Na príomhthorthaí
Fostaíocht agus Beartas Sóisialta
Bhí díospóireacht beartais ag na hAirí ar an Seimeastar Eorpach 2019, bunaithe ar nóta stiúrtha ón Uachtaránacht dar teideal The European Pillar of Social Rights – an initiative for improving the functioning of the labour market and social protection systems across the EU [Colún Eorpach na gceart sóisialta - tionscnamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh an tsaothair agus na gcóras cosanta sóisialta ar fud an Aontais].
Bainteach leis an díospóireacht a bhí aici ar an Seimeastar Eorpach, ghlac an Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2019 (JER). Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid na Comhairle Eorpaí ar an 21-22 Márta, i gcomhréir le hAirteagal 148 (1) den CFAE, chun go ndéanfar ‘staid na fostaíochta a mheas agus conclúidí a ghlacadh i ndáil léi’.
Mar chuid den díospóireacht chéanna ghlac na hAirí Conclúidí maidir le Suirbhé Bliantúil Fáis 2018 agus maidir leis an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht. Beidh na conclúidí ag teacht leis na príomhtheachtaireachtaí ó Chomhairle EPSCO chuig an gComhairle Eorpach ar an 21-22 Márta.
Is údar misnigh againn uile an fheabhas atá ag teacht ar an staid sóisialta san Eoraip. San Aontas féin táimid ag feiscint an ráta fostaíochta is airde riamh, atá ar ais chuig na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim. Ach níor cheart dúinn ár maidí a ligean le sruth. Tá gá le breis iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin thromchúiseacha amhail na difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit agus an ráta ard dífhopstaíochta i measc na n-óg i gceantair ar leith.
Marius-Constantin Budăi, Aire Saothair agus Ceartais Shóisialta na Rómáine
Mar chuid den Seimeastar Eorpach, chuir an Coimisiún Tuarascálacha de réir tíre 2019 i láthair. Ag eascairt as an gcur i láthair sin beidh togra ón gCoimisiún maidir leis na dréacht-CSRanna a bhfuil súil leo i mí Bealtaine 2019.
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú
Tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta páirteach (seasamh na Comhairle) maidir le togra le haghaidh Rialachán maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú. Tá an ciste ceaptha le tacú le Ballstáit áit go dtiteann mórtheagmhais athstruchtúrúcháin nach raibh coinne leo amach, go hairithe teagmhais a bhíonn mar thoradh ar dhúshláin a bhaineann leis an domhandú. Ní chumhdaítear gnéithe buiséadacha nó forálacha den chineál cothrománach le seasamh na Comhairle agus tá sin ag brath ar a thuilleadh dul chun cinn i ndáil leis na gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile.
Bhí díospóireacht um lón ag na hAirí, bunaithe ar an nóta stiúrtha ón Uachtaránacht. Scileanna daoine fásta a fhorbairt - tosaíocht i gcomhthéacs na n-athruithe socheacnamaíocha san Aontas a bhí mar ábhar.
Bhí díospóireacht beartais ag an gComhairle freisin maidir leis an ngné shóisialta den Eoraip tar éis 2020, bunaithe ar pháipéar plé ón Uachtaránacht.
Aon ghnó eile
Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach a bheidh ann ar an 20 Márta. "Ar son Eoraip níos láidre, atá aontaithe agus ceannródaíoch” a bheidh mar phríomhthéama ag an gcruinniú mullaigh.
Chuir an Uachtaránacht na hAirí ar an eolas freisin faoin líon mór tograí reatha reachtacha i réimsí na fostaíochta, dlí an tsaothair agus na sláinte agus sábháilteachta ag an obair:
- An Treoir maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí
- An Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil
- Athbhreithniú ar an Treoir maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha (an 3ú cnuas)
- An Treoir maidir le dálaí trédhearcacha intuartha oibre
- Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair
- Athbhreithniú ar na rialacháin maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (883/04 agus 987/09)
Chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas faoin staid mar atá i ndáil le malartú leictreonach faisnéise slándála sóisialta (EESSI). Tá na Ballstáit ceaptha bailchríoch a chur ar a gcur chun feidhme náisiúnta de EESSI faoi mhí Iúil 2019.
Thíolaic na Cathaoirligh ar an gCoiste Fostaíochta (EMCO) agus ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC) a gcláir oibre dá gcoistí faoi seach don bhliain 2019 do na hAirí.