Na príomhthorthaí
“Tosaíocht d’Uachtaránacht Mhálta agus don Aontas ar fad is í sábháilteacht tomhaltóirí. D’fhreagair na Ballstáit agus an Coimisiún go pras, go héifeachtach agus ar bhealach comhordaithe do scannal feola na Brasaíle. Tá córas an Aontais i ndáil le hallmhairí a rialú géar agus iontaofa, agus tá sé anois níos déine ná mar a bhí.”
Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus Uachtarán na Comhairle
Omnibus
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le rialachán Omnibus, ina moltar an reachtaíocht a thabhairt cothrom le data i roinnt mhaith réimsí, lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta, agus atá mar chuid den athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil.
Ba dhíol sásaimh do na hairí i gcoitinne phacáiste comhréitigh na hUachtaránachta agus thug siad aghaidh ar na saincheisteanna polaitiúla sin atá fós gan réiteach, ar beag a líon (tacaíocht chúpláilte dheonach, feirmeoirí óga, uirlis cobhsaithe ioncaim, srl.). Tabharfaidh toradh an phlé sin treoir pholaitiúil don Choiste Speisialta um Thalmhaíocht agus é ag obair chun teacht ar chomhaontú deiridh maidir le gnéithe talmhaíochta an togra.
“Is í an tosaíocht atá againn an saol a dhéanamh níos fusa d’fheirmeoirí agus d’údaráis náisiúnta araon. Is mór is féidir linn a dhéanamh chun na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus a fheabhsú laistigh de shrianta chobhsaíocht an mhargaidh.”
Roderick Galdes, Rúnaí Parlaiminte Mhálta don Talmhaíocht agus Uachtarán na Comhairle
Tuarascáil maidir le limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht a chur chun feidhme
Chuir an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi thorthaí a thuarascála maidir leis an dualgas atá air limistéar ina ndírítear ar an éiceolaíocht (EFA) a chur chun feidhme faoi scéim na n-íocaíochtaí díreacha glasa.
Léirítear sa tuarascáil go bhfuil feidhm ag dualgas EFA maidir leis an gcuid is mó de thalamh arúil an Aontais agus go bhféadfadh an dualgas sin a bheith ina chúnamh agus aghaidh á tabhairt ar an iarmhairt a bhíonn ag roinnt cleachtas feirmeoireachta ar an gcomhshaol, trí éifeachtaí tairbhiúla don bhithéagsúlacht, don ithir, don uisce agus don aeráid a bhaint amach.
Ba dhíol sásaimh do na toscaireachtaí an tuarascáil agus leag siad béim ar a thábhachtaí a bheidh sé glasú an Chomhbheartais Talmhaíolchta a shimpliú tuilleadh.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Cuireadh na hairí ar an eolas maidir leis na forbairtí is déanaí i ndáil le caolais feola na brasaíle agus phléigh siad simpliú an Chomhbheartas Talmhaíochta, le béim ar an tréimhse i ndiaidh 2020 agus ar reachtaíocht thánaisteach.
Chinn an Chomhairle freisin ciste dlúthpháirtíochta an Aontais a úsáid chun cabhrú leis an Ríocht Aontaithe, an Chipir agus an Phortaingéil an damáiste ó thubaistí nádúrtha a dheisiú. I ndiaidh na dtuillte a bhí ann i mí na Nollag 2015 agus i mí Eanáír 2016, gheobhaidh an Ríocht Aontaithe €60.3 milliún. Gheobhaidh an Chipir, tír a buaileadh le triomach agus le tinte idir mí Dheireadh Fómhair 2015 agus mí an Mheithimh 2016, gheobhaidh sí €7.30 milliún. D’fhulaing an Phortaingéil tinte i mí Lúnasa 2016 agus gheobhaidh sí €3.93 milliún.