Cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn

Sa bhliain 2000, rinne Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a fhógairt. Sa doiciméad sin, leagadh amach na cearta agus na saoirsí bunúsacha dá dtugtar aitheantas san Aontas Eorpach.

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009, tá na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a shonraítear sa Chairt ceangailteach, ó thaobh dlí, ar an Aontas agus ar na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Iarrtar sa Chonradh freisin go n-aontóidh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.

Le Conradh Liospóin, leagtar síos an oibleagáid seo a leanas:

  • cearta bunúsacha a urramú laistigh den Aontas Eorpach
  • cearta an duine a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais

Cinntíonn an Chomhairle go gcuirtear cearta bunúsacha san áireamh agus reachtaíocht agus gníomhaíocht an Aontais á bhforbairt. Oibríonn sí ar chearta an duine a chur chun cinn freisin sa chaidreamh le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta agus sa chaibidlíocht a dhéantar maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta chomh maith céanna.

Cearta an duine laistigh den Aontas

Is saincheist chothrománach í cosaint chearta bunúsacha, agus bíonn éifeacht aici ar gach réimse gníomhaíochta den Aontas. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh gach comhlacht de chuid na Comhairle iad a chur san áireamh san obair a dhéanann siad, beag beann ar a leibhéal nó ar na hábhair a mbíonn siad ag plé leo.

Ina theannta sin, tá comhlacht speisialaithe ann, an Mheitheal um Chearta Bunúsacha, um Chearta na Saoránach agus um Shaorghluaiseacht Daoine (FREMP), lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna go léir a bhaineann go díreach le cearta bunúsacha.

I measc príomhréimsí gníomhaíochta na Comhairle maidir le cearta bunúsacha, tá an méid seo a leanas:

  • an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme
  • aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme

Athchóiriú ar chosaint sonraí

Is ceart bunúsach faoi dhlí an Aontais é sonraí pearsanta a chosaint. In Aibreán 2016, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa pacáiste reachtach maidir le cosaint sonraí pearsanta a athchóiriú agus a nuachóiriú.

I gcás inar gá, glacann an tAontas reachtaíocht chun a áirithiú go gcosnófar na cearta a shainítear sa Chairt. Áirítear leo sin saincheisteanna amhail an ceart chun triail chóir a fháil agus cosaint ar shonraí pearsanta.

Sa bhreis air sin, ghlac an Chomhairle conclúidí in 2011 ina sainítear an ról atá aici maidir lena áirithiú go gcuirfear Cairt an Aontais Eorpaigh chun feidhme go héifeachtach. Sna conclúidí sin, sainítear gur gá don Aontas gníomhú i réimsí éagsúla, lena n-áirítear maidir le trí phríomhphointe.

1. An tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm na Cairte

Tíolacann an Coimisiún tuarascáil bhliantúil gach earrach maidir le cur i bhfeidhm na Cairte. Leis an tuarascáil sin, tugtar deis don Chomhairle díospóireacht bhliantúil dá cuid féin a chur ar bun maidir leis an gCairt. Tar éis tuairimí a chéile a phlé, glacann an Chomhairle conclúidí maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún. In 2016, díríodh sna conclúidí sin ar roinnt mhaith saincheisteanna, lena n-áirítear feasacht agus comhlíonadh, ciníochas agus seineafóibe agus comhleanúnachas idir beartais inmheánacha agus sheachtracha.

2. Comhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha

Déanann an Chomhairle dlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Áirítear an méid seo a leanas ann:

  • bunús dlí agus creat ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh
  • a áirithiú go ndéantar obair leantach tar éis thuarascáil bhliantúil na gníomhaireachta agus tar éis staidéar agus tuarascálacha eile atá ábhartha i leith obair na Comhairle

In 2016, rinneadh an obair leantach ar an tuarascáil bhliantúil sin a áireamh mar chuid de na conclúidí ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm na Cairte in 2015.

3. Cearta bunúsacha sa nós imeachta reachtach

Ní mór do gach comhlacht ullmhúcháin sa Chomhairle a áirithiú go n-urramófar na cearta bunúsacha sna téacsanna a bhíonn á bplé acu. Chun gur fusa a bheidh sé an méid sin a dhéanamh, chuir an Mheitheal um Chearta Bunúsacha, um Chearta na Saoránach agus um Shaorghluaiseacht Daoine (FREMP), in éineacht le seirbhís dlí na Comhairle, sraith treoirlínte i dtoll a chéile maidir le comhoiriúnacht le cearta bunúsacha a sheiceáil. 2014 an uair dheireanach a tugadh na treoirlínte sin cothrom le dáta.

Aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine

Rinne na 47 mBallstát de chuid Chomhairle na hEorpa an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a glacadh in 1950, a dhaingniú. Tá gach ceann de 28 mBallstát an Aontais ina bpáirtithe sa choinbhinsiún.

Chun a áirithiú go bhfuil an tAontas agus dlí an Aontais faoi réir na gcaighdeán céanna agus atá sna Ballstáit, cuirtear mar oibleagáid ar an Aontas Eorpach, le Conradh Liospóin, aontú don Choinbhinsiún. Leis an aontachas sin, thabharfaí chun críche an chosaint ar chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais agus neartófaí luachanna bunúsacha. Chuirfí feabhas leis, freisin, ar a éifeachtaí atá dlí an Aontais, agus chuirfí feabhas ar chomhsheasmhacht chosaint na gceart bunúsach san Eoraip.

Thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais tuairim dhiúltach uaithi ar an 18 Nollaig 2014 maidir le comhoiriúnacht an dréacht-chomhaontaithe le Conarthaí an Aontais. Tá réiteach nua á phlé lena bhféadfar an oibleagáid aontachais atá sa Chonradh a chomhlíonadh lena gcuirtear san áireamh na gnéithe go léir a luaigh an Chúirt sa tuairim uaithi.

Cearta an duine lasmuigh den Aontas

Is cuid dhílis den chaidreamh iomlán atá ag an Aontas le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta í an urraim do chearta an duine. Mar shampla, ní mór do gach conradh agus do gach comhaontú atá sínithe ag an Aontas a bheith i gcomhréir le cearta an duine mar a shainítear iad le Cairt an Aontais. Ciallaíonn sé sin gur gá do gach comhlacht sa Chomhairle a bhíonn ag déileáil le gnóthaí eachtracha, cearta an duine a ionchorprú ina gcuid oibre.

Ina theannta sin, tá cur chun cinn chearta an duine ina thosaíocht ann féin. Is é an plean gníomhaíochta maidir le cearta an duine agus an daonlathas, a glacadh i mí Iúil 2015, an bhuntreoir d'obair an Aontais sa réimse seo don tréimhse 2015-2019.

Ag an gComhairle, díríonn comhlacht speisialaithe, an Mheitheal um Chearta an Duine (COHOM), ar ghnóthaí idirnáisiúnta a bhaineann go díreach le cearta an duine.

I measc phríomhghnéithe obair na Comhairle maidir le cearta bunúsacha, áirítear an méid seo a leanas:

  • tosaíochtaí an Aontais a leagan síos ag Fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe do chearta an duine
  • treoirlínte téamacha a ghlacadh chun tacú le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais
  • tús a chur le hidirphlé le tíortha nach bhfuil san Aontas maidir le cearta an duine
  • tuarascáil bhliantúil a ghlacadh maidir le cearta an duine agus an daonlathas

Tosaíochtaí de chuid an Aontais a leagan síos ag Fóraim de chuid na Náisiún Aontaithe

Chomh maith leis sin, tagann an Chomhairle ar chomhaontú maidir le tosaíochtaí an Aontais ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe.

Ar an 18 Iúil 2016, ghlac an Chomhairle tosaíochtaí an Aontais don 71ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear pointí éagsúla maidir le cearta an duine.

Tá an Chomhairle i gceannas ar na tosaíochtaí straitéiseacha don Aontas Eorpach a shainiú ag fóraim na Náisiún Aontaithe do chearta an duine. Chuige sin, glacann sí conclúidí uair sa bhliain lena leagtar amach na príomhthreonna gníomhaíochta don Aontas sna míonna atá romhainn. Is iad seo a leanas cuid de na pointí a sainaithníodh do 2017:

  • timpeallacht shábháilte chumasúcháin a chur chun cinn maidir le cearta an duine, ENRanna agus cosantóirí chearta an duine
  • a áirithiú go dtugtar aird iomlán ar anchás chearta an duine agus ar an anchás daonnúil sa tSiria
  • aird a tharraingt ar na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a bhaineann leis an gcoinbhleacht san Úcráin
  • labhairt go neamhbhalbh i gcoinne básuithe agus ar son pionós an bháis a chealú
  • seasamh go tréan ar son toirmeasc iomlán ar an gcéastóireacht i ngach uile imthoisc
  • na sáruithe ar chearta an duine atá á ndéanamh ag grúpaí sceimhlitheoireachta in aghaidh na mban agus in aghaidh leanaí, lena n-áirítear ag Da’esh agus ag Boko Haram, a cháineadh
  • saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn mar aon le prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe
  • cearta iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe, imircigh agus an uile dhuine atá díláithrithe a chosaint

Treoirlínte téamacha a ghlacadh

Déanann an Chomhairle treoirlínte téamacha a chur i dtoll a chéile agus a ghlacadh freisin. Leis na treoirlínte sin, tacaítear le gníomhaíocht sheachtrach de chuid an Aontais agus tugtar faisnéis phraiticiúil d'oifigigh an Aontais maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cearta sonracha a chur chun cinn.

Tús a chur le hidirphlé i leith chearta an duine

Is minic a chuireann an tAontas Eorpach, tríd an tSeirbhís Gníomhaíochta Seachtraí atá aige, idirphlé ar bun le tíortha nach bhfuil san Aontas maidir le cearta an duine. Cuirtear gach idirphlé ar bun i gcomhréir le treoirlínte an Aontais maidir le hidirphlé i dtaobh chearta an duine, a ghlac an Chomhairle in 2001 agus a tugadh cothrom le dáta an uair dheireanach in 2008.

De réir na dtreoirlínte sin, sula ndéanfar aon chinneadh chun idirphlé a thionscnamh, ní mór measúnú a dhéanamh ar dtús ar an staid sa tír lena mbaineann maidir le cearta an duine. Is í an Mheitheal um Chearta an Duine a dhéanann an measúnú sin, i gcomhar le meithleacha ábhartha eile.

Tar éis na cuspóirí atá le baint amach a shainmhíniú agus sraith cainteanna tosaigh leis an tír, déanann an Chomhairle, trí chonclúidí a ghlacadh, cinneadh críochnaitheach maidir le tús a chur leis an idirphlé.

Tuairisciú: cearta an duine agus an daonlathas

Obair uile an Aontais agus an méid atá bainte amach aige maidir le cearta an duine a chur chun cinn trína ghníomhaíocht sheachtrach, cuirtear síos orthu sa tuarascáil maidir le cearta an duine agus an daonlathas, a ghlacann an Chomhairle uair sa bhliain. Ar an 20 Meitheamh 2016, ghlac an Chomhairle an chuid théamach de thuarascáil bhliantúil an Aontais don bhliain 2015. Ar an 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle an chuid sin maidir le saincheisteanna tíre agus réigiúnacha den tuarascáil don bhliain 2015.