Na príomhchuspóirí:

  • EUR 315 billiún d’infheistíocht bhreise a spreagadh go dtí 2018
  • a chinntiú go mbeidh an infheistíocht ag teacht le riachtanais an fhíorgheilleagair
  • feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta

Leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip, táthar ag féachaint le EUR 315 billiún ar a laghad d’infheistíocht bhreise a spreagadh, idir phríobháideach agus phoiblí go dtí 2018. Seo a leanas na cuspóirí:

  • dlús a chur leis an infheistíocht
  • an t-iomaíochas a mhéadú
  • tacú leis an bhfás eacnamaíoch fadtéarmach san Aontas Eorpach

Ba é an Coimisiún Eorpach a mhol an plean i mí na Samhna 2014, tar éis don Chomhairle Eorpach a iarraidh i mí an Mheithimh 2014 go dtabharfaí aghaidh ar an ngannchuid infheistíochta san Aontas chun dlús a chur faoin bhfás agus faoin bhfostaíocht.

An Plean Infheistíochta don Eoraip: trí phríomhcholún

Tá trí phríomhthosaíocht sa Phlean Infheistíochta don Eoraip:

  • iste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha
  • a chinntiú go sroicheann an t-airgead ón infheistíocht an fíorgheilleagar
  • feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta

1. An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha

Bunaíodh an ciste mar chuntas bainistithe laistigh den Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) in 2015. Úsáideann sé cistí poiblí chun infheistíocht phríobháideach bhreise a spreagadh agus tugann sé cosaint chreidmheasa don mhaoiniú a thiocfaidh ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón gCiste Eorpach Infheistíochta.

Is ceann d'fheidhmeanna an chiste é cuid den riosca atá á iompar faoi láthair ag an mBanc Eorpach Infheistíochta a ghlacadh agus, dá bhrí sin, beidh an Banc in ann infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a mbaineann riosca níos airde leo . Le rannpháirtíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, ceaptar go meallfar infheistíocht phríobháideach chuig tionscadail den sórt sin freisin.

Díríonn an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ar an infheistíocht i réimse leathan d'earnálacha, ina measc: an bonneagar, fuinneamh, taighde agus nuáil, an leathanbhanda agus an t-oideachas. Tá an ciste réidh freisin le tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide (den chuid is mó tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta).

Is éard atá sa Chiste faoi láthair ráthaíocht EUR 16 billiún ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh agus EUR 5 billiún ón mBanc Eorpach Infheistíochta.

Meastar go mbeidh an ciste - an EUR 21 billiún sin - in ann éifeacht fhoriomlán iolraitheora de 1:15 a bhaint amach agus dá bhrí sin, go gcruthófar suas le EUR 315 billiún d'infheistíocht iomlán. Ciallaíonn sé sin go meastar go gcruthófar, le gach euro den airgead poiblí, EUR 12 ó infheisteoirí príobháideacha agus EUR 3 ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Beidh éifeacht chruinn iolraitheora gach tionscadail difriúil le haghaidh an tionscadail é féin, ar ndóigh.

Togra nua maidir le CEIS

I mí na Nollag 2016, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le togra nua le haghaidh rialachán lena gcuirtear síneadh le téarma an chiste go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar isteach roinnt feabhsuithe teicniúla ar an gciste agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht.

Chomh maith leis an síneadh le téarma an chiste, sna príomhathruithe ar CEIS a chomhaontaigh an Chomhairle, áirítear:

  • an sprioc infheistíochta a mhéadú suas go EUR 500 billiún
  • méadú a chur ar ráthaíocht bhuiséadach an Aontais suas go EUR 26 billiún (a mbeidh EUR 16 billiún de ar fáil le haghaidh glaonna ráthaíochta go dtí lár 2018)
  • méadú a chur ar ranníocaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta suas go EUR 7.5 billiún (ó EUR 5 billiún faoi láthair)

Ina theannta sin, is é is aidhm leis na feabhsuithe seo a áirithiú go gcumhdófar an líon is mó thíortha AE is féidir, go maoineofar réimse níos leithne earnálacha ná roimhe seo, amhail talmhaíocht, foraoiseacht, iascach agus codanna eile den bhithgheilleagar chomh maith le gníomhaíocht a bhaineann leis an aeráid.

Chumhdófaí freisin earnálacha atá incháilithe do thacaíocht BEI sna réigiúin bheagfhorbartha trasdula. Áirítear freisin sna feabhsuithe forálacha maidir leis an trédhearcacht.

Cuirfidh an Chomhairle tús leis an bplé le Parlaimint na hEorpa maidir leis an leagan deireanach den dréachtrialachán nuair a aontaíonn an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta.

2. A chinntiú go sroicheann an t-airgead ón infheistíocht an fíorgheilleagar

Bunaíodh an tairseach Eorpach de thionscadail infheistíochta agus mol comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht chun cabhrú leis an airgead ón infheistíocht dul chuig an bhfíorgheilleagar.

Cuireann an mol cúnamh teicniúil agus tacaíocht ar fáil. Cuirtear cláir reatha chúnaimh theicniúil an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ar fáil ann agus cuirtear seirbhísí breise comhairleacha ar fáil do chásanna nach gcumhdaítear leis na cláir sin.

Cuideoidh an tairseach de thionscadail le hinfheisteoirí a d’fhéadfadh a bheith ann teacht ar fhaisnéis faoi gach tionscadal agus faoi dheiseanna infheistíochta.

I mí na Nollag 2016, chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir le togra i ndáil le feabhsuithe teicniúla a thabhairt isteach ar an mol comhairleach Eorpach maidir le hinfheistíocht.

Is é is aidhm don togra go mbeadh sé níos éasca ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht seirbhísí cúnaimh theicniúil níos spriocdhírithe a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil ar fud an Aontais. Is é is aidhm dó freisin go mbeadh sé níos éasca maoiniú CEIS a chumasc le tacaíocht arna gcur ar fáil ag foinsí eile maoinithe an Aontais, lena n-áirítear Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Aontas na margaí caipitil

Dírítear le tionscnamh aontas na margaí caipitil ar na margaí caipitil i mBallstáit an Aontais a chomhtháthú tuilleadh

3. Feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta

Féachfar le dlús a chur faoin infheistíocht trí fheabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus tríd an rochtain ar mhaoiniú a éascú, go háirithe do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide.

Is é an cuspóir foriomlán atá ann deireadh a chur le bacainní ar an infheistíocht agus rialáil níos simplí, níos fearr agus níos intuartha a chruthú san Aontas Eorpach, go háirithe in earnálacha an bhonneagair, áit a dtógann na hinfheistíochtaí achar fada blianta.

Chun feabhas a chur ar na dálaí maoinithe san Aontas, táthar le haontas margaí caipitil a chruthú lena bhféachfar le hilroinnt na margaí airgeadais a laghdú agus soláthar caipitil chuig gnólachtaí agus tionscadail infheistíochta a mhéadú.

I mí na Nollag 2016, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le roinnt saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an infheistíocht san Aontas, arna sainaithint ag an gCoiste um Beartas Eacnamaíoch. Ba cheart go gcuirfí na conclúidí san áireamh agus na moltaí á gcur chuig na Ballstáit faoin Seimeastar Eorpach, próiseas an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar bheartais.

Sa Chomhairle

6 Nollaig 2016: ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta maidir leis an togra nua i ndáil le CEIS, a chuirfeadh síneadh le saolré an chiste go dtí 2020 agus a dhéanfadh sprioc infheistíochta an Chiste a mhéadú go EUR 500 billiún, ráthaíocht bhuiséadach an Aontais a mhéadú go EUR 26 billiún agus ranníocaíocht BEI a mhéadú go EUR 7.5 billiún. Leis an gcomhaontú, féadfaidh Uachtaránacht na Comhairle dul i mbun caibidlíochta le Parlaimint na hEorpa ar an dlí deiridh a luaithe a bheidh a seasamh caibidlíochta glactha ag an bParlaimint.

20-21 Deireadh Fómhair 2016: d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gComhairle teacht ar chomhaontú faoina seasamh caibidlíochta maidir leis an togra CEIS nua i mí na Nollag 2016, agus aird á tabhairt ar an meastóireacht sheachtrach neamhspleách a bhfuiltear ag súil léi i Samhain 2016.

Meán Fómhair 2016: thosaigh an Chomhairle ag obair ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán lena gcuirfí síneadh le ré an chiste Eorpaigh le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha agus lena dtabharfaí isteach feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht.

Ar an 12 Iúil 2016: rinne an Chomhairle athbhreithniú ar an obair a rinneadh maidir le deireadh a chur le bacainní ar an infheistíocht - an tríú colún den Phlean Infheistíochta don Eoraip. Shainaithin an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais trí réimse ina bhféadfadh na Ballstáit bearta a dhéanamh: creataí dócmhainneachta, rochtain ar mhaoiniú agus sineirgí trasteorann, go háirithe sna tionscail líonra. D’iarr an Chomhairle ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais leanúint den obair ar an ábhar sin, agus pléifidh sí arís é ag cruinniú a bheidh aici amach anseo.

25 Meitheamh 2015: ghlac an Chomhairle an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh infheistíochtaí straitéiseacha (CEIS), tar éis é a bheith formheasta ag Parlaimint na hEorpa ar an 24 Meitheamh. Tháinig an Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) i bhfeidhm ag tús mhí Iúil 2015.

28 Bealtaine 2015: tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le dréachtrialachán CEIS.

23 Aibreán 2015: chuir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa tús leis an gcaibidlíocht ar an leagan deireanach de rialachán CEIS.

10 Márta 2015: ghlac an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (cur chuige ginearálta) maidir leis an dréachtrialachán.

19 Eanáir 2015: thosaigh an Chomhairle ag obair ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán CEIS, a eisíodh níos luaithe sa mhí chéanna.

18 Nollaig 2014: thug an Chomhairle Eorpach a tacaíocht don Phlean Infheistíochta don Eoraip.

Clár oibre polaitiúil an Aontais a leagan amach

I mí an Mheithimh 2014, ghlac an Chomhairle Eorpach ‘clár oibre straitéiseach’ de réimsí tosaíochta ar a ndíreoidh an tAontas

Cén fáth a dteastaíonn níos mó infheistíochta?

Le roinnt blianta tá an leibhéal infheistíochta san Aontas Eorpach tite go mór faoi bhun an leibhéil a bhí ann in 2007, roimh an ngéarchéim.

Meastar gurb é leibhéal íseal na hinfheistíochta ceann de na cúiseanna leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas, agus go háirithe sa limistéar euro, a bheith chomh támáilte sin. Anuas air sin, má leantar den lag trá infheistíochta go ceann tamaill, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ar an bhfás agus ar an iomaíochas fadtéarmach.

Cúlra

Is ceann de réimsí tosaíochta straitéiseacha na hEorpa don tréimhse 2014-2019 é dlús a chur faoin infheistíocht, faoi mar a leagadh amach sa Chlár Oibre Straitéiseach don Aontas Eorpach. Is ceann é freisin de thosaíochtaí beartais eacnamaíoch an Aontais, mar aon le hathchóirithe struchtúracha agus an fhreagracht bhuiséadach.