A bhuí le Chomhdháil na Bruiséile, tá an choinbhleacht sa tSiria fós ar bharr an chláir oibre idirnáisiúnta
Na príomhthorthaí
Bhí an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe ina gcomhchathaoirligh ar an gceathrú ceann de Chomhdhálacha na Bruiséile maidir le Tacú le todhchaí na Siria agus an réigiúin, a tionóladh ón 22 go dtí an 30 Meitheamh 2020. I bhfianaise na mbeart scartha sóisialta is gá, tionóladh an Chomhdháil i bhformáid fhíorúil.
Tháinig 80 tír, eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus na Náisiún Aontaithe le chéile chun páirt a ghlacadh sa chomhdháil idirnáisiúnta agus ina roinn ardleibhéil aireachta Dé Máirt an 30 Meitheamh.
A bhuí le Comhdháil na Bruiséile tá an choinbhleacht sa tSiria fós ar bharr an chláir oibre idirnáisiúnta. Ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh chun deireadh a chur le fulaingt mhuintir na Siria. Thar aon ní eile, caithfimid réiteach polaitiúil a fháil ar an ngéarchéim. Is mithid an plé sa Ghinéiv a thabhairt chun críche, teacht ar réiteach polaitiúil agus síocháin chuimsitheach a thabhairt chun na Siria. Leanfaimid leis an bhfreagairt ar na riachtanais dhaonnúla ollmhóra leanúnacha.
Josep Borrell Fontelles, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin
D’éirigh leis an gcomhdháil cabhair a shlógadh do Shiriaigh sa tír féin agus sna tíortha comharsanacha, lena n-áirítear do na pobail óstacha, le gealltanais ar fiú $5.5 billiún USD (€4.9 billiún) iad do 2020 agus gealltanais ilbhliantúla ar fiú nach mór $2.2 billiún (€2 bhilliún) iad do 2021 agus ina dhiaidh sin.
Ghlac na comhchathaoirligh dearbhú comhpháirteach:
Leis an ardleibhéal rannpháirtíochta, cuirtear in iúl do mhuintir na Siria, cibé áit ina bhfuil siad, nach bhfuil dearmad déanta ag an domhan orthu agus go seasfaidh an domhan leo. Tá an méid sin tábhachtach sna cúinsí reatha agus an choinbhleacht ann le beagnach 10 mbliain anuas.
Marc Lowcock, Fo-Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandálaí
Agus an choinbhleacht ar siúl le beagnach deich mbliana anuas, tá an staid sa tSiria agus sa réigiún an-dona i gcónaí: mar gheall ar iarmhairtí phaindéim COVID-19, is measa anois an staid thromchúiseach dhaonnúil, agus na milliúin Siriach easáitithe laistigh den tír nó faoi thearmann i dtíortha comharsanacha na Siria.
Ós amhlaidh atá, deis a bhí i gComhdháil na Bruiséile IV na gníomhaithe ábhartha uile a bhailiú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an staid reatha ar bhealach éifeachtach, tacaíocht leantach a thabhairt d'iarrachtaí na Náisiún Aontaithe réiteach polaitiúil cuimsitheach ar an gcoinbhleacht sa tSiria a bhaint amach, an tacaíocht airgeadais is gá a chur ar fáil don tSiria agus do na tíortha comharsanacha a bhfuil dídeanaithe ón tSiria á n-óstáil acu, chomh maith lenár n-idirphlé leis an tsochaí shibhialta a shaothrú agus a threisiú.
Leagadh béim sa Chomhdháil freisin ar a thábhachtaí atá an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag na tíortha agus na pobail óstacha sa Liobáin, san Iordáin agus sa Tuirc, chomh maith le tíortha óstacha eile sa réigiún amhail an Éigipt agus an Iaráic, agus béim á leagan acu ar na dúshláin atá os a gcomhair sa mheántéarma agus san fhadtéarma.
Clár Chomhdháil Aireachta na Bruiséile IV – 30 Meitheamh 2020
10.00 Searmanas oscailte
11.00 An chéad seisiún iomlánach
12.30 Preasagallamh
14.30 An dara seisiún iomlánach
16.15 An tríú seisiún iomlánach
17.45 Fógra maidir le gealltanais
Laethanta Idirphlé
Tionóladh na Laethanta Idirphlé an 22 agus an 23 Meitheamh, agus rinneadh sruthú gréasáin orthu. Ag an ócáid seo, tugadh le chéile an tsochaí shibhialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, tíortha a dhéanann dídeanaithe a óstáil, an tAontas Eorpach agus comhphobal na Náisiún Aontaithe.
Cliceáil arna naisc san amlíne thíos le haghaidh thaifeadfadh na mbeoshruthanna, le do thoil.
Taispeántas fíorúil is ea Guthanna ón tSiria agus an Réigiún ina dtaispeántar grianghraif agus físeáin de mhuintir na Siria, na hIordáine, na Liobáine agus na hIaráice a cuireadh a mbeatha ar fionraí mar gheall ar an gcogadh sa tSiria.
Imeachtaí eile
Bhí roinnt imeachtaí eile ar siúl ar imeall Chomhdháil na Bruiséile IV, a thionscain agus a d'eagraigh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, tíortha rannpháirteacha, an tAontas agus na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
22/06/2020
Laethanta Idirphlé
Painéal 1
Todhchaí na Siria a thógáil: ról na mban, na hóige agus na sochaí sibhialta
Painéal 2
Freagairt agus téarnamh réigiúnach in aimsir an choróinvíris
23/06/2020
10:00Painéal 3
Cosaint agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Siria atá easáitithe
Painéal 4
Riachtanais láithreacha mar fhreagairt ar an staid dhaonnúil (cabhair, sláinte, cosaint)
24/06/2020
Imeachtaí eile Chomhdháil na Bruiséile IV
Arna eagrú ag Ballstáit an Aontais, ag gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe agus ag comhpháirtithe oifigiúla eile
Mná a chur san áireamh agus todhchaí na Siria á tógáil: an tsíocháin fheimineach a shamhlú
An tSualainn
Drochthoradh na cogaíochta: iarmhairtí réigiúnacha na coinbhleachta sa tSiria
An Banc Domhanda
25/06/2020
09:30An todhchaí a thógáil: ról ríthábhachtach daoine óga, na meabhairshláinte agus na tacaíochta síceasóisialta san fhreagairt ar ghéarchéim na Siria
An Ghearmáin – An Ísiltír
Athléimneacht i dtíortha comharsanacha na Siria: ceachtanna a foghlaimíodh agus réitigh mharthanacha
UNDP – An Fhionlainn
Tacaíocht d'athléimneacht na Siria: ó shábháil beatha go beatha-chothabháil
An Ríocht Aontaithe
26/06/2020
09:00Leanaí Al-Hol: an fáth a bhfuil tábhacht le cearta an linbh a chosaint
Parlaimint na hEorpa
Cuntasacht agus cosaint sibhialtach a chinntiú sa tSiria
SAM
29/06/2020
10:00Do thodhchaí na Siria: aghaidh a thabhairt ar staid na ndaoine atá faoi choinneáil agus na ndaoine atá ar iarraidh
An Eilvéis - ICRC
Cosaint, oideachas agus éisteacht le guth leanaí, déagóirí agus daoine óga na Siria
Gan Glúin a Chailleadh - Lucsamburg
Leanaí na Siria - 9 mbliana faoi fhórsa na cogaíochta
An Bheilg
Athruithe ar thorthaí socheacnamaíocha ó COVID-19 do dhídeanaithe ón tSiria agus do phobail óstacha: plé ar mhodheolaíochtaí agus ar thorthaí tosaigh
UNHCR – An Banc Domhanda
Comhráite ar imeall Chomhdháil na Bruiséile IV
BOZAR
30/06/2020
Comhdháil Aireachta na Bruiséile IV
Searmanas oscailte
An chéad seisiún iomlánach
Preasagallamh
An dara seisiún iomlánach
An tríú seisiún iomlánach
Fógra maidir le gealltanais
Comhairliúcháin fhíorúla leis an tsochaí shibhialta
I bhfianaise na mbeart scartha shóisialta atá i bhfeidhm san Eoraip agus sa Mheánoirthear, is ar líne agus roimh an gcomhdháil a tionóladh comhairliúcháin na bliana seo le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sa tSiria, san Iordáin, sa Liobáin, sa Tuirc agus in áiteanna eile sa réigiún.
Is é is aidhm do na comhairliúcháin sin moltaí a bhailiú maidir leis na príomh-shaincheisteanna atá ag dul i bhfeidhm ar mhuintir na Siria agus maidir leis na réitigh a d'fhéadfadh a bheith orthu, d'fhonn freagairt an chomhphobail idirnáisiúnta don choinbhleacht a chuíchóiriú agus na hacmhainní is gá a shlógadh. Cuirfear na moltaí sin san áireamh san imeacht Aireachta a bheidh ar siúl an 30 Meitheamh.
Seoladh suirbhé ar líne agus d'fhan sé ar oscailt ar feadh coicíse – ón 28 Bealtaine go dtí an 8 Meitheamh – chun moltaí a bhailiú ó réimse leathan geallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta.
Beidh na moltaí ón suirbhé ar líne, agus ón bplé spriocdhírithe le comhpháirtithe an Aontais agus na Náisiún Aontaithe sa tSiria agus sa réigiún mar chnámh droma na gcomhairliúchán sin.
Ina theannta sin, tá stór ar líne á thiomsú de thuarascálacha na sochaí sibhialta agus de chuid na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile, páipéir bheartais, agus ábhar scríofa eile atá ábhartha le Comhdháil na Bruiséile IV. Beidh rochtain ag an bpobal ar an stór sin ón leathanach gréasáin seo.
Más mian leat go mbeadh an tuarascáil is déanaí ó d’eagraíocht le feiceáil inár stór, seol an comhad (gan é a bheith níos mó ná 2 MB) chuig an seoladh ríomhphoist thíos, le do thoil.
an ghéarchéim dhaonnúil sa tSiria: fíricí agus figiúirí
Tá tionchar mór forleathan i gcónaí ag gabháil leis an ngéarchéim sa tSiria ón taobh daonnúil de:
- tá cúnamh daonnúil de dhíth ar 11.1 milliún duine
- níl dóthain bia ag 6.5 milliún duine
- tá breis is 12 mhilliún duine easáitithe laistigh agus lasmuigh den tSiria
- rinneadh díobháil do scoil amháin as gach trí scoil, sin nó scriosadh í
- tá 50% de na saoráidí sláinte ar fad dúnta nó ag feidhmiú i bpáirt
Eolas cúlra
Comhdhálacha go dtí seo
D'éirigh le comhdháil 2019 na Bruiséile cúnamh a shlógadh do Shiriaigh ina dtír féin agus sna tíortha comharsanacha agus do na pobail óstacha chomh maith. Gheall an tAontas agus bronntóirí idirnáisiúnta eile na méideanna seo a leanas:
- €6.2 billiún don bhliain 2019
- € 2.4 billiún le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin
In 2018 gheall bronntóirí na méideanna seo a leanas:
- €3.5 billiún don bhliain 2018
- €2.7 billiún do na blianta 2019-2020
In 2017:
- Cabhair €5.6 billiún don bhliain 2017
- Cabhair €3.47 billiún do na blianta 2018-2020
Freagairt an Aontais ar ghéarchéim na Siria
Ó thosaigh an choinbhleacht in 2011, tá breis agus €20 billiún de chabhair dhaonnúil agus de chúnamh cobhsaíochta curtha ar fáil ag an Aontas agus a Bhallstáit. Is iad na bronntóirí is mó sa tSiria agus sa réigiún.
Tá an tAontas meáite i gcónaí ar theacht ar réiteach polaitiúil inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht sa tSiria faoi chuimsiú an chreata ar ar chomhaontaigh na Náisiúin Aontaithe.
Mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle a glacadh an 3 Aibreán 2017, creideann an tAontas nach ann d'aon réiteach míleata ar an gcoinbhleacht agus tacaíonn sé go láidir le hobair Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe agus leis na cainteanna sa Ghinéiv idir páirtithe leasmhara éagsúla de chuid na Siria.
Ghlac an Chomhairle straitéis an Aontais don tSiria an 3 Aibreán 2017, roimh an gcéad chomhdháil sa Bhruiséil. Leagtar amach inti cuspóirí straitéiseacha an Aontais don tSiria i sé phríomhréimse.
Le haghaidh tuilleadh eolais
- Tacaíocht ón Aontas laistigh den tSiria (bileog eolais ó CE)
- Tacaíocht ón Aontas san Iordáin (bileog eolais ó CE)
- Tacaíocht ón Aontas sa Liobáin (bileog eolais ó Pharlaimint na hEorpa)
- Tacaíocht ón Aontas sa Tuirc (bileog eolais ó CE)
- An tSiria: freagairt na Comhairle ar an ngéarchéim (eolas cúlra)
- Grafaic faisnéise dar teideal <em>EU and the crisis in Syria</em> [An tAontas Eorpach agus an ghéarchéim sa tSiria] (SEGS)
- Toscaireacht an Aontais chun na Siria (SEGS)
- Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais mar Fhreagairt ar an nGéarchéim sa tSiria