Óráid an Uachtaráin Donald Tusk ag comóradh 60 bliain Chonarthaí na Róimhe

Comhairle Eorpach
  • 25/03/2017
  • 11:20
  • Aitheasc
  • 154/17
  • Gnóthaí Institiúideacha
25/03/2017
Teagmhálaithe preasa

Preben Aamann
Urlabhraí Uachtarán na Comhairle Eorpaí
+32 22815150
+32 476850543

60 bliain ó shin go díreach a rugadh mé, mar sin, tá mé an aois chéanna leis an gComhphobal Eorpach. Ar an gcúis sin, maithfidh sibh dom é má deirim cúpla focal pearsanta inniu. Mar atá a fhios agaibh féin, is tábhachtaí uaireanta an áit ar rugadh duine ná an dáta ar rugadh iad. Is i gcathair Gdańsk a rugadh mé féin, cathair a bhí á tógail ar feadh na gcéadta blianta ag na Polannaigh agus ag na Gearmánaigh, ag na hOllannaigh, ag na hAlbanaigh agus ag na Francaigh. In 1945, i mí an Mhárta freisin mar a tharlaíonn sé, in imeacht cúpla lá scrios Hitler agus Stailín mo chathair dhúchais. Dódh go talamh í.

8 bliana d’aois a bhí mé nuair a bhunaigh an Comhphobal comhairle aonair agus coimisiún aonair leis an gConradh Cumaisc; an bóthar a bhíodh agam chun na scoile gach lá an uair sin, chuaigh sé trí fhothrach na cathrach loiscthe. Ní rud teibí domsa an Dara Cogadh Domhanda.

In 1980, bliain tar éis an chéad toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, saolaíodh gluaiseacht na Dlúthpháirtíochta, Solidarność, i mo chathair féin Gdańsk. Bhí mé féin ann ag an am, sa longchlós sin in Gdańsk, i measc na n-oibrithe, in éindí le Lech Wałęsa, a raibh sé de mhisneach aige na haislingí a bhí againn a fhógairt amach os ard os comhair réimeas na gcumannach. Bhí siad simplí mar aislingí: ba faoi dhínit an duine iad, faoin tsaoirse agus faoin daonlathas. An tráth úd, bhreathnaigh muid ar fad i dtreo an Iarthair, i dtreo na hEorpa, a bhí saor agus a thug daoine le chéile, agus d'airíomar inár gcroí istigh gurb é sin a bhí i ndán dúinn dá bhfíorófaí na haislingí a bhí againn. Agus cé gur seoladh amach na teainceanna agus na trúpaí inár n-aghaidh rinneamar aithinne ár n-aislingí a choigilt.

In 1987, nuair a tháinig an Ionstraim Eorpach Aonair (tús an mhargaidh aonair) i bhfeidhm, bhíomarna sa Pholainn dár gcóiriú féin i gcomhair an chatha dheireanaigh. Bhí an lá le Solidarność, agus go gearr ina dhiaidh sin, thit Balla Bheirlín freisin agus osclaíodh amach romhainn an bóthar chun na hEorpa. Agus 20 bliain ina dhiaidh sin, geall leis, agus mé féin i mo Phríomh-Aire ar an bPolainn, bhí an staid is nua-aimseartha san Eoraip á hoscailt agam, i mo chathair dhúchais féin, ar ndóigh, Gdańsk — cathair, a atógadh ón mbonn aníos agus a bhí anois níos deise ná riamh. Bhí an Pholainn 8 mbliana san Aontas Eorpach an uair sin.

Tá an ceacht beag staire sin á mheabhrú inniu agam, díreach le go dtuigfidh sibh ar fad go bhfuil na milliúin daoine ann, agus go bhfuil na milliúin sin ag tabhairt faoi shráideanna ár n-ardchathracha inniu, sa Róimh, i Vársá, fiú i Londain, agus gur mó i gceist an tAontas Eorpach ag na daoine sin ná manaí, ná nósanna imeachta, ná rialacháin. Is é an tAontas an ráthaíocht atá againne nach aisling gan fíorú feasta iad an tsaoirse, an dínit, an daonlathas agus an neamhspleáchas, ach cuid den ghnáthshaol laethúil.

Chaith mise breis agus leath mo shaoil laistiar den Chuirtín Iarainn, áit a raibh sé toirmiscthe a bheith ag brionglóidí fiú faoi na luachanna sin. D'fhéadfá rá an uair sin go raibh dhá luas faoin Eoraip. Agus sin é an fáth a bhfuil sé de cheart agam an fhírinne lom seo a rá amach os ard, arís agus arís eile: nach maireann rud ar bith ach seal - agus go dteastaíonn am, saothar mór agus íobairt le domhan saor a thógáil. Sin é an fáth nár éirigh le daoine é a dhéanamh ach i bhfíor-chorráit ar chraiceann na cruinne. Agus fós, d'éirigh linne é a dhéanamh. Tá sé fíoréasca an domhan saor sin a scriosadh. Is gearr a thógann sé. Mar a tharla uair amháin, le mo chathair féin, Gdańsk.

Tá athnuachan á déanamh sa Róimh inniu againn ar chomhghuaillíocht saornáisiún, nach bhfuil a leithéid eile ann agus arb iad an dream iontach ar thángamar i gcomharbacht orthu a chuir tús léi tá 60 bliain ó shin. San am sin, ní raibh aon chaint acu ar luasanna éagsúla, ná ní raibh bealaí amach á mbeartú acu, ach ainneoin a raibh feicthe acu d’uafás agus d’anchás na mblianta beaga roimhe sin, chuir siad dóchas iomlán in aontacht na hEorpa. Bhí sé de mhisneach acu, mar a bhí ag Colambas, dul san áit nach ndeachaigh aon duine roimhe sin ann, agus teacht ar an Oileán Úr.

Mar sin, inis seo dom: cén fáth nach gcreidfimid a thuileadh i gcuspóir na haontachta sa lá atá inniu ann? An é gurb í fíorú na haislinge í? Nó go bhfuilimid dubh dóite di?

Mar eintiteas polaitiúil, beidh an Eoraip aontaithe, sin nó ní bheidh sí ann beag ná mór. Mura mbeidh an Eoraip aontaithe, ní fhéadfaidh sí a bheith ceannasach i ndáil leis an gcuid eile den domhan. Agus mura mbeidh an Eoraip ceannasach, ní fhéadfaidh sí an neamhspleáchas a ráthú dá cuid náisiún, agus saoirse a ráthú dá cuid saoránach. Ní samhail mhaorlathach í aontacht na hEorpa. Is sraith de luachanna agus de chaighdeáin dhaonlathacha í. Sa lá atá inniu ann, ní leor a bheith ag iarraidh aontachta agus ag agóid in aghaidh na luasanna éagsúla. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go ndéanfaimis rialacha coiteanna a urramú, leithéidí chearta an duine agus saoirsí sibhialta, saoirse cainte agus saoirse tionóil, seiceálacha agus cothromaíochtaí, agus an smacht reachta. Is é sin bun agus barr ár n-aontachta.

Tar éis na Róimhe, ba cheart gur Aontas comhphrionsabal, Aontas ceannasachta seachtraí, Aontas aontachta polaitiúla a bheadh san Aontas. Cruthaígí sibhse anois inniu gur sibh ceannairí na hEorpa, agus nach cuma libh faoin méid mór a d'fhág laochra chomhtháthú na hEorpa le hoidhreacht againn 60 bliain ó shin. Go raibh maith agaibh