Ar an 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici an tAontas a fhágáil.

Na príomhdhoiciméid a bhaineann leis an gcaibidlíocht faoi Brexit

2017

31 Lúnasa

An tríú babhta idirbheartaíochta

Tosaíodh an tríú babhta idirbheartaíochta an 28 Lúnasa 2017 sa Bhruiséil. Chuir Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, agus David Davis, an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach tús leis an gcaibidlíocht. Le linn an bhabhta seo, leanadh ar aghaidh leis an obair ar na príomh-shaincheisteanna chun críocha tharraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe:

  • maidir le cearta na saoránach, lean idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe dá seasaimh faoi seach a scrúdú agus a chur i gcomparáid lena chéile. Go háirithe, tugadh faoi shaincheisteanna nár tugadh fúthu sna babhtaí roimhe seo, amhail cáilíochtaí gairmiúla agus cearta eacnamaíocha. Tá léiriú ar thoradh an phlé seo i ndoiciméad comparáide nuashonraithe ar comhaontaíodh go comhpháirteach air le linn an bhabhta
  • maidir le ceist an tsocraithe airgeadais, lean an dá thaobh leis an bplé a tosaíodh sna babhtaí roimhe seo, go háirithe trí chomparáid a dhéanamh idir anailísí dlíthiúla faoi seach ar oibleagáidí na Ríochta Aontaithe i leith an Aontais

  • bhí saincheisteanna na hÉireann faoi chaibidil chomh maith le rialachas foriomlán an chomhaontaithe um tharraingt siar

  • phléigh na hidirbheartaithe saincheisteanna eile maidir leis an scaradh freisin (Euratom, earraí atá á gcur ar an margadh, nósanna imeachta an Aontais atá fós ar siúl, comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus choiriúla)

 

20 Iúil

An dara babhta caibidlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Ar an 20 Iúil 2017, chuir Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, agus David Davis, an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach, críoch leis an dara babhta den chaibidlíocht Brexit. Ba é aidhm an bhabhta sin thar cheithre lá, a tharla sa Bhruiséil, na seasaimh faoi seach a chur i láthair.

Tar éis an bhabhta caibidlíochta, foilsíodh nóta inar sainaithníodh na míreanna comhaontaithe agus easaontaithe maidir le saincheist chearta na saoránach.

22 Meitheamh

An Chomhairle Eorpach (Airteagal 50)

Ar an 22 Meitheamh, d’athbhreithnigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50), i bhformáid AE27, an méid is deanaí a tharla sa chaibidlíocht tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt faoi Airteagal 50 CAE.

Ar imeall an chruinnithe seo, d’fhormhuinigh na ceannairí AE27 an nós imeachta le haghaidh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe faoi láthair a athshuí.

20 Meitheamh

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airt. 50)

Chuir an Coimisiún an Chomhairle, i bhformáid AE27, ar an eolas maidir leis an gcéad bhabhta caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe faoi Brexit. Phléigh na hAirí staid na himeartha i ndáil leis na cainteanna faoi Brexit, agus an bealach chun cinn.

Ar imeall an chruinnithe den Chomhairle, phléigh airí AE27an nós imeachta maidir le cinneadh a dhéanamh faoi athlonnú an dá ghníomhaireacht de chuid an Aontais atá lonnaithe anois sa Ríocht Aontaithe.

Meastar go ndéanfaidh ceannairí AE27 an nós imeachta a fhormhuiniú ar imeall na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50) ar an 22 Meitheamh 2017.

Is éard a bheadh i gceist leis an nós imeachta sin:

  • glao ar thairiscintí ó na Ballstáit
  • measúnú ag an gCoimisiún bunaithe ar chritéir oibiachtúla
  • cinneadh críochnaitheach ó na 27 mBallstát trí vótáil i bhfómhar na bliana 2017

19 Meitheamh

Tús na caibidlíochta idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Ar an 19 Meitheamh 2017, chuir Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, agus David Davis, an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach, tús leis an gcéad bhabhta den chaibidlíocht Brexit. Tionóladh an imeacht lae seo sa Bhruiséil.

Cé is moite de struchtúr na caibidlíochta agus saincheisteanna a bheidh ann amach anseo, dhírigh tús na caibidlíochta ar na nithe seo a leanas:

  • saincheisteanna a bhaineann le cearta na saoránach
  • an socrú airgeadais
  • teorainn thuaisceart na hÉireann
  • saincheisteanna eile deighilte

I dteannta ionadaithe ón gCoimisún Eorpach, bhí ionadaithe ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí i láthair chomh maith céanna agus ghlac siad ról tacaíochta sa chaibidlíocht. Cuirfidh idirbheartaí an Aontais tuarascáil faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, na Comhairle agus chomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle ar bhonn córasach.

22 Bealtaine

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50)

Ar an 22 Bealtaine, ghlac an Chomhairle, ag teacht le chéile di i bhformáid AE27, cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe faoi Brexit. Leis an gcinneadh ainmníodh an Coimisiún Eorpach chomh maith mar idirbheartaí thar ceann an Aontais.

Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle treoracha caibidlíochta (sainordú don Choimisiún), atá beartaithe don chéad chéim den chaibidlíocht.

Ghlac sí cinneadh chomh maith lena mbunaítear meitheal ad hoc a thacóidh leis an gComhairle agus le Coreper maidir le saincheisteanna a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

17 Bealtaine

Formhuiníonn ambasadóirí AE27 prionsabail thrédhearcachta

D’fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe (Coreper), ag teacht le chéile dó i bhformáid AE27, treoirphrionsabail maidir le trédhearcacht sa chaibidlíocht faoi Brexit. Mar thoradh ar na prionsabail sin, beifear in ann grinnscrúdú poiblí éifeachtach a dhéanamh ar an gcaibidlíocht atá ar an bacáin, nach bhfacthas a leithéid roimhe seo.

Cuirfear doiciméid chaibidlíochta uile idirbheartaí an Aontais Eorpaigh (an Coimisiún), a chomhroinnfear leis an gComhairle, le Parlaimint na hEorpa nó leis an Ríocht Aontaithe, ar fáil don phobal, faoi réir teorainneacha dhlí an Aontais.

Na doiciméid uile a bhaineann leis an gcaibidlíocht faoi Brexit, beidh feidhm ag na rialacha i ndáil le trédhearcacht agus rochtain ag an bpobal maidir leo.

3 Bealtaine

Molann an Coimisiún Eorpach dréacht-treoracha caibidlíochta

Chuir an Coimisiún moladh, le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gcaibidlíocht faoi Brexit, faoi bhráid na Comhairle (ar leibhéal Coreper). Áirítear dréacht-treoracha caibidlíochta (sainordú mionsonraithe don Choimisiún) ann.

Bunaithe ar an moladh sin, meastar go n-údaróidh an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta ar an 22 Bealtaine 2017 go dtosófar ar an gcaibidlíocht agus meastar go n-ainmneoidh sí an Coimisiún mar idirbheartaí thar ceann an Aontais agus go nglacfaidh sí na treoracha caibidlíochta.

29 Aibreán

Comhairle Eorpach urghnách (Airt. 50)

Ar an 29 Aibreán, tháinig ceannairí AE27 le chéile ag an gcéad chruinniú mullaigh tar éis don Ríocht Aontaithe Airteagal 50 a ghníomhachtú go hoifigiúil. Ghlac siad treoirlínte d’aon toil do na cainteanna faoi Brexit atá ar na bacáin. Leis sin, saineofar an creat don chaibidlíocht agus leagfar amach seasaimh agus prionsabail fhoriomlána an Aontais.

27 Aibreán

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Airt. 50)

Chuir an Chomhairle, i bhformáid AE27, bailchríoch ar na hullmhúcháin do Chomhairle Eorpach Urghnách (Airt. 50) an 29 Aibreán 2017 trí phlé a dhéanamh ar na dréacht-treoirlínte don chaibidlíocht faoi Brexit.

6 Aibreán

Casann an tUachtarán Donald Tusk le Príomh-Aire Theresa May i Londain

Chas Uachtarán na Comhairle Eorpaí le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Theresa May, seachtain tar éis di an fógra oifigiúil faoi Airteagal 50 a thabhairt.

“Ag casadh le Theresa May le bheith cinnte go gcuirfear tús maith le cainteanna Brexit. Chomhaontaíomar beirt fanacht i dteagmháil dhlúth rialta le chéile i gcaitheamh an phróisis seo ar fad”

An tUachtarán Donald Tusk

31 Márta

Cuirtear dréacht-treoirlínte caibidlíochta chuig na ceannairí

Eisíodh dréacht-treoirlínte ar an 31 Márta 2017. Leag an tUachtarán Tusk príomhghnéithe an mholta amach ag an seisiún faisnéise do na meáin a tionóladh i Málta an lá sin.

“Ní mian leis na 27 mBallstát pionós a chur ar dhuine ar bith. Pionós ann féin is ea Brexit. Tar éis breis is daichead bliain a chaitheamh gualainn ar ghualainn, ba cheart dúinn an uile ní a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh an colscaradh seo chomh socair agus is féidir.”

An tUachtarán Donald Tusk 

Beidh cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (Airteagal 50), i bhformáid AE 27, ar an 29 Aibreán 2017, chun go gcomhaontófar téacs deiridh na dtreoirlínte.

29 Márta

Gníomhachtaíonn an Ríocht Aontaithe Airteagal 50 go foirmiúil leis an Aontas a fhágáil

Ar an 29 Márta 2017 thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici an tAontas a fhágáil.

Ghlac an Chomhairle Eorpach ráiteas maidir leis an bhfógra ón Ríocht Aontaithe.

Is oth linn go bhfuil an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach a fhágáil ach táimid faoi réir don phróiseas atá le leanúint anois againn. Sa chaibidlíocht sin, gníomhóidh an tAontas mar aon agus cosnóidh sé leasanna an Aontais. Is é an chloch is mó a bheidh ar ár bpaidrín againn an éiginnteacht a chothaigh cinneadh na Ríochta Aontaithe, do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit, a laghdú oiread agus is féidir.

An Chomhairle Eorpach, 29 Márta 2017

21 Márta

Déanann an tUachtarán Tusk Comhairle Eorpach a ghairm don 29 Aibreán 2017.

Glacfaidh an Chomhairle Eorpach speisialta, i bhformáid AE27, na treoirlínte do na cainteanna faoi Brexit. “Caithfimid gach is féidir a dhéanamh le go laghdófar an trioblóid a chuirfidh próiseas an cholscartha ar an Aontas,” a dúirt Tusk.

Rinne an tUachtarán Tusk an Chomhairle a ghairm tar éis do mhuintir Londan a chur in iúl go raibh rún acu Airteagal 50 a ghníomhachtú ar an 29 Márta 2017.

2016

15 Nollaig

Nós imeachta idirbheartaíochta

Grafaic faisnéise - Próiseas Brexit

Grafaic faisnéise faoi phróiseas Brexit

Ag an gcruinniú neamhfhorimiúil a bhí acu i mí na Nollag 2016, d’eisigh na 27 gceannaire agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin an ráiteas, inar dhearbhaigh siad go bhfuil siad réidh le tús a chur le caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe a luaithe a bheidh fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 50.

Tháinig siad ar chomhaontú freisin maidir leis an nós imeachta seo a leanas le haghaidh na gcainteanna faoi Brexit atá ar na bacáin:

  1. Gníomhachtaíonn UK Airteagal 50 trí fhógra a thabhairt don Chomhairle Eorpach go bhfuil sé ar intinn aici fágáil.
  2. Glacann na 27 gceannaire de chuid an Aontais ‘treoirlínte’, lena n-áirítear prionsabail agus seasaimh ghinearálta, le haghaidh caibidlíochta. Tabharfaidh siad na treoirlínte sin cothrom le dáta le linn na caibidlíochta, de réir mar is gá.
  3. Tar éis moladh a fháil ón gCoimisiún, údaraíonn an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta tús a chur leis an gcaibidlíocht.
  4. Glacann an Chomhairle treoracha caibidlíochta maidir le substaint agus maidir leis na mionsocruithe institiúideacha. Is féidir iad sin a leasú agus a fhorlíonadh le linn na caibidlíochta.
  5. Is é an Coimisiún, agus é ceaptha ag an gComhairle mar idirbheartaí an Aontais, a rachaidh i mbun caibidlíochta thar ceann na 27. D’ainmnigh an Coimisiún Michel Barnier mar phríomhidirbheartaí. Tuairisceoidh sé do na ceannairí agus don Chomhairle le linn na caibidlíochta agus coimeádfaidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas “go dlúth agus go rialta”.
  6. Áiritheoidh an Chomhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin go seolfar an chaibidlíocht i gcomhréir le treoirlínte a sholáthróidh 27 an Aontais. Tabharfaidh sí treoir don Choimisiún.

“Ghlacamar an struchtúr eagrúcháin – is í an Chomhairle Eorpach a dhéanfaidh rialú polaitiúil ar an bpróiseas, agus is é an Coimisiún a bheidh ina idirbheartaí ag an Aontas”, a dúirt an tUachtarán Tusk tar éis an chruinnithe.

29 Samhain

Freagraíonn Tusk Teachtaí Parlaiminte ón Ríocht Aontaithe faoi stádas saoránach de chuid an Aontais agus na Ríocht Aontaithe

Thug an tUachtarán Tusk freagra do Theachtaí Parlaiminte ón Ríocht Aontaithe faoi stádas saoránach an Aontais atá ag cur fúthu sa Ríocht Aontaithe agus saoránach na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí san Eoraip.

“I bhur litir d’iarr sibh orm ‘an cheist seo a réiteach go feasta agus go deo” ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag. D’fhágfadh sé sin áfach go mbeifí ag cur tús leis an gcaibidlíocht i mí na Nollag. Tá an tAontas réidh leis sin a dhéanamh, ach ní féidir ach amháin má táthar tar éis Airteagal 50 a ghníomhachtú. (...) is cinneadh é Airteagal 50 a ghníomhachtú a bhaineann go huile agus hiomlán leis an Ríocht Aontaithe, agus caithfimid é sin a urramú."

"Aontaím libh, níl mé ag iarraidh go mbeadh saoránaigh dár gcuid á n-úsáid mar mhíreanna margáintíochta sa phróiseas caibidlíochta. Chun é sin a sheachaint, beidh gá le réitigh chruinne chuimsitheacha, lena bhféadfar ráthaíochtaí láidre deimhneachta a chur ar fáil, seachas díreach focail dheasa."

13 Deireadh Fómhair

‘Brexit crua’ nó "Brexit ar bith", a deir Tusk

Seachas "Brexit crua", níl aon rogha eile ann seachas "Brexit ar bith" Fiú más beag duine a chreideann ina leithéid anois”, a dúirt Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí san óráid a thug sé ag Ionad Beartais na hEorpa sa Bhruiséil.

Dúirt sé gur príomhchúram le linn na caibidlíochta faoi tharraingt siar é leas an Aontais Eorpaigh agus leas gach ceann de na 27 dtír a chosaint. Chuir sé in iúl go láidir freisin go bhfuil rochtain ar mhargadh aonair na hEorpa ag brath ar cheithre shaoirse an Aontais a ghlacadh, mar atá: daoine, earraí, caipitil agus seirbhísí.

2 Deireadh Fómhair

Cuirfidh an Ríocht Aontaithe tús leis bpróiseas caibidlíochta foirmiúil maidir le tarraingt siar faoi dheireadh mhí Mhárta 2017, a dúirt Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, ar an 2 Deireadh Fómhair 2016 ag an gcomhdháil in Birmingham.

D’fháiltigh an tUachtarán Donald Tusk roimh an dearbhú láithreach. “Tá soiléireacht againn maidir le tús na gcainteanna faoi Brexit. Nuair a ghníomhachtófar Airteagal 50, rachaidh AE27 i mbun oibre lena leasanna a chosaint,” a tvuíteáil sé.

8 Meán Fómhair

Thaistil Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, go Londain chun tuairimí a mhalartú le Príomh-Aire na Breataine, Theresa May.

“D’áitigh mé ar an bPríomh-Aire May go bhfuilim suite de gurbh fhearrde gach uile dhuine é dá gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht go luath, chun an neamhchinnteacht a laghdú agus deireadh a chur léi de réir a chéile,” a dúirt sé tar éis an chruinnithe.

29 Meitheamh

Cruinniú neamhfhoirmiúil 27 gCeann Stáit nó Rialtais

“Tá rún daingean againn seasamh le chéile agus oibriú laistigh de chreat an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois agus teacht ar réitigh a thairbheoidh dár náisiúin agus dár ndaoine uile,” arsa na 27 gceannaire sa ráiteas comhpháirteach a rinne siad tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil an 29 Meitheamh. D’iarr siad freisin ar rialtas na Ríochta Aontaithe fógra a thabhairt don Chomhairle Eorpach, a luaithe is féidir, faoin intinn atá aige tarraingt siar ón Aontas.

Tiocfaidh na 27 gceannaire le chéile arís i mí Mheán Fómhair 2016 chun leanúint leis an bplé faoi thodhchaí an Aontais.

28 Meitheamh

An Chomhairle Eorpach, 28 Meitheamh 2016

Dhírigh an Chomhairle Eorpach ar thoradh reifreann na Ríochta Aontaithe. Rinne an Príomh-Aire David Cameron cur síos ar chúrsaí sa Ríocht Aontaithe tar éis an reifrinn. Bhí an chéad mhalartú tuairimí ina dhiaidh sin ann.

“Tuigeann na ceannairí go mbeidh sé scaitheamh sula socróidh cúrsaí sa Ríocht Aontaithe. Ach tá siad ag súil freisin go sonróidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a bhfuil ar intinn aige a dhéanamh, a luaithe is féidir,” a dúirt an tUachtarán Tusk ag an bpreasagallamh tar éis an chruinnithe.

24 Meitheamh

Preasráiteas ón Uachtarán Donald Tusk maidir le toradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe

“Táimid lánullamh don chasadh diúltach seo. Ní bheidh aon fholús dlíthiúil ann”, a dúirt an tUachtarán Donald Tusk i ndiaidh thorthaí oifigiúla an reifrinn sa Ríocht Aontaithe.

24 Meitheamh

Ráiteas comhpháirteach ó na ceannairí AE agus ó Uachtaránacht na hÍsiltíre maidir le toradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe

"Trí phróiseas a bhí saorthoiliúil daonlathach, tá léirithe ag pobal na Ríochta Aontaithe gur mian leo an tAontas Eorpach a fhágáil. Is oth linn an cinneadh sin, ach géillimid dó," arsa an tUachtarán Tusk, an tUachtarán Juncker, Príomh-Aire Rutte na hÍsiltíre sa ráiteas comhpháirteach a rinne siad.

"Amhail a comhaontaíodh, ní thiocfaidh an 'Socrú Nua don Ríocht Aontaithe Laistigh den Aontas Eorpach', socrú a rinneadh ag Comhairle Eorpach an 18-19 Feabhra 2016, i bhfeidhm agus ní ann dó níos mó. Ní dhéanfar aon athchaibidlíocht," a dúirt siad.

23 Meitheamh

Reifreann na Ríochta Aontaithe

Ar an 23 Meitheamh 2016, vótáil saoránaigh na Ríochta Aontaithe i bhfabhar an tAontas Eorpach a fhágáil. Tharla an vóta tar éis dianchaibidlíocht maidir le margadh lena neartófaí stádas speisialta na Breataine san Aontas Eorpach.