Gnóthaí Eachtracha

Arrow Preaseisiúintí gaolmhara

Ag na seisiúin ar Ghnóthaí Ginearálta, pléann an Chomhairle le gníomhaíochtaí seachtracha uile an Aontais, lena n-áirítear an comhbheartas eachtrach agus slándála, an trádáil eachtrach agus an comhar um fhorbairt. Tá sé mar thosaíocht ag an gComhairle le blianta beaga anuas, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhsheasmhacht ghníomhaíochtaí seachtracha an AE a áirithiú, ar fud réimse na n-ionstraimí a bhfuil teacht ag an Aontas orthu. 

 

Is iad prionsabail agus cuspóirí an CBES comhluacha, bunleasanna, neamhspleáchas agus iomláine an Aontais a choimirciú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; slándáil an Aontais a neartú ar gach dóigh; an tsíocháin a chaomhnú, agus an comhphobal idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; comhar idirnáisiúnta a chur ar aghaidh; daonlathas agus an smacht reachta, agus urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú.

Tá an Chomhairle freagrach freisin as an gComhbheartas Slándála agus Cosanta. Glacann na hAirí Cosanta páirt go traidisiúnta i gcruinnithe na Comhairle Gnóthaí Eachtracha faoi dhó sa bhliain, anuas ar a gcuid cruinnithe neamhfhoirmiúla (faoi dhó sa bhliain freisin).

Bíonn ról lárnach ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, arb é Uachtarán na Comhairle Gnóthaí Eachtracha é, i bhfoirmiú, in ullmhú, agus i gcur chun feidhme an CBES.

I réimse an CBES, cabhraíonn an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) beartais a shainiú trí thuairimí a tharraingt suas don Chomhairle, gan dochar don ról a bhíonn ag Coiste na mBuanionadaithe (Coreper) in ullmhú sheisiúin na Comhairle.  Is é an CPS freisin, faoi fhreagracht na Comhairle, a dhéanann rialú polaitiúil agus stiúir straitéiseach ar na hoibríochtaí bainistíochta géarchéime.

  • Beartas Trádála Eachtraí

 

Is é an tAontas Eorpach an mórghníomhaí sa trádáil idirnáisiúnta - is é is cúis leis an gcúigiú cuid de thrádáil iomlán an domhain - agus tá gréasán caidrimh trádála forbartha aige ar fud an domhain.  De réir mar a mhéadaigh an Comhphobal agus le comhdhlúthú an mhargaidh aonair, tá seasamh an Aontais gafa i dtreis in idirbheartaíochtaí déthaobhacha le tríú tíortha chomh maith le hidirbheartaíochtaí iltaobhacha laistigh den Eagraíocht Trádalá Domhanda (WTO). Is lárphointe i mbeartas trádála an AE é an WTO.  Is eilimint riachtanach de bheartas an AE é an trádáil a chur chun cinn i dtimpeallacht iltaobhach atá cothrom agus bunaithe ar rialacha chun leas an chomhphobail idirnáisiúnta. 

Maidir le beartas trádála, tá freagracht ar an gCoimisiún, mar atá sainordaithe ag an gComhairle agus i gcomhairle le coiste d'oifigigh ardleibhéil trádála ar a dtugtar an "Coiste um Beartas Trádála", dul i mbun idirbheartaíochta maidir le beartais trádála lena n-áirítear leasuithe taraife, forálacha custaim agus trádála agus bearta cosanta agus iad seo a bhainistiú. 

Laistigh den WTO, déanann an Coimisiún idirbheartaíocht ar son an Aontais agus déanann sé ionadaíocht ar na Ballstáit agus díospóidí á réiteach.

  • Comhar um fhorbairt

 

Tá beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt dírithe ar na beartais um fhorbairt atá ag na Ballstáit a chomhlánú.  Is iad príomhchuspóirí an bheartais seo, forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus shóisialta na dtíortha sin atá i mbéal forbartha, go háirithe forbairt na dtíortha is mó atá faoi mhíbhuntáiste ina measc, agus na tíortha atá i mbéal forbartha a thabhairt isteach go réidh agus de réir a chéile in eacnamaíocht an domhain, agus an bhochtaineacht sna tíortha sin a dhíothú.  San am céanna, le beartas an AE maidir le comhar um fhorbairt, dírítear ar an daonlathas agus an smacht reachta a dhaingniú, agus ar mheas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha a chur chun cinn.

Is trí thromlach cáilithe agus trí chomhchinnteoireacht le Parlaimint na hEorpa a achtaíonn an Chomhairle reachtaíocht sa réimse seo.

Is ar an gcomhar le Stáit na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) is mó atá an bhéim i mbeartas an AE maidir le comhar um fhorbairt. Sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC – AE, arna shíniú ag Cotonou in 2000, leagtar amach creat do chaidreamh trádála an Aontais agus do chomhar um fhorbairt leis na tíortha seo. 

Is é an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát an soláthraí is mó cabhrach forbartha ar domhan.  Is é an Coimisiún a dhéanann cabhair an AE a riar, agus déantar í a mhaoiniú ó bhuiséad an AE nó ón gCiste Eorpach Forbraíochta, ciste speisialta atá tiomanta don fhorbairt sna Stáit ACC.  Is é an AE an príomhchomhpháirtí atá ag go leor tíortha atá i mbéal forbartha i gcúrsaí trádála agus infheistíochtaí díreacha.