A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk roimh na cruinnithe den Chomhairle Eorpach

Comhairle Eorpach
  • 22/06/2017
  • 11:45
  • Ráiteas agus barúlacha
  • 407/17
  • Brexit
  • Slándáil & Cosaint
  • Gnóthaí Baile
  • Gnóthaí eachtracha & caidreamh idirnáisiúnta
  • Eacnamaíocht & airgeadas
22/06/2017
Teagmhálaithe preasa

Preben Aamann
Urlabhraí Uachtarán na Comhairle Eorpaí
+32 22815150
+32 476850543

Is é seo an 80ú cruinniú den Chomhairle Eorpach agam mar Phríomh-Aire nó mar Uachtarán ar an gComhairle Eorpach. Agus creidim go láidir, seachas mar a chreid mé riamh, go bhfuil rudaí ag dul i dtreo níos fearr.

Caithfimid a bheith san airdeall ach má chaitheann féin, tá díol dóchais againn: tá fás eacnamaíoch i ngach uile thír san Aontas, tá an dífhostaíocht ag ísliú agus an líon is airde daoine a taifeadadh riamh fostaithe, tá comhaontú airgeadais ann leis an nGréig, tá méadú mór tagtha ar an dea-thoil don Eoraip atá á léiriú sna pobalbhreitheanna le seachtainí beaga anuas, tá ag teipeadh ar na páirtithe frithEorpacha sna toghcháin agus ag éirí le ceannairí polaitiúla atá 100% i bhfabhar an Aontais. Tá an méid seo á fheiceáil ó cheann ceann na hEorpa againn, sa Bhulgáir agus san Ostair, san Ísiltír, agus, ar ndóigh - sa Fhrainc.

Chomh maith leis sin, d’éirigh linn aontacht pholaitiúil an Aontais a choimeád agus aghaidh á tabhairt againn ar an iliomad bagairtí agus dúshlán. Sa chaint a bhí agam leis an Uachtarán Poroshenko inniu, bhí cruthúnas breise ar an méid atá á chloisteáil ó dhaoine eile agam le cúpla seachtain anuas. An tUachtarán Trump, an Príomh-Aire Abe, an Príomh-Aire Li, Macky Sall, Uachtarán na Seineagáile, an tUachtarán Morales agus Uachtarán nua na Cóiré Theas - chuir gach aon duine beo acu in iúl dom gurb é an tAontas an comhpháirtí is tábhachtaí acu - ainneoin Brexit. Agus ainneoin scéalta chailleach an uafáis, tá an Eoraip anois ag teacht ar ais i réim mar phointe cobhsaí dearfach tagartha ag an saol mór.

Mar sin féin, ní fhéadfaimid na maidí a ligean le sruth, ná ní fhéadfaimid a bheith saonta. Ní mór dúinn a léiriú do dhaoine go bhfuil sé de chumas ionann smacht a fháil an athuair ar imeachtaí a d’fhéadfadh an ceann is fearr a fháil orainn nó a d’fhéadfadh fiú an croí a chur trasna ionainn uaireanta. Shocraíomar anuraidh go gcosnódh an tAontas muintir na hEorpa ar bhagairtí slándála, go mór mór an sceimhlitheoireacht, an imirce neamhdhleathach agus an domhandú neamhrialaithe, agus caithfimid coinneáil orainn ag déanamh beart de réir ár mbriathair. Ós amhlaidh atá, beidh mé ag moladh, le linn na Comhairle Eorpaí seo, gur cheart an beartas freagartha atá againn sna trí réimse sin a bhrú ar aghaidh.

Agus mar fhocal scoir. Mar is eol dúinn, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht faoi Brexit 3 lá ó shin. Tá sé fíorachrannach mar phróiseas, agus tá an tAontas faoi réir le tabhairt faoi. Ní lia duine ná tuairim faoin deireadh a bheidh leis: Brexit crua, Brexit bog, nó nach ndéanfar margadh ar bith. Agus cuid de na cairde atá agam ar de bhunadh na Breataine iad, bhí siad ag fiafraí díom, fiú, an bhféadfaí Brexit a aisiompú, agus an bhféadfainn a shamhlú go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas. Is éard a dúirt mé leo gur as aislingí a fuineadh an tAontas Eorpach, agus gur beag duine a cheap an uair sin go bhfíorófaí iad. Mar sin, cá bhfios? Mar a dúirt an té a dúirt, "You may say I'm a dreamer, but I am not the only one."