Coreper I

Is é Coreper príomhchomhlacht ullmhúcháin na Comhairle

Is iad leas-bhuanionadaithe gach Ballstáit atá ina gcomhaltaí de Coreper I. Is é leas-bhuanionadaí na tíre a bhfuil uachtaránacht na Comhairle Gnóthaí Eachtracha aici a dhéanann cathaoirleacht ar na cruinnithe.

Ról

Comhordaíonn agus ullmhaíonn Coreper I obair sé cinn d'fhoirmíochtaí na Comhairle:

  • talmhaíocht agus iascach (saincheisteanna airgeadais nó bearta teicniúla maidir le reachtaíocht tréidliachta, fíteashláintíochta nó bia)
  • iomaíochas
  • oideachas, an óige, cultúr agus spórt
  • fostaíocht, beartas sóisialta, sláinte agus gnóthaí na dtomhaltóirí
  • an comhshaol
  • iompar, teileachumarsáid agus fuinneamh

Is í 'Meitheal Mertens' a ullmhaíonn obair Coreper I. Cuidíonn an grúpa neamhfhoirmiúil sin le seasamh thoscaireachtaí na mBallstát éagsúil ag an gcruinniú Coreper a shocrú.

Coreper: céard é féin?

Is éard atá in Coreper ná 'Coiste Bhuanionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh'. Mínítear ról agus comhdhéanamh fhoirmíochtaí éagsúla an Choiste in Airteagal 240(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is é Coreper príomhchomhlacht ullmhúcháin na Comhairle. Caithfidh Coreper gach ábhar ar chlár oibre na Comhairle (ach amháin roinnt ábhar i réimse na talmhaíochta) a fheiceáil roimh ré, mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt.

Ní comhlacht cinnteoireachta de chuid an Aontais é, agus is féidir leis an gComhairle féachaint arís ar aon chomhaontú a dtagann Coreper air, óir is ag an gComhairle féin amháin atá an chumhacht cinntí a dhéanamh.

Príomhchúraimí

  • Comhordaíonn sé agus ullmhaíonn sé obair fhoirmíochtaí éagsúla na Comhairle
  • áirithíonn sé comhleanúnachas i mbeartais an Aontais Eorpaigh
  • tagann sé ar chomhaontuithe agus ar chomhréitigh, agus caithfear iadsan a chur faoi bhráid na Comhairle ansin lena nglacadh

Comhdhéanamh agus foirmíochtaí  

Is iad na 'buanionadaithe' ó gach Ballstát atá ina gcomhaltaí de Coreper, agus is éard atá sa bhuanionadaí ar ndóigh ná ambasadóir an Bhallstáit chuig an Aontas Eorpach. Cuireann siad seasamh a rialtais i láthair.

Tagann an dá Coreper (Coreper I agus II) le chéile gach seachtain.