Úsáidimid fianáin chun a áirithiú go mbeidh an taithí brabhsála is fearr agat ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin agus faoin gcaoi ar féidir leat do chuid socruithe ríomhaire a athrú.

6 bhabhta rathúla méadaithe an Aontais Eorpaigh

  • 2013: An Chróit
  • 2007: An Bhulgáir agus an Rómáin
  • 2004: An Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Ungáir
  • 1995: An Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn
  • 1986: An Phortaingéil agus an Spáinn
  • 1981: An Ghréig
  • 1973: An Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe

Is é méadú an próiseas é trína dtagann tíortha isteach san Aontas Eorpach.

Conas a fheidhmíonn méadú an Aontais Eorpaigh?

Aon tír Eorpach a urramaíonn luachanna an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear i gConradh an Aontais Eorpaigh (CAE) agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach iarratas a dhéanamh chun bheith ina chomhalta den Aontas.

Critéir aontachais

Is é an chéad chéim ná go gcomhlíonann an tír na critéir aontachais. Rinneadh na critéir sin a shainiú ag cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí i gCóbanhávan i 1993, na 'Critéir Chóbanhávan' mar a thugtar orthu go minic. 

Leagtar síos sna critéir Chóbanhávan líon coinníollacha daonlathacha, eacnamaíocha agus polaitiúla do na tíortha sin atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas Eorpach: 

  • institiúidí cobhsaí lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, agus cearta an duine, agus lena ráthaítear urraim agus cosaint do mhionlaigh
  • geilleagar margaidh atá feidhmiúil agus an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas
  • an cumas chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a ghlacadh agus a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta

Ní mór don Aontas freisin a bheith in ann comhaltaí nua a lánpháirtiú.

Tairbhí a bhaineann le méadú an Aontais Eorpaigh 

  • méadú rathúnais sna ballstáit go léir: 3 huaire níos mó malartuithe trádála idir sean-bhallstáit agus ballstáit nua, 5 uaire níos mó idir ballstáit nua
    • cobhsaíocht  níos fearr  san Eoraip
    • seasamh níos fearr ag an Aontas Eorpach i ngnóthaí domhanda 

    Thosaigh idirbheartaíocht bhallraíochta

    An tSeirbia - Eanáir 2014
    Montainéagró - Meitheamh 2012
    An Tuirc - Deireadh Fómhair 2005

    Tíortha is iarrthóirí

    An Albáin - Meitheamh 2014
    Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine - Nollaig 2005

    Tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí

    An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
    An Chosaiv

    Straitéis an mhéadaithe

    Leis an gcomhthoil athnuaite maidir le méadú a comhaontaíodh ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag 2006 tugtar treoir fós do bheartas an Aontais Eorpaigh maidir le méadú. Chomhaontaigh ceannairí an Aontais Eorpaigh leanúint go gníomhach le straitéis atá bunaithe ar an méid seo a leanas: 

    • comhdhlúthú ceangaltas AE maidir le hidirbheartaíocht leantach aontachais
    • coinníollacht chothrom agus dhocht ag gach céim idirbheartaíochta le tíortha is iarrthóirí
    • trédhearcacht níos fearr agus cumarsáid níos fearr chun tacaíocht leathan agus leanúnach ón bpobal a áirithiú
    • cumas AE comhaltaí nua a lánpháirtiú

    Na Balcáin Thiar

    Dhearbhaigh an cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003 a tiomantas tacaíocht iomlán a thabhairt do pheirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar.  

    Ag cruinniú de chuid na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag 2006, dhearbhaigh ceannairí go luíonn todhchaí na mBalcán Thiar san Aontas Eorpach.

    Beidh na Balcáin Thiar mar chuid lárnach den Aontas Eorpach nuair a bheidh an méid seo a leanas á chomhlíonadh acu:

    • na critéir aontachais
    • na coinníollacha a leagadh síos sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais

    Sa Chomhairle

    Faoi chumraíocht na Comhairle um Ghnóthaí Ginearálta (CGG) déantar an próiseas méadaithe agus an idirbheartaíocht aontachais don Aontas Eorpach a bhunú agus a mhaoirsiú. Nuair a chuireann tír iarratas isteach chun teacht isteach san Aontas Eorpach, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach a thuairim a thíolacadh maidir leis an iarratas sin.

    Cuireann na cinntí ón CGG tús le nós imeachta measúnaithe teicniúil a shocróidh:

    • an gcomhlíonann an tír na critéir riachtanacha go léir ionas go mbreathnófar uirthi mar iarrthóir oifigiúil ar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh
    • an bhféadfaidh idirbheartaíocht fhoirmiúil ar bhallraíocht a thosú agus a chríochnú go rathúil  
    • an bhféadfaidh an tír is iarrthóir teacht isteach san Aontas Eorpach 

    Tá gá le comhaontú d'aontoil ó na 28 mBallstát maidir le gach cinneadh a dhéanfaidh CGG ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha is iarrthóirí iad 

    Gach Nollaig déanann CGG an próiseas méadaithe a mheas. Bunaítear an plé agus aon chinneadh a d'fhéadfadh a bheith ann ar straitéis mhéadaithe bhliantúil an Choimisiúin agus tuarascáil aonar maidir le dul chun cinn ar gach tír an mhéadaithe. Foilsítear na tuarascálacha sin go traidisiúnta i mí Dheireadh Fómhair.

    Na cinntí is déanaí

    An 16 Nollaig 2014:

    • Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le beartas um méadú AE agus leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais do na Balcáin Thiar agus don Tuirc; léirigh airí AE a thábhachtaí atá sé do náisiúin ar mian leo teacht isteach san Aontas gan luí ar na maidí i ndáil le hathchóirithe riachtanacha eacnamaíocha agus institiúideacha, ach cloí freisin leis an ngealltanas a thug siad luachanna bunúsacha AE, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán, a urramú 
    • Tionóladh an cúigiú cruinniú de chuid na Comhdhála Aontachais le Montainéagró chun 4 chaibidil nua a oscailt don chaibidlíocht