Na príomhthorthaí
Tháinig airí oideachais le chéile i bhfíschomhdháil an 19 Feabhra 2021 chun plé a dhéanamh ar cé mar is fearr aghaidh a thabhairt ar na dúshláin leanúnacha a ghabhann le rochtain chomhionann, an cuimsiú agus an rath do chách san oideachas agus san oiliúint. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí atá ar siúl chun creat nua a bhunú don chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint as seo go 2030, lena gcuimsítear an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach. Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir lena tionscnamh chun ardán ar líne a sheoladh lena n-éascófar comhroinnt sonraí idir na Ballstáit maidir le dul i ngleic le paindéim COVID-19 san oideachas agus san oiliúint.
![]()
Is cúis imní i gcónaí dúinn feabhas a chur ar an gcothromas i dtaca le rochtain agus cuimsiú do chách san oideachas a fheabhsú, agus táimid tiomanta don sprioc sin a bhaint amach. Is bonn sármhaith é an plé a rinneadh chun ár dtiomantas polaitiúil i leith an chuspóra sin a athnuachan: tá sé beartaithe againn conclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar sin a ghlacadh le linn an chéad chruinniú eile a bheidh againn i mí na Bealtaine. Tá roinnt scéimeanna cistiúcháin de chuid an Aontais ar fáil dúinn anois, amhail Erasmus+ agus an tSaoráid nua Téarnaimh agus Athléimneachta, lena bhféadfar an tacaíocht riachtanach airgeadais a chur ar fáil chun gur féidir tús a chur le bearta agus athchóirithe a chur chun feidhme.
Tiago Brandão Rodrigues, Aire Oideachais na Portaingéile
I seisiún poiblí, bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na dea-chleachtais bheartais agus na héachtaí eiseamláireacha comhroinnte chun cothromas rochtana a bhaint amach, agus cách a chuimsiú san oideachas ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. D'athdhearbhaigh roinnt de na hairí an tionchar trom atá ag paindéim COVID-19 ar an oideachas, chuir siad i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le foghlaim le daoine os comhair a chéile, agus dhírigh siad ar an ngá atá le tuilleadh den oideachas réamhscoile a chur chun cinn. Chuir na hairí chun suntais freisin gur gá rochtain ar oideachas a éascú do leanaí agus do dhaoine fásta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, d’inimircigh agus do dhídeanaithe, agus dóibh siúd atá i mbaol an eisiaimh shóisialta. Ag eascairt as an díospóireacht bheartais sin, oibreoidh an Uachtaránacht leis na Ballstáit chun conclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar sin a ghlacadh ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag na hairí oideachais i mí na Bealtaine 2021.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoin rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030). D’fhormheas an Chomhairle an rún seo an 18 Feabhra 2021 trí nós imeachta i scríbhinn. Chuir an Uachtaránacht chun suntais na cúig thosaíocht straitéiseacha a bhaineann leis an rún:
- Feabhas a chur ar an gcáilíocht, an cothromas, an rochtain, an cuimsiú agus an rath do chách san oideachas agus san oiliúint.
- Foghlaim ar feadh an tsaoil agus an tsoghluaisteacht a chur i gcrích do chách.
- Inniúlachtaí agus inspreagadh a fheabhsú i ngairm an oideachais.
- An t-ardoideachas Eorpach a threisiú.
- Tacú trí mheán an oideachas agus na hoiliúna leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach san oideachas agus san oiliúint.
Cuimsítear sa rún gníomhaíochtaí nithiúla atá molta do gach ceann de na cúig thosaíocht chomh maith le roinnt spriocanna táscacha ar leibhéal an Aontais amhail: líon na mac léinn nach mbaineann amach dóthain inniúlachta sna scileanna bunúsacha agus digiteacha, mar aon le luathfhágálaithe oideachais (níos lú ná 9 % in 2030), a laghdú, agus an líon a bhaineann amach oideachas tríú leibhéal a mhéadú, agus tuilleadh nach é.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir lena tionscnamh chun ardán ar líne a sheoladh lena n-éascófar comhroinnt sonraí idir na Ballstáit maidir le dul i ngleic le paindéim COVID-19 san oideachas agus san oiliúint. Chuir an Uachtaránacht i láthair an chéad anailís ar na sonraí a bailíodh tríd an ardán, ina dtarraingítear aird ar an dul chun cinn a rinneadh i réimsí amhail an digiteáil ach freisin ar an gcaoi ar tháinig na scoileanna ar réitigh chun aghaidh a thabhairt ar shrianta na paindéime ar fud na mBallstát, rud a chuireann uirlisí nuálacha, acmhainní oideachais oscailte agus samplaí praiticiúla ar fáil.