Úsáidimid fianáin chun a áirithiú go mbeidh an taithí brabhsála is fearr agat ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin agus faoin gcaoi ar féidir leat do chuid socruithe ríomhaire a athrú.

Beoshruth, físeáin agus grianghraif

Ardrúnaíocht

Cuireann an tseirbhís preasa físchlúdach agus clúdach grianghrafadóireachta ar fáil do na mórimeachtaí agus do na cruinnithe tábhachtacha uile a thionóltar sa Chomhairle agus sa Chomhairle Eorpach.

Fís agus grianghraf

Má mian leat grianghraif a fháil de na himeachtaí a tionóladh roimh an 1 Samhain 2014, seol rphost chugainn.

Tríd an Seomra Nuachta beidh teacht agat ar fhíseáin (MPEG-4)saor in aisce, a bhfuil cáilíocht chraolta acu saor ó chóipcheart agus ar furasta iad a íoslódáil, lena n-áirítear agallaimh béil dorais, preasagallaimh, pictiúir ón gcartlann agus íomhánna.

Gheobhaidh tú ann freisin saor in aisce, grianghraif ardghléine de na mórimeachtaí.

Is féidir iad a úsáid ar an gcoinníoll go léirítear an fhoinse - Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Beoshruth

Is féidir breathnú ar sheisiúin phoiblí na Comhairle beo i ngach teanga de chuid an Aontais tríd ár gcraoladh gréasáin. Tá seisiúin taifeadta ar fáil freisin ar mhaithe le brabhsáil.

Is féidir na mórimeachtaí preasa a leanúint freisin amhail preasagallaimhagallaimh béil dorais.