Úsáidimid fianáin chun a áirithiú go mbeidh an taithí brabhsála is fearr agat ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin agus faoin gcaoi ar féidir leat do chuid socruithe ríomhaire a athrú.

Ceartas agus Gnóthaí Baile (CGB)

JAI meeting - 24.03.10Is dóigh gurb é réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile (CGB), réimse ar mór an tionchar a bhíonn aige ar shaol shaoránaigh na hEorpa, an réimse beartais is mó a tháinig faoi anáil Chonradh Liospóin.

  •  Tagann an réimse CGB go léir, geall leis, faoin gcomhchinnteoireacht (agus vótáil trí thromlach cáilithe i gceist sa Chomhairle) seachas an dlí teaghlaigh, an comhar póilíneachta oibríochtúil agus cúpla réimse eile (féach an nóta faisnéise).
  • Chomh maith leis sin, na hábhair sin a thagadh faoin tríú colún roimhe seo, ábhair amhail an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus an comhar póilíneachta, déileálfar leo faoin gcineál céanna rialacha le rialacha an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, beidh bearta a ghlacfar sna réimsí seo ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal náisiúnta faoi réir athbhreithniú breithiúnach na Cúirte Breithiúnais i Lucsamburg.

 

Is leor súil siar go dtuigfí go bhfuil an-dul chun cinn déanta againn.

■ An comhar neamhfhoirmiúil agus cruthú limistéar Schengen

Is i dtreo lár na seachtóidí a thosaigh na Ballstáit ar an gcomhar i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile, agus is ar bhonn neamhfhoirmiúil idir-rialtasach, lasmuigh de chreat an Chomhphobail Eorpaigh a rinne siad amhlaidh. I 1985 rinne an Ghearmáin Thiar, an Fhrainc agus tíortha Bhenelux Comhaontú Schengen a thabhairt i gcrích, agus leis sin glacadh céim mhór ar chosán an chomhair idir Bhallstáit sa réimse seo. Sna blianta ina dhiaidh sin, d'aontaigh Ballstáit eile chomh maith le tíortha lasmuigh den AE do chomhaontú Schengen agus don Choinbhinsiún chun é a chur chun feidhme.

26 thír sa limistéar Schengen faoi láthair (An Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Eastóin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn, an Íoslainn, an Iorua, an Eilbhéis agus Lichtinstéin).  

Is é an cuspóir a bhí leis an gcomhaontú saorghluaiseacht daoine a bhunú dáiríre trí dheireadh a chur leis na rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha, agus ag an am céanna bhí bearta cuideachta ann a bhain leis na rialuithe ag na teorainneacha seachtracha, leis an mbeartas víosaí chomh maith leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla.

■ I dtreo comhtháithe threisithe

Ba chéim eile chun cinn a bhí sa Chonradh ar an Aontas Eorpach a tháinig i bhfeidhm i Samhain na bliana 1993 agus lenar tugadh réimsí an cheartais agus na ngnóthaí baile isteach faoin gcreat institiúideach, rud a chuir leagan amach nua ar chomhtháthú na hEorpa .

Le teacht i bhfeidhm Chonradh Amsterdam i mBealtaine na bliana 1999, rinneadh cuid de chreat institiúideach an Aontais Eorpaigh de acquis Schengen.   Bhí sé ar cheann de phríomhchuspóirí an Chonartha sin an tAontas a choimeád ar bun agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais, ina n-áiritheofaí saorghluaiseacht daoine i dteannta le bearta iomchuí maidir le rialuithe ar theorainneacha seachtracha, tearmann agus inimirce, maille leis an gcoirpeacht a chosc agus a chomhrac. Leis an gConradh sin freisin, foráladh go bhféadfaí bearta maidir leis an gcomhar breithiúnach in ábhair shibhialta a ghlacadh trí thromlach cáilithe, i gcomhchinnteoireacht le Parlaimint na hEorpa, seachas bearta a bhain le dlí an teaghlaigh a ghlactar d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, glacann an Chomhairle cinntí freisin trí thromlach cáilithe, i gcomhchinnteoireacht le Parlaimint na hEorpa faoin ngnáthnós imeachta reachtach, maidir le formhór na saincheisteanna a bhfuil baint acu leis an dlí coiriúil.

Ní bhíonn an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach go hiomlán agus bearta áirithe á gcur chun feidhme.
Ullmhaíonn meithleacha agus coistí seisiúin na Comhairle.
■ Na heisceachtaí


Tabhair faoi deara nach mbíonn an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach go hiomlán agus bearta áirithe a bhaineann le réimse an cheartais nó na ngnóthaí baile á gcur chun feidhme, sin nó go mbíonn siad rannpháirteach faoi réir coinníollacha áirithe.

Go háirithe, ní bhíonn an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach i gcur chun feidhme fhorálacha Schengen a bhaineann le saorghluaiseacht daoine, le rialuithe ag na teorainneacha seachtracha agus leis an mbeartas maidir le víosaí. Dá bhrí sin, ní vótálann ionadaithe na mBallstát sin ar na saincheisteanna sin sa Chomhairle.

■ Struchtúir oibre agus sainchomhlachtaí

Sa Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (CGB), tugtar na hairí ceartais agus gnóthaí baile le chéile uair sa dá mhí chun plé a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm an chomhair agus na gcomhbheartas san earnáil seo.
Gníomhaíonn an Chomhairle mar sin mar chomhreachtóir an AE agus glacfaidh sí, as seo amach, treoracha agus rialacháin i réimse iomlán an cheartais agus na ngnóthaí baile.
Ullmhaíonn meithleacha agus coistí seisiúin na Comhairle, go háirithe CATS (comhar breithiúnach agus póilíneachta), an Coiste Straitéiseach um Inimirce, um Theorainneacha agus um Thearmann, an COSI (an Buanchoiste um Shlándáil Intíre) a bunaíodh tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm agus an Mheitheal um Ábhair Dlí Shibhialta.

Is iad na Ballstáit agus institiúidí an AE a dhéanann na beartais a bhaineann le limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais a chur chun feidhme. 
Bíonn sainchomhlachtaí mar thaca ag na hinstitiúidí; ina measc tá na sainchomhlachtaí seo a leanas: