Ní feiniméan nua í an sceimhlitheoireacht san Eoraip. Is bagairt í dár slándáil, do na luachanna atá ag gach sochaí dhaonlathach agus do chearta agus do shaoirse shaoránaigh na hEorpa. Idir 2009-2013 rinneadh 1010 n-ionsaí ar fad i mBallstáit an Aontais; theip ar chuid acu, sáraíodh cuid eile acu agus d'éirigh le roinnt acu. Maraíodh 38 nduine ar fad. Fairis sin, rinne grúpaí sceimhlitheoireachta ar fud an domhain roinnt saoránach de chuid na hEorpa a fhuadach nó a chur chun báis. Feiniméan sin na dtrodairí ón Eoraip a thaistealaíonn chuig áiteanna éagsúla leis an jiohád a chomhrac, agus an bhagairt slándála a bhainfeadh leo laistigh den Aontas ar a bhfilleadh abhaile dóibh, is dócha nach rachaidh aon mheathlú uirthi sna blianta amach romhainn.

Toisc go ndéantar spior spear de theorainneacha leis na bagairtí sin, ní mór aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Straitéis an Aontais

Tá mar aidhm le straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar bhonn domhanda, agus cearta an duine á n-urramú, agus an Eoraip a chur ar bhonn níos sábháilte ionas go bhféadfaidh na saoránaigh maireachtáil mar a bhfuil saoirse, slándáil agus an ceartas i réim.

Tá rún daingean ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh an sceimhlitheoireacht a chomhrac le chéile agus an chosaint is fearr dá bhfuil ann a chur ar fáil dá saoránaigh. Chun na críche sin, ghlac an Chomhairle straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh in 2005. 

Díríonn an tstraitéis sin ar cheithre phríomhcholún: cosc, cosaint, tóir agus freagairt. Aithnítear go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhar ann le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta chun na cuspóirí a bhaint amach.

Coisc

Is é ceann de thosaíochtaí an Aontais i réimse na frithsceimhlitheoireachta na nithe is bunsiocair leis an radacú a shainaithint agus a chomhrac mar aon leis na próisis lena n-earcaítear daoine aonair chun sceimhle a dhéanamh. Chun na críche sin, ghlac an Chomhairle straitéis an Aontais maidir leis an radacú agus an earcaíocht don sceimhlitheoireacht a chomhrac. Ráite na nuathreochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail feiniméan an ghníomhaí aonair agus na dtrodairí eachtracha nó an cumas méadaitheach atá ag na meáin shóisialta chun slógadh agus cumarsáid a chur i gcrích, ghlac an Chomhairle athbhreithniú ar an straitéis sin i Meitheamh 2014.

I mí na Nollag 2014, ghlac na hAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile sraith treoirlínte do straitéis athbhreithnithe an Aontais maidir leis an radacú agus an earcaíocht. Sna treoirlínte sin, leagtar amach sraith beart a bheidh le cur chun feidhme ag an Aontas agus ag na Ballstáit.

Cosain

Is é an dara tosaíocht atá le straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais na saoránaigh agus an bonneagar a chosaint agus a oscailte atá siad ó thaobh ionsaithe a laghdú. Áirítear leis sin na teorainneacha seachtracha a chosaint, slándáil an iompair a fheabhsú, spriocanna straitéiseacha a chosaint agus a leochailí atá an bonneagar criticiúil a laghdú. Sa réimse sin, tá an tAontas i mbun reachtaíochta faoi láthair lena ndéanfar úsáid sonraí Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a rialáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí.

Tóraigh

Tá an tAontas i mbun gnímh chun cumas pleanála agus eagraithe na sceimhlitheoirí a chur ó mhaith, agus chun na sceimhlitheoirí féin a thabhairt os comhair na cúirte. D'fhonn an méid sin a bhaint amach, tá dírithe ag an Aontas ar neartú na gcumas náisiúnta, ar fheabhas a chur ar an gcomhar praiticiúil agus ar chomhroinnt na faisnéise idir na póilíní agus na húdaráis bhreithiúnacha (go háirithe trí Europol agus Eurojust), ar bhac a chur ar mhaoiniú na sceimhlitheoirí agus ar theacht eatarthu sin agus na meáin a chuireann ar a gcumas ionsaithe agus cumarsáid a dhéanamh.

I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint rialacha nua chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.

Freagair

Is é an ceathrú cuspóir atá le straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais ullmhú, de mheon dlúthpháirtíochta, chun iarmhairtí ionsaithe sceimhlitheoireachta a bhainistiú agus a íoslaghdú. Déanfar amhlaidh trí fheabhas a chur ar na cumais chun déileáil lena dtagann i ndiaidh an ghnímh, ar chomhardú na freagartha agus ar riachtanais na n-íospartach. Áirítear ar thosaíochtaí an réimse seo socruithe an Aontais maidir le comhordú géarchéime a fhorbairt, an sásra um chosaint shibhialta a athbhreithniú, an measúnú riosca a fhorbairt nó dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le cabhrú le híospartaigh na sceimhlitheoireachta.

Áiríodh an méid seo a leanas sna tosaíochtaí a bhí ann le roinnt blianta anuas:

  • na socruithe a shainmhíniú maidir le clásal na dlúthpháirtíochta a bheith á chur chun feidhme ag an Aontas, trí chinneadh a ghlac an Chomhairle i mí an Mheithimh 2014
  • an t-athbhreithniú ar shocruithe comhordúcháin an Aontais i gcás géarchéime agus éigeandála, ar gabhadh a ionad le socruithe an Aontais i leith Freagartha Comhtháite do Ghéarchéim Pholaitiúil (IPCR) i mí an Mheithimh 2013
  • an t-athbhreithniú ar reachtaíocht cosanta sibhialta an Aontais ag deireadh 2013

Rannpháirtíocht le comhpháirtithe idirnáisiúnta

Tá dlúthnasc idir slándáil an Aontais Eorpaigh agus imeachtaí i dtíortha eile, go háirithe sna stáit chomharsanacha, agus dá bhrí sin is gá gur ar scála domhanda a bheidh straitéis frithsceimhlitheoireachta an Aontais.

 Sna treoirlínte straitéiseacha le haghaidh ceartais agus gnóthaí baile, a glacadh i mí an Mheithimh 2014, d’iarr an Chomhairle Eorpach go mbeadh beartas éifeachtach frithsceimhlitheoireachta ann, lena gcomhtháthófaí na gnéithe inmheánacha agus seachtracha. An 12 Feabhra 2015, chuir Ceannairí Stáit agus Rialtais an Aontais i bhfáth a thábhachtaí a bhí sé don Aontas rannpháirtíocht níos mó a bheith aige le tríú tíortha maidir le saincheisteanna slándála agus frithsceimlitheoireacht.

Sa chaidreamh idir an tAontas agus tríú tíortha, bíonn an clár oibre frithsceimhlitheoireachta i láthair ar a lán bealaí, trí idirphlé polaitiúil ardleibhéil, trí chlásail agus trí chomhaontuithe comhair a ghlacadh, nó trí thionscadail shonracha cúnaimh agus fothaithe acmhainní do thíortha straitéiseacha. Maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, bíonn comhar ag an Aontas le tíortha sna Balcáin Thiar, sa tSaiheil, san Afraic Thuaidh, sa Mheánoirthear, i gCorn na hAfraice agus i Meiriceá Thuaidh, agus san Áise chomh maith.

Is cuid bhunúsach de straitéis an Aontais é an comhar leis na Stáit Aontaithe. Le blianta beaga anuas, táthar tar éis comhaontuithe comhair a bhunú i réimsí cosúil le maoiniú na sceimhlitheoirí, iompar agus teorainneacha, cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus eiseachadadh. Tá comhoibriú níos dlúithe á dhéanamh i gcónaí ag údaráis SAM le Europol agus Eurojust.

Is cuid thábhachtach eile den ghné sheachtrach den chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta oibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile chun comhdhearcadh idirnáisiúnta a chruthú agus d’fhonn caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Oibríonn an tAontas Eorpach le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear na Náisiúin Aontaithe agus an Fóram Frithsceimhlitheoireachta Domhanda, agus le heagraíochtaí réigiúnacha, amhail Comhairle na hEorpa, ESCE, Léig na nArabach nó an Eagraíocht um Chomhar Ioslamach.

Mar chuid dá chomhar leis na Náisiúin Aontaithe, agus tar éis roinnt Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ghlac an tAontas bearta áirithe sriantacha i gcoinne daoine nó eintiteas a bhfuil baint acu le líonra al-Qaeda.