Tréimhsí oiliúna íoctha

Déan iarratas anois

Glacfar le hiarratais ó:

  • 12 pm (Am Lár na hEorpa), an 31 Lúnasa 2020, go
  • 12 pm (Am Lár na hEorpa), an 28 Meán Fómhair 2020

Ar:

  • tréimhsí oiliúna íoctha
  • tréimhsí oiliúna éigeantacha gan íocaíocht
  • an clár gníomhaíochtaí dearfacha d’oiliúnaithe faoi mhíchumas (íoctha)

Séanadh COVID-19: tá tionchar faoi láthair ag paindéim COVID-19 ar eagrú na dtréimhsí oiliúna. Breis eolais thíos.

Sracfhéachaint

Cuireann Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) tuairim is 100 tréimhse oiliúna a ngabhann íocaíocht leo ar fáil gach bliain do shaoránaigh an Aontais a mbíonn, faoin spriocdháta le hiarratais a dhéanamh, an chéad chuid, ar a laghad, dá gcúrsa ollscoile críochnaithe acu agus teastas céime nó a chomhionann faighte acu.

Dhá thréimhse éagsúla, a mhaireann 5 mhí an ceann, a bhíonn i gceist leis na tréimhsí oiliúna:

  • An 1 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh (an chéad tréimhse)
  • An 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Eanáir (an dara tréimhse)

Tá cineálacha eile tréimhsí oiliúna sa Chomhairle; is féidir leat tréimhse oiliúna ar spéis leat í a roghnú:

Iarratas

Is féidir iarratais a chur isteach anois ar feadh tréimhse theoranta; féach an bosca Déan iarratas anois ag barr an leathanaigh. Ní mór duit iarratas a chur isteach agus úsáid á baint as an gcóras ar líne. Ní gá duit doiciméid tacaíochta a chur isteach nuair a líonann tú isteach an fhoirm iarratais ar líne. Má thairgtear tréimhse oiliúna duit, beidh ort iad a chur ar fáil ag an gcéim sin.

Faigheann an Chomhairle líon mór iarratas. Ná fág go dtí an nóiméad deiridh é le d'iarratas a chur isteach ionas nach gcuirfear róbhrú ar an gcóras.

Tá an fhoirm iarratais ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis. Ní mór duit Béarla nó Fraincis a bheith ar do thoil agat le hiarratas a dhéanamh.

An seoladh atá i do phróifíl

Má athraíonn an seoladh sin, bí cinnte go ndéanfaidh tú do phróifíl a leasú dá réir. Úsáidfear an seoladh sin tráth a ndéanfar tréimhse oiliúna a thairiscint duit agus tráth a mbeidh do chomhad á phróiseáil, agus measfar gurb é an seoladh sin an áit ónar earcaíodh tú.

Is minic a théann ríomhphoist ó oifig na dtréimhsí oiliúna nó an seoladh ríomhphoist "Traineeship" go dtí an fillteán turscair; mar sin, déan é a sheiceáil go rialta, le do thoil, le haghaidh teachtaireachtaí a d'fhéadfadh teacht isteach ó "Traineeship".

Cad a bheidh ag teastáil má éiríonn leat?

  • cóip inléite de do phas nó de do chárta aitheantais
  • cóip de do dhioplómaí nó de do theastais oifigiúla
  • nuair is gá sin, cruthúnas ar do thaithí ghairmiúil
  • cruthúnas nó dearbhú mionsonraithe maidir le d'eolas ar na teangacha a luaitear ar an bhfoirm iarratais

An nós imeachta roghnúcháin

Rachfar i dteagmháil i mí na Nollag ar a dhéanaí leis na hiarrthóirí a roghnófar don chéad tréimhse, agus rachfar i dteagmháil leis na hiarrthóirí a roghnófar don dara tréimhse i mí an Mheithimh ar a dhéanaí.

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo

Má éiríonn leat, gheobhaidh tú tairiscint le r-phost agus luafar ann dátaí na tréimhse oiliúna agus an roinn lena mbeidh tú ag obair. Iarrfar ort doiciméid áirithe a sholáthar le ríomhphost chun tacú leis an bhfaisnéis atá san fhoirm iarratais.

Ní ligfear duit tosú ar an obair mura gcuireann tú an comhad iomlán ar fáil. Beidh ort cruthúnas a thabhairt i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a chuirfidh tú síos ar an bhfoirm iarratais (oideachas, taithí ghairmiúil, eolas ar theangacha). Dá bhrí sin, níor cheart duit a áireamh san fhoirm iarratais ach faisnéis a bhfuil doiciméid tacaíochta agat di.

Tar éis di na doiciméid tacaíochta a fhíorú, cuirfidh oifig na dtréimhsí oiliúna comhaontú le haghaidh tréimhse oiliúna chugat chun a shínithe.

Na hiarrthóirí nach n-éireoidh leo

Is iomaí iarratas a fhaigheann an Ardrúnaíocht gach bliain ar na tréimhsí oiliúna íoctha. Faraor, ní bhíonn ar fáil ach 100 áit.

Cuirfear scéala chuig na hiarrthóirí sin nár éirigh leo le ríomhphost faoi dheireadh mhí na Nollag (i gcás tréimhsí oiliúna a thosaíonn i mí Feabhra), agus faoi dheireadh mhí an Mheithimh (i gcás tréimhsí oiliúna a thosaíonn i mí Mheán Fómhair).

Más spéis leat tréimhse oiliúna a dhéanamh ag an Ardrúnaíocht agus má chomhlíonann tú na coinníollacha maidir le hiarratas a chur isteach, féadfaidh tú iarratas eile a dhéanamh don chéad tréimhse oiliúna eile.

Teagmháil

Má tá tuilleadh faisnéise uait, bí i dteagmháil le hoifig na dtréimhsí oiliúna:

  • Seol ríomhphost
  • Teil: +32 22813677

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí atá ag cur isteach ar thréimhse oiliúna maidir leis na himpleachtaí atá ag COVID-19 dá n-iarratas agus dá n-éileamh ar thréimhse oiliúna

Tá tionchar faoi láthair ag paindéim COVID-19 ar eagrú na dtréimhsí oiliúna. Leis an éiginnteacht atá ann faoina bhfuil i ndán, ní féidir linn aon ráthú a thabhairt go rachaidh na tréimhsí oiliúna ar aghaidh mar a bhí beartaithe. Braitheann na socruithe oibre a rinne an Ardrúnaíocht freisin ar na bearta atá glactha ag rialtas cónaidhme na Beilge.

Teastaíonn ó Oifig na dTréimhsí Oiliúna a chinntiú go rachadh an taithí a bhaineann le tréimhse oiliúna chun tairbhe do na hoiliúnaithe féin agus don Ardrúnaíocht. Ós rud é nach féidir leis an Ardrúnaíocht a ráthú roimh ré go mbeidh na cúinsí taistil agus oibre amhlaidh is gurbh fhíorthréimhse oiliúna a bheadh ann, tá roinnt athruithe déanta ar an nós imeachta roghnúcháin agus ar thréimhsí na hoiliúna. Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas faoi aon athruithe in am trátha.