Óráid ón Uachtarán Donald Tusk chuig Cinn Chomhairle Pharlaimintí an Aontais sa Róimh

Comhairle Eorpach
  • 17/03/2017
  • 17:20
  • Aitheasc
  • 140/17
  • Gnóthaí Institiúideacha
17/03/2017
Teagmhálaithe preasa

Preben Aamann
Urlabhraí Uachtarán na Comhairle Eorpaí
+32 22815150
+32 476850543

Ní fhéadfainn a bheith mar aoi anseo ag an Senato della Repubblica agus gan a bheith faoi anáil na staire atá sáinnithe laistigh de bhallaí Palazzo Madama. Cuirtear i gcuimhne dúinn, ní hé amháin an dráma polaitiúil a chuireann an uile dhuine díobh lá i ndiaidh lae, ach freisin na céadta bliain d’imeachtaí mórthaibhseacha ar astu a fáisceadh an Eoraip. Tógaimis Cicerone denuncia Catilina de chuid Cesare Maccari, mar shampla - ceann de na mórshaothair atá mar mhaisiú ar bhallaí an tSeanaid - agus atá fíorthráthúil i gcomhthéacs an lae inniu. Fáthscéal polaitiúil atá ann faoin gcoraíocht a dhéanann institiúidí daonlathacha i gcoinne an phobalachais, agus faoin mbarr bua a fhaigheann ceann acu ar an gceann eile.

Meabhraíonn an méid sin dúinn, ar an gcéad dul síos, go mbíonn an neart atá in aon chomhphobal polaitiúil ag brath a dhiongbháilte atá sé teacht slán agus ar an lúth agus an éirim aigne atá ann. Agus meabhraíonn sé dúinn, lena chois sin, gurbh iad briathra na hairm ba chumhachtaí i gcónaí sa choraíocht pholaitiúil Dharwineach agus gur mar sin a bheidh go brách.

“Ní saoirse go rannpháirtíocht sa chumhacht”, a dúirt Cicero. Fiú na Gréagaigh agus na Rómhánaigh anallód, bhídís ag iomrascáil le ceist na saoirse. Seasca bliain ó shin, chinn státairí ó shé thír nach raibh aon saoirse ann, dáiríre, ach an tsaoirse gníomhú le chéile. Is é sin le rá, gurbh ionann ceannasacht agus suí ag an mbord. Is ar an gcúis sin a síníodh Conradh na Róimhe in 1957. Mar a tharlaíonn sé, sin í an bhliain ar saolaíodh mise agus gach ar eascair as Conradh na Róimhe, is é bun agus barr mo shaoil anois é. Agus ní call dom a rá libhse cé chomh tábhachtach atá sé domsa go pearsanta a bheith anseo in bhur measc inniu.

Ar ndóigh, tá cuma níos uaisle, níos beartaithe, níos tomhaiste ar an uile rud ar na saolta seo. Tá claonadh ionainn a cheapadh gur saoithe polaitíochta agus díograiseoirí ar son Eoraip Aontaithe a bhí sa dream a shínigh Conradh na Róimhe. Is é fírinne an scéil é gur ceannairí a bhí iontu a raibh a gcuid amhrais féin orthu, a bhí faoi bhrú mór millteach agus a bhí thar a bheith soghonta. Easpa cumhachta ó cheann ceann na hEorpa tar éis an Dara Cogadh Domhanda a thug le chéile iad, dá mb'olc maith leo é. Ní raibh acu ach rogha an dá dhíogha. Agus bhí uafás an chogaidh agus an léirscrios a rinneadh fós le feiceáil go soiléir gach lá.

Bhí na tíortha scanraithe sin de chuid na hEorpa leochaileach, rud a d’fhág go raibh sé d'umhlaíocht, de ghrinneas agus de ghéarchúis iontu teacht le chéile agus Conradh na Róimhe a shíniú. Cuireadh tús, ar an gcaoi sin, leis an bpróiseas a chuir an-chuid tíortha eile ar ais ar bhóthar na saoirse agus an rathúnais, thoir agus thiar. Chuidigh sé linn a thuiscint go mbíonn tíortha aonair na hEorpa lag nuair a bhíonn an Eoraip lag. Má tá an Eoraip láidir, tá na Ballstáit láidir. Ní féidir linn ár gceannasacht féin a bhaint amach - a bheith iomlán saor - sa domhan mór mura mbeimid aontaithe le chéile. Bhí sé fíor an uair sin agus tá sé fíor i gcónaí. Beidh sé fós fíor faoi cheann seasca bliain.

Tá éacht déanta ag Conradh na Róimhe chomh maith toisc gur rialtais a bhí bunaithe ar thoiliú daonlathach a chruthaigh agus a shaolaigh é. Dá bhrí sin, thug parlaimintí náisiúnta - a ndéanann sibhse ionadaíocht orthu - thug siad a gcuid cumhachtaí ar iasacht don Chomhphobal Eorpach agus an méid seo mar theachtaireacht acu: “Déan an beart, más é do thoil é, ar mhaithe leis an leas coiteann”. Tá an iasacht sin íoctha ar ais ó shin agus ús lena cois, fiú má bhíonn díomá agus moill in amanna ann.

Is é a dúradh tráth “Is geall le crann an Eoraip. Bíonn an crann sin ag fás chuile lá ach ní fheiceann tú riamh ag fás é.” Tá lorg na rómánsaíochta air sin mar ráiteas, ach tá an fhírinne ann. As síolta Chonradh na Róimhe fáisceadh athruithe a chuir casadh chomh mór sin sa saol atá thart orainn gur beag duine ar cuimhin leo an chaoi a raibh rudaí ó chianaibh. D'oscail an Conradh an meon agus na sochaithe atá againn. Agus ar ndóigh, d'oscail sé an margadh is mó ar domhan le go mbeadh rath orainn. Mar fhear óg a d’fhás aníos faoi scáth an Chuirtín Iarainn, is ar éigean a d'fhéadfainn na nithe sin a shamhlú, cé gurbh é mian mo chroí é go bhféadfaidís tarlú lá éigin.

Tráth chun machnamh stuama a dhéanamh, mar aon le ceiliúradh, a bheidh ann an tseachtain seo chugainn. Fiú má táimid in ann a fheiceáil go bhfuil ár gcuid cneácha ag cneasú de réir a chéile, tá go leor daoine fós buailte ag éadóchas faoi scála agus faoi líon na ndúshlán atá amach romhainn. Is é an ceann is mó de na dúshláin sin go mbeidh an Bhreatain ag imeacht as an Aontas faoi cheann cúpla bliain. Is é an fhreagairt is fearr a fhéadfaimid a thabhairt, in am seo an anró, breith arís ar an umhlaíocht, ar an ngrinneas agus ar ngéarchúis a bhí sna sínitheoirí bunaidh. Go dtí go ndéanfaimid sin, ní bheimid in ann na roghanna cearta a dhéanamh faoin todhchaí. Agus sin toisc go bhfuil a fhios againn ón am a chuaigh thart gurb é an uair a chruann ar an Eoraip is fearr agus is cruthaithí a bhíonn sí, aisteach go leor. Is fearr i bhfad a chruthaíonn sí agus uaillmhian umhal fhoighneach inti ná mar a chruthódh sí le físeanna mórthaibhseacha.

Sin cúis amháin a bhfuil áthas orm go raibh Uachtarán Fhondúireacht De Gasperi, Maria Romana De Gasperi, anseo linn inniu. Is mithid anois briathra cáiliúla a hathar a mheabhrú: Ní le lámh láidir a thógfar an todhchaí, ná le dúil concas a dhéanamh, ach tríd an modh daonlathach a chur i bhfeidhm go foighneach, de mheon cuiditheach an chomhaontaithe agus tríd an tsaoirse a urramú.” Seans nach leor an drámaíocht atá sna briathra sin anois in aois seo na polaitíochta trí Twitter. Ach feictear dom féin go bhfuil fírinne agus cumhacht iontu mar bhriathra. Creidim i gcónaí gur leor iad chun sinn a stiúradh amach as an tsáinn ina bhfuilimid. Go raibh maith agaibh. Grazie