Ráiteas príobháideachais agus fógra dlíthiúil

Tá an t-eolas ar an suíomh gréasáin seo faoi réir rialacha um chosaint sonraí pearsanta, faoi réir cóipchirt agus faoi réir séanadh ón gComhairle.

Ní mór na rialacha ginearálta a leagtar amach anseo thíos a ghlacadh ina n-iomláine má bhaintear leas as an suíomh gréasáin seo nó má chuardaítear eolas air.

Cosaint sonraí pearsanta

Ciallaíonn 'sonraí pearsanta' aon fhaisnéis a bhaineann le duine sainaitheanta nó in-sainaitheanta – duine ar féidir é a shainaithint trí thagairt d'uimhir aitheantais nó do cheann amháin nó níos mó d'fhachtóirí a bhaineann go sonrach lena chéannacht.

Nuair a thagann tú ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar nó trí shuíomh gréasáin na Comhairle, bailímid do sheoladh anaithnidithe IP agus do shuíomh (ilchríoch, tír, réigiún, cathair) trí fhianáin.

Chun seirbhísí áirithe ar líne a úsáid ar shuíomh na Comhairle – mar shampla cuairt ar an gComhairle a iarraidh, chun liostáil dár gcóras ríomhphoist nó ceist a sheoladh chuig an tSeirbhís um Fhaisnéis don Phobal – d'fhéadfaí a iarraidh ort eolas fút féin a thabhairt. Cuir i gcás, na sonraí teagmhála is gá chun foirm a líonadh isteach: sloinne agus céadainm, gairm, seoladh poist, seoladh r-phoist, uimhir theileafóin nó náisiúntacht.

Ní bhaileoidh an Chomhairle an fhaisnéis phearsanta sin ach amháin a mhéid is gá chun an cuspóir sonrach a bhaint amach maidir le gach seirbhís ar líne. I ngach cás den sórt sin, bíonn sonraí an rialaitheora sonraí (an duine atá freagrach as na sonraí a bhailítear fút a phróiseáil) ar fáil sa ráiteas príobháideachais ábhartha agus ar an gclár poiblí a choimeádann ár n-oifigeach cosanta sonraí.

Chun do chearta a fheidhmiú nó chun tuilleadh eolais a iarraidh, is féidir leat iarratas a chur go díreach chuig an rialaitheoir sonraí atá freagrach. Féadfaidh tú freisin dul i gcomhairle le hoifigeach cosanta sonraí na Comhairle chun tuairim a fháil ar na hoibríochtaí próiseála a bhaineann leatsa. Má mheasann tú gur sáraíodh do chearta de thoradh ar phróiseáil do chuid sonraí, is féidir leat gearán a chur faoi bhráid an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, an t-údarás maoirseachta neamhspleách.

Laistigh de roinn PRADO ar an suíomh gréasáin, ní bhaintear aon úsáid as sonraí pearsanta barántúla mura mbíonn gá leis. Lena chinntiú go gcosnófar príobháideachas agus sonraí pearsanta nuair a bhaintear úsáid as doiciméid bharántúla (murab ionann is doiciméad samplach), fágtar doléite na sonraí lena n-aithneofaí duine mura míreanna sonraí aonair ab ábhar dóibh.

Uaireanta, bíonn naisc le suíomhanna eile idirlín le fáil ar an suíomh gréasáin seo. Toisc nach bhfuil aon smacht ag an gComhairle ar na suíomhanna sin, moltar duit féachaint ar a mbeartais phríobháideachais siúd.

Fianáin

Úsáideann an suíomh gréasáin seo AT Internet agus anailís á déanamh ar úsáid an tsuímh gréasáin agus Site Improve chun earráidí inrochtaineachta a shainaithint agus a cheartú. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár leathanach faoi bheartas fianán.

Séanadh dlíthiúil

Déanann an Chomhairle cothabháil ar an suíomh gréasáin seo ionas go mbeidh teacht níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis maidir lena cuid gníomhaíochtaí agus maidir le beartais na Comhairle i gcoitinne. Is é is aidhm dúinn go mbeidh an fhaisnéis seo tráthúil agus cruinn. Mar sin féin, ní ghlacann an Chomhairle le freagracht ar bith ná le dliteanas ar bith i leith an ábhair ar an suíomh seo. Is é atá san ábhar seo:

  • faisnéis de chineál ginearálta amháin nach bhfuil ceaptha aghaidh a thabhairt ar imthosca sonracha duine aonair ar leith nó eintitis ar leith
  • ábhar nach gá dó a bheith cuimsitheach, iomlán, cruinn nó cothrom le dáta
  • ábhar a bhíonn nasctha uaireanta le suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag seirbhísí na Comhairle orthu agus nach nglacann an Chomhairle aon fhreagracht chuici ina leith
  • ábhar nach comhairle ghairmiúil ná comhairle dlí é (más comhairle shonrach atá uait, ba chóir duit i gcónaí dul i gcomhairle le duine gairmiúil atá cáilithe go cuí).

Tabhair faoi deara nach féidir a ráthú gur macasamhail chruinn de théacs a glacadh go hoifigiúil é doiciméad atá ar fáil ar líne. Meastar gurb é an leagan de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear sna leaganacha leictreonacha d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an t-aon leagan údarásach di.

Tá sé d'aidhm againn na fadhbanna a bhíonn ann de bharr earráidí teicniúla a íoslaghdú. D'fhéadfadh sé tarlú, áfach, gur cruthaíodh nó go ndearnadh struchtúrú ar roinnt sonraí nó roinnt faisnéise atá ar ár suíomh i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí agus ní féidir linn a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar ár seirbhís nó nach gcuirfear as di ar dhóigh eile. Aon earráidí a chuirtear in iúl dúinn, déanfaimid gach iarracht iad a cheartú. Ní ghlacfaidh an Chomhairle le freagracht ar bith, áfach, as aon dochar díreach nó indíreach a d'fhéadfadh teacht as úsáid an tsuímh gréasáin seo.

Níl sé i gceist sa séanadh seo dliteanas na Comhairle a theorannú, de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta nó sa dlí Eorpach is infheidhme, ná a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach bhféadfar a eisiamh faoi Airteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).