Comhaontuithe trádála AE

Cuireann an trádáil in earraí agus i seirbhísí go mór le méadú an fháis inbhuanaithe agus le cruthú post. Tá os cionn 30 milliún post ag brath ar onnmhairithe lasmuigh den Aontas cheana féin. Is taobh amuigh de theorainneacha na hEorpa a bheidh 90% den fhás domhanda a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin - veicteoir fáis is ea an trádáil agus príomhthosaíocht don Aontas Eorpach.

Tá an Chomhairle tiomanta do chóras láidir iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha. Tá ardleibhéal trédhearcachta ag gabháil le beartas freagrach trádála de chuid an Aontais mar aon le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le saoránaigh faoi na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann leis an trádáil agus le margaí oscailte.

Cad iad na bacainní ar an trádáil?

Féadfaidh rialtais bacainní áirithe a chur ar an trádáil d’fhonn go mbeidh earraí áitiúla níos iomaíche i gcomparáid le hallmhairí.

Tá neart cineálacha bacainní ar an trádáil. Dleachtanna custaim ar allmhairí is ea taraifí. Tugann siad buntáiste praghais d’earraí a tháirgtear go háitiúil thar earraí cosúla allmhairithe. Nuair a bhaintear dleachtanna custaim, féadfaidh constaicí a bheith i ndán don trádáil go fóill ó rialacháin theicniúla éagsúla is infheidhme maidir le táirgí agus seirbhísí.

Is éard atá i gceist le Bacainní Neamhtharaifí (NTBanna) srianta a thagann as toirmisc, coinníollacha, nó riachtanais shonracha an mhargaidh a mbíonn allmhairiú nó onnmhairiú earraí deacair agus/nó costasach mar thoradh orthu.

Cad is comhaontuithe trádála ann?

Déanann AE bainistiú ar chaidreamh trádála le tríú tíortha i bhfoirm comhaontuithe trádála. Tá sé mar aidhm leo deiseanna trádála níos fearr a chruthú agus na bacainní ar an trádáil a shárú.

Baintear úsáid freisin as an mbeartas trádála ar mhaithe le prionsabail agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn, ina measc an daonlathas agus cearta an duine sa chéad áit ach freisin tuairimí an Aontais ar an gcomhshaol, ar chearta sóisialta agus saothair, nó ar an bhforbairt. Mar sin, áirithíonn an Chomhairle go ndéantar luachanna, caighdeáin agus cleachtais rialála an Aontais Eorpaigh a choimirciú leis na comhaontuithe trádála. Áirítear sa mhéid sin:

  • an fhorbairt inbhuanaithe
  • dea-rialachas
  • trádáil shaor, chóir agus eiticiúil
  • cosaint an chomhshaoil
  • cearta an duine agus cearta saothair
  • sláinte agus cosaint tomhaltóirí
  • leas ainmhithe
  • cosaint na héagsúlachta cultúrtha

Cé na cineálacha comhaontuithe trádála atá ann?

Tá comhbheartas tráchtála an Aontais Eorpaigh bunaithe ar Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Déantar comhaontuithe trádála a chaibidliú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagal 218 (CFAE).

Bíonn ainmneacha na gcomhaontuithe trádála éagsúil ag brath ar an méid atá sa chomhaontú: Díríonn Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch le comhpháirtithe amhail tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin go príomha ar thacú leis an bhforbairt. Tá cúrsaí eacnamaíocha taobh thiar de na Comhaontuithe Saorthrádála le tíortha forbartha agus le geilleagair éiritheacha agus tá siad bunaithe ar oscailt an mhargaidh ar bhonn cómhalartach. Tugann siad rochtain fhabhrach ar mhargaí na dtíortha atá i gceist. Tá roinnt comhaontuithe trádála ina gcuid de chomhaontuithe polaitiúla níos leithne, mar shampla is fíor sin i gcás roinnt Comhaontuithe Comhlachais. Déanann an tAontas comhaontuithe trádála neamhfhabhracha, mar chuid de chomhaontuithe níos leithne amhail Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair (CCCanna).

Cé na comhaontuithe trádála atá ann idir AE agus tríú tíortha?

Tá roinnt comhaontuithe trádála tugtha i gcrích go rathúil ag an Aontas Eorpach le tíortha comhpháirtíochta.

Grafaic faisnéise - Léarscáil trádála AE

Léarscáil trádála AE

Áirítear ar na próisis chaibidlíochta trádála atá ar bun faoi láthair:

  • Caibidlíocht faoin gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP) le SAM
  • Caibidlíocht faoin gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas agus Ceanada (CETA)
  • Caibidlíocht faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus an tSeapáin
  • Caibidlíocht faoin gComhaontú maidir le Trádáil Seirbhísí (TiSA) atá ar bun ag 23 chomhalta den EDT, lena n-áirítear AE

Cad iad na buntáistí a bhaineann le comhaontuithe trádála?

Ba cheart don trádáil a bheith chun tairbhe gach duine - tomhaltóirí, oibrithe agus gnóthais - agus ba cheart di comhdheiseanna a chur ar fáil ar fud bhallstáit agus réigiúin an Aontais.

Féadfaidh neart buntáistí a bheith ag gabháil le comhaontuithe trádála:

  • margaí nua a oscailt d’earraí agus do sheirbhísí an Aontais
  • deiseanna infheistíochta agus cosaint infheistíochtaí a mhéadú de mheon na cómhalartachta agus na tairbhe frithpháirtí
  • an trádáil a dhéanamh níos saoire trí fáil réidh le dleachtanna custaim agus páipéarachas
  • an trádáil a dhéanamh níos gasta tríd an idirthuras trí chustam a éascú agus trí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le caighdeáin theicniúla agus sláintíochta
  • an timpeallacht bheartais a dhéanamh níos intuartha trí ghlacadh le tiomantas comhpháirteach maidir leis na réimsí sin a mbíonn tionchar acu ar an trádáil amhail cearta maoine intleachtúla, bacainní trádála neamhtharaifí, rialacha iomaíochta agus an creat le haghaidh cinntí ceannaigh phoiblí
  • tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe tríd an gcomhar, an trédhearcacht agus an idirphlé a chothú le comhpháirtithe maidir le ceisteanna sóisialta agus comhshaoil

Grafaic faisnéise - Caibidlíocht trádála AE

Caibidlíocht trádála AE

Ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú

Tháinig Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) ar chomhaontú i ndáil le seasamh caibidlíochta na Comhairle maidir le togra chun ionstraimí cosanta trádála an Aontais a nuachóiriú - an chéad athbhreithniú ó bhonn orthu ó 1995 i leith. Thíolaic an Coimisiún togra chun na hionstraimí a bhí ann cheana a nuachóiriú i mí Aibreáin 2013. Leis an rialachán a bheartaítear, leasaítear rialacháin fhrithdhumpála agus fhrith-fhóirdheontais chun go bhféadfaí freagairt do chleachtais thrádála éagóracha ar bhealach níos fearr. Is é is aidhm don rialachán táirgeoirí an Aontais a chosaint ón damáiste a dhéantar le hiomaíocht éagórach, agus cinntítear leis sin go mbeidh saorthrádáil chóir ann.

Cén ról atá ag an gComhairle sa chaibidlíocht trádála?

freagracht chomhpháirteach de chuid an Choimisiúin, na mBallstát agus Pharlaimint na hEorpa is ea an beartas trádála agus cur chun feidhme níos fearr chomhaontuithe an Aontais Eorpaigh.

Bíonn ról ríthábhachtach ag an gComhairle le linn an phróisis ina bhforbraítear comhaontú nua trádála: Tugann sí údarú don Choimisiún chun comhaontú nua trádála a chaibidliú thar ceann an Aontais Eorpaigh - i ndoiciméad dá ngairtear “sainordú caibidlíochta” go coitianta. San údarú uaithi, tugann an Chomhairle na treoracha caibidlíochta iomchuí, lena n-áirítear cuspóirí, raon feidhme na caibidlíochta, teorannacha ama a d'fhéadfadh a bheith ann.

Déanann an Coimisiún caibidlíocht ansin leis na tíortha comhpháirteacha thar ceann an Aontais, i ndlúthchomhar leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa. Tuairiscíonn sé go rialta don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht. Le linn na caibidlíochta, téann an Coimisiún i gcomhairle leis an gComhairle.

Tar éis do théacs an chomhaontaithe a bheith comhaontaithe leis na comhpháirtithe, a bheith dréachtaithe agus aistrithe i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais, cuireann an Coimisiún tograí foirmiúla faoi bhráid na Comhairle lena nglacadh.

Tar éis an phlé leis an gComhairle, agus tar éis athbhreithniú dlíthiúil agus teanga ar an téacs, glacann an Chomhairle cinneadh lena shíniú. Cinneann an Chomhairle freisin cibé ar cheart an comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach ina iomláine nó i bpáirt - más de chineál measctha an comhaontú, agus ní amháin réimsí inniúlachtaí an Aontais á gcumhdach leis ach cúrsaí a thagann faoi inniúlacht na mBallstát chomh maith.

Síníonn na comhpháirtithe an comhaontú go foirmiúil ansin. Ainmníonn Uachtaránacht na Comhairle an té a shíníonn thar ceann an Aontais. Má chumhdaítear leis an gcomhaontú ábhair a bhfuil freagracht mheasctha ina leith (i. cumhdaítear leis ní amháin réimsí inniúlachtaí an Aontais ach cúrsaí a thagann faoi inniúlacht na mBallstát chomh maith), caithfidh na Ballstáit uile é a shíniú chomh maith.

Tar éis a shínithe, déanann an Chomhairle an comhaontú mar aon leis an dréachtchinneadh i ndáil le tabhairt i gcrích a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa le haghaidh toiliú.

ghlacann an Chomhairle an cinneadh i ndáil le tabhairt i gcrích go dtí go bhfaigheann sí toiliú Pharlaimint na hEorpa. Má chumhdaítear leis an gcomhaontú ábhair a bhfuil freagracht mheasctha ina leith, ní féidir leis an gComhairle é a thabhairt i gcrích go dtí go ndaingneoidh na Ballstáit uile é.

Féadfar tuilleadh faisnéise a fháil maidir le comhaontuithe aonair trádála i mbunachar sonraí comhaontuithe agus coinbhinsiún na Comhairle.