Clár gníomhaíochtaí dearfacha d'oiliúnaithe faoi mhíchumas

Déan iarratas anois

Glacfar le hiarratais ó:

  • 12 pm (Am Lár na hEorpa), an 31 Lúnasa 2020, go
  • 12 pm (Am Lár na hEorpa), an 28 Meán Fómhair 2020

ar:

  • tréimhsí oiliúna íoctha
  • tréimhsí oiliúna éigeantacha gan íocaíocht
  • an clár gníomhaíochtaí dearfacha d’oiliúnaithe faoi mhíchumas (íoctha)

Séanadh COVID-19: tá tionchar faoi láthair ag paindéim COVID-19 ar eagrú na dtréimhsí oiliúna. Breis eolais thíos.

Sracfhéachaint

Cinntíonn Ardrúnaíocht na Comhairle (An Ardrúnaíocht) go gcuirfear 4-6 thréimhse oiliúna íoctha ar fáil in aghaidh na bliana do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil míchumas aitheanta acu. Ní mór d'iarrthóirí céim ollscoile a bheith acu nó a bheith ina mic léinn tríú bliain (nó a gcoibhéis) in institiúid ardoideachais.

Reáchtáiltear tréimhsí oiliúna thar dháthréimhse, a mhaireann cúig mhí an ceann:

  • An 1 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh (an chéad tréimhse)
  • An 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Eanáir (an dara tréimhse)

Tá liosta na réimsí ar fáil tríd an bhfoirm iarratais.

Tá fáilte roimh iarrthóirí faoi mhíchumas cur isteach ar chineálacha eile tréimhsí oiliúna má chomhlíonann siad na critéir incháilitheachta.

Iarratas a chur isteach

Is féidir iarratais a chur isteach anois ar feadh tréimhse theoranta – féach an bosca Déan iarratas anois ag barr an leathanaigh. Ní mór duit iarratas a chur isteach agus úsáid á baint as an gcóras ar líne. Iarrfar ort, agus tú ag clárú, doiciméad oifigiúil ó údarás náisiúnta nó ó aon chomhlacht creidiúnaithe ina ndeimhnítear go bhfuil tú faoi mhíchumas a uaslódáil.

Tá an fhoirm iarratais ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis. Ní mór duit ceann amháin den dá theanga seo a bheith ar do thoil agat (leibhéal C mar a shainítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha) le hiarratas a dhéanamh.

Má tá oiriúnuithe speisialta ag teastáil uait le linn an phróisis iarratais mar gheall ar mhíchumas, déan teagmháil le hoifig na dtréimhsí oiliúna, ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: [email protected]

Freastal réasúnta

Cuirtear ar chumas daoine faoi mhíchumas post a dhéanamh ar bhonn comhionann le daoine eile trí fhreastal réasúnta. Tá an ceart ag daoine atá faoi mhíchumas go ndéanfar freastal réasúnta orthu mura gcuirfeadh bearta den sórt sin ualach díréireach ar an bhfostóir.

San Ardrúnaíocht, is féidir a áireamh ar fhreastal réasúnta trealamh nó feistí teicniúla a sholáthar nó a mhodhnú, beartais nó cleachtais a oiriúnú etc. Níl aon réiteach ann a oireann do chách. Is gá dá bhrí sin scrúdú a dhéanamh ar gach uile chás chun freastal ar dhaoine mar is cuí.

Chun freastal réasúnta a iarraidh, seol teachtaireacht chuig [email protected] a luaithe a bheidh d'iarratas curtha isteach agat. Ba cheart cur síos a dhéanamh san iarraidh ar na socruithe maidir le freastal réasúnta a bheadh ag teastáil uait le linn na tréimhse oiliúna agus ba cheart údar doiciméadach leis an ngá atá le socruithe réasúnta maidir le freastal a bheith ag gabháil leis. Tabhair d'ainm iomlán agus an uimhir iarrthóra a fuair tú agus d'iarratas á chur isteach.

Is í an oifig comhionannais deiseanna a dhéileálfaidh le d'iarraidh ar fhreastal réasúnta agus ní bheidh rochtain ag oifig na dtréimhsí oiliúna air.

An seoladh atá i do phróifíl

Cuir aon athrú ar do sheoladh in iúl d'oifig na dtréimhsí oiliúna. Úsáidfear an seoladh sin tráth a ndéanfar tréimhse oiliúna a thairiscint duit agus tráth a mbeidh do chomhad á phróiseáil, agus measfar gurb é an seoladh sin an áit ónar earcaíodh tú.

Is minic a théann ríomhphoist ó oifig na dtréimhsí oiliúna nó ón seoladh ríomhphoist "Traineeship" go dtí an fillteán turscair; mar sin, déan é a sheiceáil go rialta le haghaidh teachtaireachtaí a d'fhéadfadh teacht isteach ó "Traineeship".

Cad a bheidh ag teastáil má éiríonn leat?

  • cóip inléite de do phas nó de do chárta aitheantais
  • cóip de do dhioplómaí nó de do theastais oifigiúla
  • nuair is gá sin, cruthúnas ar do thaithí ghairmiúil
  • cruthúnas nó dearbhú mionsonraithe maidir leis an eolas atá agat ar na teangacha a luaitear ar an bhfoirm iarratais

An nós imeachta roghnúcháin

Rachfar i dteagmháil i mí na Nollag ar a dhéanaí leis na hiarrthóirí a roghnófar don chéad tréimhse, agus rachfar i dteagmháil leis na hiarrthóirí a roghnófar don dara tréimhse i mí an Mheithimh ar a dhéanaí.

Na hiarrthóirí ar éirigh leo

Má d'éirigh leat, gheobhaidh tú tairiscint ar an r-phost agus luafar ann dátaí na tréimhse oiliúna agus an roinn lena mbeidh tú ag obair. Iarrfar ort doiciméid áirithe a sheoladh le ríomhphost chun tacú leis an eolas atá ar an bhfoirm iarratais.

Ní ligfear duit tosú ar an obair mura gcuirfidh tú ar fáil na doiciméid ar fad a iarrfar ort. Beidh ort cruthúnas a thabhairt i ndáil leis an bhfaisnéis ar fad a chuirfidh tú síos ar an bhfoirm iarratais (oideachas, taithí ghairmiúil, eolas ar theangacha). Dá bhrí sin, níor cheart duit a áireamh san fhoirm iarratais ach eolas a bhfuil doiciméid tacaíochta agat di.

Tar éis di na doiciméid tacaíochta a fhíorú, cuirfidh oifig na dtréimhsí oiliúna comhaontú le haghaidh tréimhse oiliúna chugat le síniú.

Na hiarrthóirí nár éirigh leo

Cuirfear na hiarrthóirí nár éirigh leo ar an eolas tríd an r-phost nuair a bheidh deireadh leis an nós imeachta roghnúcháin.

Más spéis leat tréimhse oiliúna a dhéanamh amach anseo le hArdrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus má chomhlíonann tú na coinníollacha maidir le hiarratas a chur isteach, féadfaidh tú iarratas eile a dhéanamh don chéad tréimhse oiliúna eile.

Teagmháil

Má tá tuilleadh eolais uait, bí i dteagmháil le hoifig na dtréimhsí oiliúna:

Eolas tábhachtach d’iarrthóirí atá ag cur isteach ar thréimhse oiliúna maidir leis na himpleachtaí atá ag COVID-19 dá n-iarratas agus dá n-éileamh ar thréimhse oiliúna

Tá tionchar faoi láthair ag paindéim COVID-19 ar eagrú na dtréimhsí oiliúna. Leis an éiginnteacht atá ann faoina bhfuil i ndán, ní féidir linn aon ráthú a thabhairt go rachaidh na tréimhsí oiliúna ar aghaidh mar a bhí beartaithe. Braitheann na socruithe oibre a rinne an Ardrúnaíocht freisin ar na bearta atá glactha ag rialtas cónaidhme na Beilge.

Teastaíonn ó Oifig na dTréimhsí Oiliúna a chinntiú go rachadh an taithí a bhaineann le tréimhse oiliúna chun tairbhe do na hoiliúnaithe féin agus don Ardrúnaíocht. Ós rud é nach féidir leis an Ardrúnaíocht a ráthú roimh ré go mbeidh na cúinsí taistil agus oibre amhlaidh is gurbh fhíorthréimhse oiliúna a bheadh ann, tá roinnt athruithe déanta ar an nós imeachta roghnúcháin agus ar thréimhsí na hoiliúna. Cuirfear na hiarrthóirí ar an eolas faoi aon athruithe in am trátha.