteach a fhorbairt. Chuir siad i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le rialacha maidir le cóipcheart a chruthú atá oiriúnach don fheidhm, le rialacha ríomhthráchtála a thabhairt cothrom le dáta, le muinín, le feasacht agus cosaint na dtomhaltóirí a spreagadh, agus d'áitigh siad go bhfuil gá le gníomhaíocht chun scileanna digiteacha agus rialacha cosanta sonraí a atreisiú.

Rinne siad na gníomhaíochtaí tosaíochta seo a leanas a shainaithint freisin:

  • na dálaí cearta a chruthú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta
  • digitiú thionsclaíocht na hEorpa a chur chun cinn
  • ríomhrialachas i gcórais riaracháin phoiblí a chur i bhfeidhm agus a leathnú
  • cur leis an infheistíocht i mbonneagar digiteach agus i líonraí digiteacha
  • an tionchar a bheadh ag rialacha fioscacha ar uirlisí digiteacha a mheas
  • na prionsabail a bhaineann le 'digiteach mar réamhshocrú' a mheas maidir le reachtaíocht nua uile an Aontais

Thacaigh na hairí freisin le clár oibre eolaíochta oscailte Eorpach a chruthú, rud a cheadódh rochtain oscailte ar fhoilseacháin taighde atá maoinithe go poiblí agus sonraí a bhaineann leo. Dúirt siad gur cheart go mbeadh ról níos láidre ag an taighde i straitéis an mhargaidh dhigitigh agus gur cheart cur le nuálaíocht dhigiteach.

Ina theannta sin, phléigh na hairí teileachumarsáide an straitéis maidir le margadh aonair digiteach ag cruinniú a bhí ag an gComhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh ar an 11 agus an 12 Meitheamh 2015. Ba dhíol sásaimh dóibh a cuspóirí agus d’athdhearbhaigh siad an tábhacht a bhaineann le geilleagar digitithe chun an fás agus an fhostaíocht a chur chun cinn, agus borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais.

Ar na saincheisteanna ar tharraing na hairí aird orthu áirítear:

  • an ról atá ag an ndigitiú maidir le fiontraíocht agus fás FBManna a spreagadh
  • an gá atá ann feabhas a chur ar an gcibearshlándáil agus cur le muinín sna ríomhsheirbhísí
  • an gá atá le bonneagar níos fearr agus le feabhas a chur ar rochtain ar leathanbhanda do na saoránaigh uile
  • an gá atá ann trédhearcacht fheabhsaithe a chinntiú le haghaidh praghsáil seachadta beartán ar fud an Aontais

Chuir na hairí i dtreis freisin gur cheart go mbeadh comhordú maith ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go bhfuil an straitéis á cur chun feidhme go héifeachtach.

Ar an 15 Meitheamh 2015, tháinig na hairí dlí agus cirt ar chur chuige ginearálta don rialachán maidir le cosaint sonraí. Cheadaigh an chéim sin don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an gcaibidlíocht. Leis an rialachán, tiocfaidh feabhas ar chosaint sonraí pearsanta, agus ar dheiseanna do ghnólachtaí sa mhargadh aonair digiteach ag an am céanna.

I mí na Bealtaine 2016, tháinig an Chomhairle Iomaíochais ar chomhaontú maidir leis na príomhphrionsabail chun inaistritheacht seirbhísí ábhair ar líne a áirithiú sa mhargadh inmheánach. Tríd an gcomhaontú sin, bhí an Chomhairle in ann tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

Ghlac siad conclúidí freisin maidir le teicneolaíochtaí an mhargaidh aonair dhigitigh agus nuachóiriú na seirbhísí poiblí.

An 28 Samhain 2016, tháinig an Chomhairle Iomaíochais ar chomhaontú maidir le dréachtrialachán chun geobhlocáil éagórach idir na Ballstáit a thoirmeasc. Is é príomhchuspóir an togra cosc a chur le hidirdhealú do chustaiméirí agus do chuideachtaí maidir le rochtain a fháil ar phraghsanna, ar dhíolacháin nó ar choinníollacha íocaíochta nuair atá táirgí agus seirbhísí á gceannach acu i dtír eile de chuid an Aontais.

Cuirfear tús leis an gcaibidlíocht idir an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún, a luaithe a shocróidh Parlaimint na hEorpa a seasamh.

Ar an 7 Feabhra 2017, tháinig Uachtaránacht Mhálta ar chomhaontú sealadach le hionadaithe Pharlaimint na hEorpa chun fáil réidh le bacainní ar iniomparthacht trasteorann seirbhísí ábhar ar líne sa mhargadh inmheánach. D’fhormhuinigh ambasadóirí an Aontais Eorpaigh an comhaontú ar an 15 Feabhra. Tar éis don Chomhairle agus don Pharlaimint an rialachán a fhormheas go foirmiúil, beidh feidhm ag na rialacha nua sa chéad seimeastar de 2018 (naoi mí tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh). Leis an gcomhaontú sin, ceadófar do thomhaltóirí a bhfuil seirbhísí ábhair ar líne ceannaithe acu ina dtír baile nó a bhfuil síntiús glactha acu le seirbhísí mar sin sa tír baile rochtain a bheith acu ar an ábhar sin agus seal á chaitheamh acu i dtír eile san Aontas.

Ar an 20 Feabhra 2017, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le cur chuige ginearálta chun an comhar a neartú idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú. Is é cuspóir an togra go ndéanfaí an comhar ar bhealach níos nua-aoisí le go laghdófar tuilleadh an díobháil a dhéantar do thomhaltóirí de bharr sáruithe trasteorann ar dhlí tomhaltais an Aontais.

Anois leis an gcur chuige ginearálta, beidh an Chomhairle in ann tús a chur leis an bplé le Parlaimint na hEorpa de réir ghnáthnós imeachta reachtach an Aontais.