Barúlacha ón Uachtarán Donald Tusk ag preasócáid an Chruinnithe Mhullaigh faoin Euro

Cruinniú Mullaigh faoin Euro
  • 22/06/2015
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 495/15
  • An limistéar euro
  • Eacnamaíocht & airgeadas
22/06/2015
Teagmhálaithe preasa

Preben Aamann
Urlabhraí Uachtarán na Comhairle Eorpaí
+32 22815150
+32 476850543

Ghair mé an cruinniú mullaigh seo chun deireadh a chur le héiginnteacht contúirteach agus chun go seachnófaí an cás is measa, is é sin tubaiste Ghréigeach a bheadh anordúil dhoshrianta. Chun é sin a dhéanamh, theastaigh uaim dhá ní a bhaint amach. Ar an gcéad dul síos, ba mhian liom spionnadh nua a chur faoin gcaibidlíocht atá i leamhsháinn ar feadh i bhfad. Leis an togra a tháinig ón nGréig inniu, creidim go bhfuil an chéim sin glactha againn. Ar an dara dul síos, ba mhian liom a áirithiú go mbeadh na ceannairí uile ar an bport polaitiúil céanna, go mbeimis ar aon intinn maidir leis na féidearthachtaí agus leis na teoireannacha.

Dhearbhaigh an Príomh-Aire Tsipras dúinn dáiríreacht na Gréige agus an toil atá aici páirt chuiditheach a ghlacadh. Mar a léiríodh inniu, tá na páirtithe uile go hiomlán tiomanta do réiteach a fháil. Is céim dhearfach chun cinn iad na tograí nua ón nGréig de réir mheasúnú tosaigh na n-institiúidí. Déanfar iad a mheasúnú tuilleadh as seo go ceann roinnt uaireanta a chloig. Ní mór dul ar aghaidh go gasta leis an obair sa Ghrúpa Euro. Oibreoidh an Príomh-Aire Tsipras agus na hinstitiúidí i dteannta a chéile anois, ionas go bhféadfaidh an Grúpa Euro torthaí a bhaint amach tráthnóna Céadaoine a bhféadfar a chur i láthair maidin Déardaoin.