Úsáidimid fianáin chun a áirithiú go mbeidh an taithí brabhsála is fearr agat ar ár láithreán gréasáin. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin agus faoin gcaoi ar féidir leat do chuid socruithe ríomhaire a athrú.

An Comhshaol

Achoimrí na gcruinnithe

Tuilleadh achoimrí na gcruinnithe

Na chéad chruinnithe eile

Preasráitis is déanaí

Cuspóirí 2030 an Aontais Eorpaigh i leith an chomhshaoil agus an fhuinnimh

Maidir leis an mbeartas comhshaoil

Sa ról ceaptha beartais atá aici, tá an Chomhairle freagrach, mar aon le Parlaimint na hEorpa as reachtaíocht uaillmhianach a ghlacadh i réimse an chomhshaoil, trína ndéanfar gnáthóga nádúrtha a chosaint, an t‑aer agus an t‑uisce a choinneáil glan, trína gcinntítear go ndéanfar dramhaíol a dhiúscairt mar is ceart, go gcuirfear feabhas ar an eolas faoi cheimiceáin thocsaineacha agus go gcabhrófar le cuideachtaí bogadh i dtreo geilleagair inbhuanaithe.

Cinntíonn an Chomhairle freisin go ndéantar gnéithe an chomhshaoil a chomhtháthú i gceart i mbeartais eile de chuid an Aontais, sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, san iompar, san fhuinneamh agus sna seirbhísí.

Ar an leibhéal idirnáisiúnta, déanann an tAontas Eorpach agus a chuid Ballstát a ndícheall le go gcuirtear caighdeáin chomhshaoil an Aontais i bhfeidhm sna comhaontuithe idirnáisiúnta i ndáil leis an gcomhshaol agus le hathrú na haeráide. Chuige sin, tá an Chomhairle freagrach as seasamh an Aontais a ullmhú i ndáil le comhdhálacha idirnáisiúnta agus le caibidlíocht faoi athrú na haeráide.

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Fuair    Ní bhfuair


Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?