Beartais chorparáideacha
Trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid
De réir na rialacha trédhearcachta mar a leagtar amach i gConradh Liospóin iad, feidhmíonn institiúidí an Aontais go hoscailte agus i ndlúthchomhar, a mhéid is féidir, leis na saoránaigh. Déanann airí na Comhairle dlíthe a achtú go poiblí agus tá sé de cheart ag na saoránaigh rochtain ar dhoiciméid na Comhairle a iarraidh.
Leagtar amach rialacha bunúsacha i rialacha nós imeachta na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle le haghaidh na gcruinnithe, lena n-áirítear rialacha vótála, na seisiúin ba cheart a bheith ar oscailt don phobal agus cén uair ba cheart doiciméid a fhoilsiú.
Trédhearcacht reachtach
Tagann airí an Aontais le chéile go poiblí nuair a bhíonn dréachtghníomhartha reachtacha á bplé acu nó nuair a dhéanann siad vótáil orthu.
Suíonn an Chomhairle i seisiún poiblí freisin nuair a bhíonn mórfhadhbanna a bhaineann leis an Aontas agus lena chuid saoránach á bplé ag na hairí, nó nuair a bhíonn clár oibre na Comhairle, tosaíochtaí na hUachtaránachta nó cláir oibre agus straitéis bheartais an Choimisiúin á bplé acu.
Féadfaidh tú amharc ar sheisiúin phoiblí na Comhairle beo i ngach teanga de chuid an Aontais ar an gcraoladh gréasáin. Féadfar na seisiúin taifeadta a bhrabhsáil freisin.
Cláir oibre agus féilire chruinnithe na Comhairle
Tagann an Chomhairle le chéile sa Bhruiséil agus i Lucsamburg (i mí Aibreáin, i mí an Mheithimh agus i mí Dheireadh Fómhair). Bíonn cláir oibre na Comhairle agus fhormhór a comhlachtaí ullmhúcháin ar fáil don phobal.
- Comhairle an Aontais Eorpaigh
- Coreper I
- Coreper II
- An Coiste Speisialta um Thalmhaíocht
- Comhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle
Miontuairiscí agus torthaí na vótála
Nuair is cruinniú poiblí a bhíonn ag an gComhairle, bíonn teacht ag an bpobal ar mhiontuairiscí an chruinnithe sin, lena n-áirítear na vótaí maidir le dréachtdlíthe, agus míniúcháin ar vótaí agus ar ráitis na mBallstát. Faightear faisnéis sna miontuairiscí freisin faoi na doiciméid a bhíonn á bplé agus faoi na príomhchonclúidí ar tháinig an Chomhairle orthu.
Poiblítear torthaí na vótála freisin agus féadfar an bealach inar vótáil tíortha aonair an Aontais a bhreathnú.
Foilsítear an fhaisnéis sin in achoimre mhíosúil ar ghníomhartha na Comhairle.
Grafaic faisnéise - Chun teacht ar dhoiciméid na Comhairle
Féach an ghrafaic faisnéise iomlán
Rochtain ar dhoiciméid
Foráiltear le Rialachán Uimh.1049/2001 do na rialacha maidir le rochtain ar dhoiciméid. Suitear rialacha sonracha cur chun feidhme don Chomhairle in iarscríbhinn II a ghabhann lena rialacha nós imeachta. Baineann na rialacha sin le doiciméid na Comhairle Eorpaí freisin.
Foilsíonn an Chomhairle tuarascáil bhliantúil ar chur i bhfeidhm Rialachán 1049/2001.
Clár poiblí de dhoiciméid na Comhairle
Féadfaidh tú rochtain a fháil ar dhoiciméid na Comhairle tríd an gclár poiblí. Tá a bhfuil i ndoiciméid oifigiúla na Comhairle ó 1999 i leith sa chlár poiblí nó tá tagairtí do na doiciméid oifigiúla sin ar fáil ann. Tá rochtain láithreach ar thart ar 80 % de na doiciméid sin ar líne. Is féidir leat rochtain a iarraidh ar an 20 % eile. Tá na doiciméid sin ar fáil don phobal faoi réir eisceachtaí a leagtar síos faoi rialacha an Aontais maidir le trédhearcacht.
Sonraí oscailte
Ó 2015 i leith, tá Comhairle an Aontais Eorpaigh rannpháirteach i dTairseach Sonraí Oscailte an Aontais lena mbaineann trí thacar sonraí:
- vótaí na Comhairle maidir le gníomhartha reachtacha
- meiteashonraí chlár poiblí na Comhairle
- meiteashonraí an bhunachair sonraí maidir le hiarrataí ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid
Seoladh Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais i mí na Nollag 2012. Is pointe aonair rochtana é ar réimse méadaitheach sonraí ó institiúidí an Aontais agus ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais. Tá na sonraí saor in aisce le húsáid agus le hathúsáid chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála, ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse.
Tá sé mar aidhm ag tairseach sonraí oscailte an Aontais úsáid nuálach na sonraí a chur chun cinn agus a n-acmhainneacht eacnamaíoch a bhaint amach. Féachtar freisin le hinstitiúidí an Aontais agus le comhlachtaí eile de chuid an Aontais a spreagadh le bheith níos trédhearcaí agus níos cuntasaí.
An Chartlann
Bailíonn agus próiseálann cartlann na Comhairle na doiciméid a tháirgeann Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na doiciméid a fhaigheann sí agus a feidhmeanna á gcomhlíonadh aici. Tá teacht ag an bpobal ar an gcartlann a bhaineann le comhaid a dúnadh breis is 30 bliain ó shin.
Cuirtear na doiciméid bhunaidh chuig cartlann stairiúil an Aontais, a stóráiltear san Institiúid Ollscoile Eorpach i bhFlórans. Is féidir breathnú ar mhicrifíseanna agus/nó ar chóipeanna leictreonacha de na doiciméid i gcartlann na Comhairle sa Bhruiséil.
Fiosrúcháin ghinearálta
Is féidir ceisteanna ginearálta faoi eagrú, obair agus gníomhaíochtaí na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle a chur ar an tseirbhís um fhaisnéis don phobal. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir leis an tseirbhís sin comhairle dlí a sholáthar ná trácht a dhéanamh ar shaincheisteanna sonracha.
Is féidir leat do cheist a chur isteach i dteanga ar bith de 24 theanga oifigiúla an Aontais.