Buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021 go 2027 agus an pacáiste téarnaimh

Buiséad chun an téarnamh as COVID-19 a chumhachtú

Grafaic faisnéise - Creat airgeadais ilbhliantúil 2021‑2027 agus Next Generation EU

Leagtar amach sa ghrafaic faisnéise seo príomhréimsí caiteachas an Aontais don tréimhse 2021-2027. Féach an ghrafaic faisnéise iomlán

Tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle an rialachán lena leagtar síos creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais (CAI) do 2021-2027.

Foráiltear leis an rialachán do bhuiséad fadtéarmach €1 074.3 billiún do AE27 i bpraghsanna 2018, lena n-áirítear comhtháthú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta. In éineacht leis an €750 billiún ón ionstraim théarnaimh Next Generation EU, beidh an tAontas in ann €1.8 trilliún de chistiú, méid nach bhfacthas a leithéid riamh, a chur ar fáil sna blianta atá le teacht chun tacú le téarnamh as paindéim COVID-19 agus le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais i réimsí éagsúla beartais.

Meastar go nglacfar an chuid is mó de chláir earnálacha cistiúcháin an Aontais go luath in 2021 agus go mbeidh feidhm aisghníomhach leo ó thús 2021 amach.

Chun an ionstraim théarnaimh Next Generation EU a chur chun feidhme, níor mhór cinneadh an Aontais maidir le hacmhainní dílsea fhormheas i ngach Ballstát i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

Cumhdófar seacht réimse caiteachais sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Cuirfear ar fáil leis creat chun beagnach 40 clár caiteachais de chuid an Aontais a chistiú sa tréimhse seacht mbliana atá amach romhainn.

Tá pacáiste cuimsitheach airgeadais dar luach €1.8 trilliún i bpraghsanna 2018 curtha le chéile ag an Aontas. Is chun iarmhairtí socheacnamaíocha phaindéim COVID-19 a ghleic agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais sna blianta amach romhainn an pacáiste sin. Sa phacáiste sin, tá:

  • €1 074.3 billiún chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI)
  • €750 billiún Ionstraim téarnaimh urghnách, Next Generation EU (NGEU)
€1.8 trilliún

cistí comhcheangailte CAI agus NGEU

Beidh an pacáiste ina chuidiú chun an tAontas a athrú ó bhonn trí thacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an gclaochlú digiteach, agus trí fheabhas a chur ar an athléimneacht.

Is i bpraghsanna 2018 atá na suimeanna uile a chuirtear i láthair ar an leathanach seo.

Next Generation EU

Teastóidh infheistíocht ollmhór phoiblí agus phríobháideach ar an leibhéal Eorpach ón bplean don téarnamh Eorpach chun poist a chruthú agus chun an damáiste a rinne paindéim COVID-19 a dheisiú agus ag an am céanna tacú le tosaíochtaí glasa agus digiteacha an Aontais.

Ionas na hacmhainní riachtanacha a thabhairt don Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le paindéim COVID-19, údarófar don Choimisiún €750 billiún a fháil ar iasacht ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais.

€750 billiún

Next Generation EU (NGEU) Ionstraim Théarnaimh AE

Leis an ionstraim téarnaimh Next Generation EU, beifear in ann na cistí sin a aistriú chuig cláir an Aontais mar seo a leanas:

  • An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: €672.5 billiún (iasachtaí: €360 billiún, deontais: €312.5 billiún)
  • REACT-EU: €47.5 billiún
  • Fís Eorpach: €5 bhilliún
  • InvestEU: €5.6 billiún
  • Forbairt Tuaithe: €7.5 billiún
  • An Ciste um Aistriú Cóir: €10 mbilliún
  • RescEU: €1.9 billiún

An creat airgeadais ilbhliantúil

Cumhdófar an tréimhse ó 2021 go 2027 leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI). Faoin gcéad CAI eile, díreoidh cistiú ón Aontas arís eile ar thosaíochtaí nua agus treisithe i réimsí beartais an Aontais, lena n-áirítear an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Leanfaidh an beartas comhtháthaithe agus an comhbheartas talmhaíochta de chistiú suntasach a fháil agus déanfar iad a nuachóiriú chun a áirithiú gur fearr a rannchuideoidh siad le téarnamh eacnamaíoch na hEorpa agus le cuspóirí glasa agus digiteacha an Aontais.

€1 074.3 billiún

Creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027

Cumhdófar na réimsí caiteachais seo a leanas le CAI:

  • an margadh aonair, nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha: €132.8 billiún
  • comhtháthú, athléimneacht agus luachanna: €377.8 billiún
  • acmhainní nádúrtha agus an comhshaol: €356.4 billiún
  • imirce agus bainistiú teorainneacha: €22.7 billiún
  • slándáil agus cosaint: €13.2 billiún
  • an chomharsanacht agus an domhan: €98.4 billiún
  • an riarachán poiblí Eorpach: €73.1 billiún

Gníomhú ar son na haeráide

Beidh an caiteachas faoi CAI agus faoin Next Generation EU ag teacht leis an méid seo a leanas:

  • Sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht faoi 2050
  • Spriocanna aeráide an Aontais do 2030
  • Comhaontú Pháras

Díreoidh 30% de chaiteachas iomlán CAI agus Next Generation EU ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid.

30%

de chaiteachas iomlán an Aontais chun díriú ar thionscadail a bhaineann leis an aeráid

Solúbthacht

Chun go bhféadfar caiteachas sonrach gan choinne a mhaoiniú, nach bhféadfaí a mhaoiniú ar aon bhealach eile, táthar tar éis Ionstraim Corrlaigh Aonair (SMI) a bhunú. Socrófar uasteorainn bhliantúil na hionstraime ag €772 mhilliún (praghsanna 2018).

Déanfaidh trí ionstraim speisialta téamacha acmhainní breise airgeadais a chur ar fáil le haghaidh teagmhais shonracha gan choinne:

  • Cúlchiste Coigeartaithe Brexit chun tacú leis na Ballstáit agus na hearnálacha eacnamaíocha is mó a bheidh buailte le Brexit (€5 bhilliún)
  • An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacú le hoibrithe a chailleann a bpost i dteagmhais athstruchtúraithe atá nasctha leis an domhandú (€186 billiún sa bhliain)
  • An Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála chun freagairt ar chásanna éigeandála a eascraíonn as tubaistí móra sna Ballstáit agus sna tíortha aontachais, agus chun freagairt thapa a thabhairt ar riachtanais éigeandála shonracha laistigh den Aontas nó i dtríú tíortha (€1.2 billiún sa bhliain)

Ioncam an Aontais: acmhainní dílse

Cinneadh maidir le hacmhainní dílse

An 14 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle an cinneadh maidir le hacmhainní dílse, ina sainítear an chaoi a mhaoineofar buiséad an Aontais. Ionas go dtiocfadh an cinneadh i bhfeidhm, níor mhór do gach ceann de na 27 mBallstát é a fhormheas i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla féin. Beidh feidhm aisghníomhach aige ón 1 Eanáir 2021.

Uasteorainneacha

Ón 1 Eanáir 2021, socraítear uasteorainneacha na n-acmhainní dílse a leanas don Aontas:

  • le haghaidh íocaíochtaí: 1.40 % de OIN na mBallstát uile
  • le haghaidh gealltanas: 1.46 % de OIN na mBallstát uile

Ar bhonn eisceachtúil agus ar bhonn sealadach, ardófar uasteorainn na n-acmhainní dílse faoi 0.6 pointe céatadáin breise chun cumhdach a thabhairt ar na dliteanais uile sin de chuid an Aontais a eascraíonn as an iasacht dá bhforáiltear chun iarracht aisghabhála NGEU a mhaoiniú, go dtí go mbeidh na cistí go léir a fuarthas ar iasacht aisíoctha.

Foinsí ioncaim

Ón 1 Eanáir 2021, tá acmhainn dhílis nua , atá bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, curtha ar bun. Beidh an acmhainn sin ina dreasacht ag na Ballstáit tomhaltas plaisteach aonúsáide a laghdú, athchúrsáil a chothú agus borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach i gcomhréir leis na cuspóirí atá i mbeartas comhshaoil an Aontais.

Déanfar an tobhach nua a ríomh ar bhonn mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i ngach Ballstát, le glaoráta EUR 0.80 in aghaidh an chileagraim. Beidh sásra san acmhainn sin chun tionchar ró-chúlchéimnitheach ar rannchuidithe náisiúnta a sheachaint.

Ina theannta sin, oibreoidh an tAontas chun acmhainní dílse nua eile a thabhairt isteach sna blianta amach romhainn.

Beidh na foinsí nua airgeadais sin ina mbreis ar na hacmhainní dílse atá ann cheana:

  • acmhainní dílse traidisiúnta: dleachtanna custaim agus tobhaigh siúcra den chuid is mó (coimeádfaidh na Ballstáit, mar chostais bhailiúcháin, 25 % de na méideanna a bhaileofar)
  • Acmhainn dhílis bunaithe ar CBL: beidh feidhm ag ráta aonfhoirmeach 0.3 % maidir le bonn cánach breisluacha gach Ballstáit, agus déanfar an bonn CBL inchánach a uasteorannú ag 50 % de OIN i gcás gach tíre (déanfar an mhodheolaíocht a shimpliú)
  • Acmhainn dhílis OIN-bhunaithe: mar thoradh ar ráta aonfhoirmeach a bhfuil feidhm aige maidir le hollioncam náisiúnta na mBallstát, déantar an ráta seo a choigeartú gach bliain chun an t-ioncam agus an caiteachas a chothromú (gan athrú)

Lacáistí

Don tréimhse 2021-2027, le ceartúcháin chnapshuime, laghdófar an ranníocaíocht bhliantúil bunaithe ar Ollioncam Náisiúnta i gcás na Danmhairge, na Gearmáine, na hÍsiltíre, na hOstaire agus na Sualainne.

An sásra nua um choinníollacht bhuiséadach

De bhun rialachán nua, cuirtear i bhfeidhm an rud ar a dtugtar “córas ginearálta coinníollachta” chun buiséad an Aontais a chosaint. Beidh feidhm aige sin i gcás ina suitear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé amhlaidh.

Scéal na n-ilmheán: treoirphlean don todhchaí.

Buiséad an Aontais: treoirphlean don todhchaí

D'athraigh buiséad an Aontais riamh de réir riachtanais an Aontais, ag freagairt ar chúrsaí polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha. Tá scéal an-spéisiúil ag baint leis an mbuiséad, mar a d'fhás sé, mar a múnlaíodh é, comhréiteach nuair ba ghá agus fís don todhchaí le chéile. Is scéal é faoin gclaochlú san Eoraip agus faoin tionchar dearfach atá aige ar shaol na milliún duine. Bí ar an eolas faoin stair agus na scéalta a mhíníonn conas a oibríonn buiséad fadtéarmach an Aontais don Eoraip.

Cláir earnálacha 2021-2027

Is é an buiséad fadtéarmach is creat don chistiú a dhéanfar ar ionann agus 40 clár caiteachais de chuid an Aontais ar feadh seacht mbliana. Táthar ag súil go nglacfar an chuid is mó de chláir earnálacha cistiúcháin an Aontais go luath in 2021 agus beidh feidhm leo go haisghníomhach ó thús 2021.

Seo roinnt samplaí de chláir nua agus de chláir threisithe faoi CAI 2021-2027.

Chun tacú leis an aistriú digiteach, tá clár cistiúcháin nua, an Eoraip Dhigiteach, á bhunú chun soláthar céimneach ar mhórscála agus glacadh teicneolaíochtaí digiteacha tábhachtacha, amhail feidhmchláir intleachta saorga agus uirlisí cibearshlándála úrscothacha a chur chun cinn. Cuirfear go mór leis an gcistiú a fhaigheann snáithe digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa freisin.

Beidh clár nua EU4Health ina bhunús láidir do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19.

I réimse an taighde agus na nuálaíochta, bainfidh an clár Fís Eorpach leas as méadú suntasach a luaithe a bheidh cistiú ar bhonn ionstraim théarnaimh an Aontais ar fáil.

I réimse an spáis, táclár spáis lán-chomhtháiteá chur chun cinn ag an Aontas, clár ina dtugtar le chéile gníomhaíochtaí uile an Aontais. Agus éifeachtúlacht á feabhsú aige, cuideoidh sé le seirbhísí nua spáis a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais.

Chun tacú leis na réigiúin is leochailí atá dian ar charbón san aistriú chuig geilleagar atá aeráidneodrach, cruthófar Ciste um Aistriú Cóir. Gheobhaidh sé cistiú faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile agus faoi ionstraim théarnaimh an Aontais Eorpaigh.

Neartófar freisin cláir do dhaoine óga, amhail Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus meastar go méadóidh clár Erasmus+ líon na rannpháirtithe faoi thrí le linn an chreata airgeadais ilbhliantúil nua.

Atreisíodh an tacaíocht don imirce agus don bhainistiú teorainneacha go mór freisin, lena n-áirítear suas le 10 000 garda teorann a bheidh ar fáil don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta faoi 2027.

I réimse na slándála agus na cosanta, bunaíodh Ciste Eorpach Cosanta nua chun iomaíochas, éifeachtúlacht agus cumas nuálaíochta bhonn cosanta, teicneolaíoch agus tionsclaíoch an Aontais a chur chun cinn.

Filters

2021

Caiteachas téarnaimh an Aontais ceadaithe ag na Ballstáit uile

Fuair an Chomhairle fógraí foirmiúla faoi fhormheas an chinnidh maidir le hacmhainní dílse ó gach ceann de na 27 mBallstát. Anois agus na daingnithe náisiúnta curtha i gcrích, is féidir leis an Aontas tús a chur le cistí a chur ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Le himchlúdach airgeadais de €672.5 billiún, is í an tsaoráid an chuid lárnach de Next Generation EU, ionstraim an Aontais le haghaidh téarnaimh eacnamaíoch as paindéim COVID-19.

Tar éis di an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a ghlacadh an 14 Nollaig 2020, chuir an Chomhairle liosta na bhfógraí foirmiúla a fuarthas i gcrích an 31 Bealtaine 2021. Chun go dtiocfadh an cinneadh i bhfeidhm, bhí ar na Ballstáit é a fhormheas i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla.

2020

An creat airgeadais ilbhliantúil do 2021- 2027 glactha

Tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle an rialachán lena leagtar síos creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais do 2021- 2027.

Foráiltear leis an rialachán do bhuiséad fadtéarmach €1 074.3 billiún do na 27 mBallstát i bpraghsanna 2018, lena gcuirtear comhtháthú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta san áireamh. In éineacht leis an €750 billiún ón ionstraim théarnaimh Next Generation EU, beidh an tAontas in ann €1.8 trilliún de chistiú, méid nach bhfacthas a leithéid riamh, a chur ar fáil sna blianta atá le teacht chun tacú le téarnamh as paindéim COVID-19 agus le tosaíochtaí fadtéarmacha an Aontais i réimsí éagsúla beartais.

An Chomhairle ag díriú ar bhailchríoch a chur ar ghlacadh CAI agus an phacáiste téarnaimh

Ghlac an Chomhairle sraith cinntí maidir le gníomhartha reachtacha ar cuid iad den phacáiste lena leagtar síos creat buiséadach an Aontais do na blianta atá le teacht. Rinneadh na cinntí tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí an 10-11 Nollaig, áit ar fhéad na Ballstáit uile tacú leis an bpacáiste.

Is féidir le hinstitiúidí an Aontais bailchríoch a chur anois ar na nósanna imeachta chun an creat airgeadais ilbhliantúil do 2021-2027 agus an pacáiste téarnaimh a ghlacadh.

Iarrtha ag an gComhairle Eorpach ar an bParlaimint agus ar an gComhairle na céimeanna is gá a thabhairt chun pacáiste CAI a ghlacadh

Chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach roinnt eilimintí chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a cuireadh in iúl i dtaca leis an dréachtrialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

D’iarr an Chomhairle Eorpach ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na céimeanna is gá a thabhairt láithreach chun pacáiste an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) a ghlacadh, lena n-áirítear an rialachán maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus an cinneadh maidir le hacmhainní dílse.

Dhaingnigh ceannairí an Aontais go ndéanfadh na Ballstáit a seacht ndícheall an cinneadh maidir le hacmhainní dílse a fhormheas i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla faoi seach d’fhonn go dtiocfaidh sé i bhfeidhm go pras.

CAI: Uachtaránacht na Comhairle tagtha ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa

Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle ar chomhaontú polaitiúil le hidirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa i gcainteanna a bhí dírithe ar thoiliú na Parlaiminte a chinntiú don chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, buiséad fadtéarmach an Aontais, mar atá.

Leis an gcomhaontú, comhlánaítear an pacáiste airgeadais €1 824.3 billiún a chaibidligh ceannairí an Aontais i mí Iúil, lena gcomhcheanglaítear an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile – €1 074.3 billiún – agus ionstraim théarnaimh shealadach €750 billiún, Next Generation EU (i bpraghsanna 2018).

Tá an méid seo a leanas san áireamh sa phacáiste a comhaontaíodh leis an bParlaimint:

  • atreisiú spriocdhírithe ar chláir an Aontais, ina measc Fís Eorpach, EU4 Health agus Erasmus+
  • níos mó solúbthachta a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt do riachtanais neamhthuartha
  • baint níos mó ag an údarás buiséadach leis an maoirseacht ar ioncam faoi Next Generation EU
  • uaillmhian níos airde maidir leis an mbithéagsúlacht agus faireachán neartaithe ar chaiteachas bithéagsúlachta, aeráide agus ar chaiteachas a bhaineann le cúrsaí inscne
  • treochlár táscach chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach

Cuirfear an comhaontú faoi bhráid na mBallstát lena fhormhuiniú mar aon leis na gnéithe eile den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus den phacáiste téarnaimh, an córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint san áireamh.

Comhaontú sealadach maidir le córas coinníollachta an bhuiséid

Tháinig Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle agus idirbheartaithe Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le córas ginearálta coinníollachta nua chun buiséad an Aontais a chosaint.

Leis an gcóras coinníollachta, tá cosaint ann do bhuiséad an Aontais i gcás ina suitear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh sé amhlaidh. Cumhdaítear cistí uile an Aontais, acmhainní a leithdháiltear trí ionstraim théarnaimh Next Generation EU san áireamh.

Sainordú comhaontaithe ag an gComhairle don chaibidlíocht leis an bParlaimint i ndáil leis an rialachán maidir le buiséad an Aontais a chosaint

Chomhaontaigh ambasadóirí an Aontais ó na Ballstáit an seasamh ón gComhairle i ndáil le rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

An 2 Bealtaine 2018, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh rialacháin maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnamh ginearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit mar chuid de phacáiste tograí maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021 go 2027.

Leis an gcomhréiteach a chomhaontaigh ambasadóirí Bhallstáit an Aontais, cuirtear leis an treoir pholaitiúil a chuir an Chomhairle Eorpach ar fáil an 21 Iúil 2020.

Fuair an seasamh ón gComhairle tacaíocht thromlach cáilithe na mBallstát.

Leis an gcomhaontú seo, réitítear an bealach chun tús a chur leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir leis an togra.

Buiséad fadtéarmach 2021-2027 agus an plean téarnaimh comhaontaithe ag ceannairí an Aontais

Ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil, chomhaontaigh ceannairí an Aontais buiséad fadtéarmach an Aontais do 2021-2027, ar fiú €1074.3 billiún é. Tacóidh an buiséad le hinfheistíocht sna haistrithe digiteacha glasa. Tháinig siad ar chomhaontú freisin maidir le hiarracht téarnaimh, ar fiú €750 billiún í, chun cabhrú leis an Aontas dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann mar gheall ar an bpaindéim, as a leithdháilfear €390 billiún ar na Ballstáit i bhfoirm deontas agus €360 billiún in iasachtaí.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Thángamar ar mhargadh maidir leis an bpacáiste téarnaimh agus le buiséad an Aontais. Bhí an chaibidlíocht fíordheacair, ar ndóigh, sa tréimhse fhíorchorrach seo i saol mhuintir na hEorpa. Ba mharatón a bhí i gceist, agus rinneadh gaisce sa deireadh thiar thall, a rachaidh chun tairbhe na 27 mBallstát, agus go háirithe, mhuintir na hEorpa. Is margadh maith é. Is margadh láidir é. Ach seachas aon ní eile, is é seo an margadh ceart don Eoraip, ag an bpointe áirithe ama seo.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

'Negobox' nua curtha i láthair ag an Uachtarán Michel roimh chruinniú mullaigh an 17-18 Iúil

Chuir Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a thogra nua do bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus don phacáiste téarnaimh – ar a dtugtar an ‘negobox’– i láthair. Beidh an togra seo mar bhonn le plé na gceannairí ag cruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 17-18 Iúil 2020.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Coimrítear na spriocanna atá againn ó thaobh téarnaimh de i dtrí fhocal: cóineasú ar dtús, athléimneacht ansin agus claochlú. Go nithiúil, is ionann sin is a rá: an dochar a rinne COVID-19 a dheisiú, ár ngeilleagair a athchóiriú agus ár sochaithe a athmhúnlú.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

Sainaithnítear sa togra sé 'bhloc tógála' le haghaidh comhaontú féideartha:

  • méid bhuiséad an Aontais, 2021-2027
  • lacáistí
  • méid an chiste téarnaimh
  • iasachtaí agus deontais
  • leithdháileadh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta
  • rialachas agus coinníollacht

Téann togra an Uachtaráin Michel i ngleic le hábhair thábhachtacha eile freisin: tús na n-aisíocaíochtaí, acmhainní dílse nua agus tionchar Brexit.

An tUachtarán Michel chun an bealach a réiteach don chinneadh maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais agus maidir leis an bplean téarnaimh

Buiséad an Aontais do 2021-2027 pléite ag ceannairí an Aontais i bhfíschomhdháil, mar aon le plean téarnaimh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Dúirt Uachtarán Michel na Comhairle Eorpaí go bhfuil sé ar intinn aige go mbeadh cruinniú mullaigh fisiciúil ann i lár mhí Iúil agus go dtíolacfaidh sé togra roimh an gcruinniú.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

“Sna trí seachtaine ó foilsíodh na tograí ón gCoimisiún, bhí deis againn dul i gcomhairle leis na Ballstáit chun soiléireacht a fháil maidir le léirmhíniú na dtograí sin. Anois, táimid ag bogadh ar aghaidh go céim eile: an chaibidlíocht. Is díol sásaimh dom a thoilteanaí atá gach éinne a bheith lánpháirteach. Tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach cinneadh a dhéanamh a luaithe is féidir,” a dúirt sé.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí

European Council to discuss Commission’s proposal for MFF and recovery fund on 19 June

On 27 May 2020, the European Commission issued its proposal for a recovery fund and the EU's long term budget, the multiannual financial framework (MFF) for 2021-2027.

The President of the European Council issued a statement indicating he would consult with member states ahead of the next European Council scheduled for 19 June. In parallel, the Council would analyse and assess the proposal.

On 23 April 2020, the European Council decided to work towards establishing a recovery fund to respond to the COVID-19 crisis. It tasked the European Commission to urgently come up with a proposal, which would also clarify the link between the fund and the EU's long term budget.  

Treochlár comhpháirteach don téarnamh á thíolacadh ag an Uachtarán Michel

Thíolaic Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, treochlár comhpháirteach don téarnamh, a d'ullmhaigh sé in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, in oirchill fhíschomhdháil na gceannairí an 23 Aibreán faoi fhreagairt an Aontais ar phaindéim an choróinvíris.

Deirtear sa tuarascáil go mbeidh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua ina phríomhionstraim chun tacú le téarnamh marthanach agus le margadh aonair lánfheidhmiúil nuachóirithe. Deirtear freisin go gcaithfear éifeachtaí na géarchéime ar réigiúin agus ar earnálacha atá buailte a chur san áireamh sa CAI, lena n-áirítear trí athchóiriú a dhéanamh ar roinnt príomhchlár chun a rannchuidiú le deisiú agus téarnamh a uasmhéadú. Iarrtar sa tuarascáil go ndéanfar an CAI nua a chomhaontú a luaithe is féidir chun moilleanna in infheistíocht bhunriachtanach a sheachaint agus chun a áirithiú gur féidir acmhainní a dhíriú ar an áit ina bhfuil siad ag teastáil a luaithe is féidir.

Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, sa chuireadh chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí

Molaim go gcuirfimis de chúram ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais shonracha atá ann agus togra a fhorbairt a bheidh i gcomhréir leis an dúshlán atá romhainn. Sa togra ón gCoimisiún, ba cheart go soiléireofaí an nasc leis an CAI. Is é CAI bun agus barr rannchuidiú an Aontais leis an téarnamh ar chaoi ar bith agus beidh gá lena choigeartú chun déileáil leis an ngéarchéim seo agus a dtiocfaidh aisti.

Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, sa chuireadh chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí

Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach

An 20 agus an 21 Feabhra, bhí dianchaibidlíocht ag ceannairí an Aontais maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027. “D’oibríomar go dian dícheallach chun réiteach a fháil ar na hábhair imní éagsúla, na leasanna éagsúla agus na tuairimí éagsúla atá á bplé. Ach tá níos mó ama uainn,” a dúirt an tUachtarán Charles Michel tar éis an chruinnithe mullaigh. Rachaidh sé i gcomhairle le ceannairí an Aontais maidir leis an gcaoi chun dul chun cinn a dhéanamh.

President in talks with leaders to agree the EU's next long-term budget

Charles Michel, President of the European Council had individual talks with all 27 leaders of the member states on the EU's next long-term budget. The talks are part of preparations for a special summit on the EU budget that the President called for 20 February.

On the basis of these consultations, President Michel presented a proposal on the overall size of the budget and how it is allocated

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i litir chuiridh chuig ceannairí an Aontais roimh an gcruinniú mullaigh

"Tuigim go maith go bhfuil an chaibidlíocht sin ar an gcaibidlíocht is déine dá bhfuil romhainn. Ach táim lánchinnte freisin, leis an stuaim agus an diongbháilteacht atá ionainn gur féidir linn socrú a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe mhuintir na hEorpa ar fad. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór do gach taobh spiorad an chomhréitigh a léiriú.

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, i litir chuiridh chuig ceannairí an Aontais roimh an gcruinniú mullaigh

2019

Caibidlíocht maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais chun bogadh ar aghaidh

Chuir an Chomhairle Eorpach i dtreis go gcuirfidh an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 ar bhealach suntasach leis an ngníomhú ar son na haeráide. Tháinig an plé ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais tar éis d'Uachtaránacht na Fionlainne bosca caibidlíochta CAI agus figiúirí ann a chur i láthair.

D'iarr ceannairí an Aontais ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, an chaibidlíocht a thabhairt chun cinn d'fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach.

Buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh pléite ag an gComhairle

Buiséad an Aontais do 2021-2027

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.

Phléigh na hairí an bosca caibidlíochta agus figiúirí anna chuir Uachtaránacht na Fionlainne i láthair in oirchill na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag.

Mhol an Uachtaránacht leibhéal foriomlán EUR 1 087 billiún, arb ionann é agus 1.07% d'ollioncam náisiúnta (OIN) AE27.

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí an chaibidlíocht ar aghaidh d’fhonn teacht ar chomhaontú críochnaitheach.

Bosca caibidlíochta CAI foilsithe ag an Uachtaránacht

D'fhoilsigh Uachtaránacht na Fionlainne bosca caibidlíochta, mar a thugtar air, ina raibh figiúirí roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí an 12-13 Nollaig. Cuireadh an doiciméad faoi bhráid na mBallstát.

Féachtar leis an doiciméad seo leis na roghanna atá ar an mbord caibidlíochta a shoiléiriú agus a shimpliú, d'fhonn na pléití i measc cheannairí an Aontais a éascú.

Meastar go ndíreoidh siad ar an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile le linn chruinniú na seachtaine seo chugainn.

Bosca caibidlíochta, agus figiúirí maidir le CAI ann, iarrtha ag ceannairí an Aontais

Bhí malartú tuairimí ag ceannairí an Aontais faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) - buiséad fadtéarmach an Aontais. Is ar shaincheisteanna amhail an leibhéal foriomlán, méideanna na bpríomhréimsí beartais agus maoiniú an chreata a dhírigh siad.

I bhfianaise an phlé sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle bosca caibidlíochta, agus figiúirí maidir le CAI ann, a thíolacadh roimh an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl i mí na Nollag 2019.

Measúnú á dhéanamh ag an gComhairle ar an dul chun cinn i ndáil le CAI

Tar éis treoir a fháil ó cheannairí an Aontais, tá sé beartaithe ag uachtaránacht na Fionlainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh bosca caibidlíochta athbhreithnithe a thíolacadh, a mbeidh figiúirí ag gabháil leis, faoi dheireadh na bliana.

Féachann an doiciméad seo leis na roghanna atá ar an mbord caibidlíochta a shoiléiriú agus a shimpliú d'fhonn na pléití i measc cheannairí an Aontais a éascú amach anseo.

I gcomhthreo leis sin, leanfar den obair ar na tograí earnálacha éagsúla chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le sainorduithe ón gComhairle nó chun ‘comhthuiscintí coiteanna’ breise a thabhairt i gcrích le Parlaimint na hEorpa.

Uachtaránacht na Comhairle tiomanta do ‘chéimeanna deiridh’ na caibidlíochta faoi CAI

Chuir an Uachtaránacht na Fionlainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh na hairí ar an eolas faoi na pleananna atá aici maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.

Sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an uachtaránacht Bosca Caibidlíochta an chreata airgeadais ilbhliantúil a fhorbairt. Ar an mbonn sin, beidh malartú tuairimí ag ceannairí an Aontais i mí Dheireadh Fómhair, ina ndíreofar ar theacht ar chomhaontú roimh dheireadh na bliana.

Le hullmhú do na malartuithe a bheidh ag na ceannairí, leanfaidh an uachtaránacht den obair ar leibhéal teicniúil i mí Iúil agus i mí Mheán Fómhair.

Tá Uachtaránacht na Fionlainne go hiomlán tiomanta don amchlár a leag ceannairí an Aontais amach a chomhlíonadh agus do na céimeanna deiridh den chaibidlíocht faoi CAI a éascú. Is é an tasc is tábhachtaí dúinne bonn cothrom a sholáthar dár gceannairí.

Tytti Tuppurainen, Aire Gnóthaí Eorpacha na Fionlainne

Athbhreithniú déanta ag airí an Aontais Eorpaigh ar staid na himeartha maidir le hacmhainní dílse

Rinne na hairí machnamh ar staid na himeartha sa phlé a bhí acu maidir leis an bpacáiste reachtach i ndáil le hacmhainní dílse i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027.

Mheas an Chomhairle go háirithe go bhféadfaí foinsí nua ioncaim a chruthú taobh amuigh de na cinn bhunaidh a mhol an Coimisiún ina thogra i mí na Bealtaine 2018. Áiríodh sna tograí an méid a leanas:

  • íocaíocht bunaithe ar dhramhaíl phlaisteach
  • sciar d'fháltais an chórais trádála astaíochtaí
  • sciar den chomhbhonn comhdhlúite don cháin chorporáide

Leanfar den obair theicniúil ar an ábhar i bhfianaise an phlé a rinne an Chomhairle Eorpach ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil ag an gcruinniú a bhí aici i mí Dheireadh Fómhair.

Iarrtha ag ceannairí na hEorpa go ndéanfaí a thuilleadh oibre ar bhosca caibidlíochta an CAI

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach an obair a rinneadh faoi Uachtaránacht na Rómáine ar an bpacáiste a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027.

Thathantaigh ceannairí an Aontais ar Uachtaránacht inteachta na Fionlainne an bosca caibidlíochta a fhorbairt a thuilleadh — mar bhonn chun soiléiriú a dhéanamh ar na roghanna maidir leis an mbord caibidlíochta.

Ar an mbonn sin, malartóidh an Chomhairle Eorpach tuairimí le chéile i mí Dheireadh Fómhair 2019, le súil agus go mbeidh sé ina chomhaontú faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais faoi dheireadh na bliana.

Dréachtbhosca caibidlíochta athmheasta CAI pléite ag airí an Aontais

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2021-2027, roimh Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh. Mhalartaigh na hairí tuairimí maidir leis an dréachtbhosca caibidlíochta athmheasta a d'ullmhaigh Uachtaránacht na Rómáine.

Féachann an doiciméad seo leis na roghanna atá ar an mbord caibidlíochta a shoiléiriú agus a shimpliú d'fhonn pléití i measc na gceannairí amach anseo a éascú. Is é an prionsabail lena rialaítear an dianiarracht seo 'níl rud ar bith aontaithe go mbeidh gach uile rud aontaithe'.

Meastar go leanfar den obair ar an dréachtbhosca caibidlíochta le linn Uachtaránacht na Fionlainne ar bhonn na treorach a thabharfaidh ceannairí an Aontais ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 20-21 Meitheamh.

Gnéithe de na gníomhaíochtaí seachtracha pléite ag an gComhairle

Phléigh an Chomhairle gnéithe na gníomhaíochta seachtraí a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027.

Dhírigh na hairí ar na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta agus Comharsanacht na hEorpa.

Cabhróidh an díospóireacht le huachtaránacht na Comhairle ullmhú do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh.

Council discusses agricultural and cohesion policies

In the context of the debate on the multiannual financial framework (MFF), EU ministers held an exchange of views on the Common Agricultural Policy (CAP) and the cohesion policy. 

This discussion will help prepare the so-called draft negotiating box for the European Council in June. 

The draft negotiating box brings together those elements which are most likely to require political guidance from the EU leaders with a view to facilitating agreement in the Council.

Díospóireachtaí ag an gComhairle maidir le gnéithe CAI

Bhí díospóireacht bheartais ag airí an Aontais maidir leis na gnéithe den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 a bhaineann leis an aeráid agus leis an imirce.

Is é an cuspóir comhpháirteach i ndáil le CAI dréachtbhosca caibidlíochta cuíchóirithe a chur ar fáil do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh. Chabhródh sé sin go mór chun teacht ar chomhaontú maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais i bhfómhar na bliana 2019.

Leis an dréachtbhosca caibidlíochta tugtar le chéile na gnéithe sin ar dóichí go mbeidh treoir pholaitiúil ag teastáil ó cheannairí an Aontais dóibh.

An clár oibre agus an bosca caibidlíochta maidir le CAI

Chuir Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle staid na himeartha i dtaobh an phlé maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 i láthair. Sa chur i láthair sin, leagtar amach an clár oibre sealadach suas go dtí mí Aibreáin 2019. Rinne na hairí tuairimí a mhalartú maidir leis an obair amach anseo a eagrú.

Cuspóir comhpháirteach is ea dréachtbhosca caibidlíochta cuíchóirithe a chur ar fáil do Chomhairle Eorpach mhí an Mheithimh d'fhonn go bhféadfaí teacht ar chomhaontú ag an gComhairle Eorpach i bhfómhar na bliana 2019.

Is uirlis é an dréachtbhosca caibidlíochta chun an chaibidlíocht maidir le CAI a struchtúrú agus a éascú. De réir mar a dhéantar dul chun cinn sa chaibidlíocht, déantar an dréachtbhosca a phlé agus a nuashonrú i rith an ama.

Tús le cur an athuair le plé maidir le CAI

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi eagrú pléití maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúildo 2021-2027 sna míonna atá le teacht.

Chuir Uachtaránacht na Rómáine in iúl don Chomhairle go bhfuil sé i gceist aici leanúint den phlé ar an leibhéal teicniúil agus polaitiúil agus é mar aidhm aici dul chun cinn a dhéanamh maidir le struchtúr agus ábhar an chéad CAI eile. Ag an tráth céanna, leanfar den obair mhór maidir leis na tograí éagsúla earnála.

Caithfear an cineál Eoraip atá uainn amach anseo a léiriú i mbuiséad an Aontais. Ní mór dúinn a chinntiú go mbeidh torthaí na caibidlíochta sin cothrom agus go mbeidh siad ag teacht le riachtanais laethúla agus le hionchais shaoránaigh an Aontais.

George Ciamba, Aire Toscaire na Rómáine do Ghnóthaí Eorpacha

2018

Tá sé d'aidhm ag ceannairí an Aontais comhaontú a bhaint amach i ndáil leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil i bhfómhar na bliana 2019

Tá buiséad an Aontais á mhúnlú ag na Ballstáit do na blianta atá le teacht. Ní le cúrsaí airgid amháin a bhaineann sé, tá tosaíochtaí an Aontais go mór i gceist freisin

Thug an Chomhairle Eorpach faoin gcéad bhabhta plé shubstaintiúil maidir le CAI 2021-2027 ar bhonn tuarascáil ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Comhairle.

D'iarr ceannairí an Aontais ar an gcéad Uachtaránacht eile leanúint den obair mhór a rinneadh le bliain anuas ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil a bheidh ann amach anseo, mar atá buiséad fadtéarmach an Aontais.

Tá na ceannairí ag súil go mbainfear comhaontú amach ag an gComhairle Eorpach i bhfómhar na bliana 2019.

Amlíne CAI ar chlár oibre na Comhairle

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027. Mhalartaigh na hairí tuairimí ar na príomhcheisteanna agus ar amchlár na caibidlíochta.

Cuireadh san áireamh sa phlé dhá dhoiciméad a ullmhaíodh faoi Uachtaránacht na hOstaire: tuarascáil ar dhul chun cinn agus dréachtbhosca caibidlíochta. Is uirlis é an bosca caibidlíochta a úsáidtear chun próiseas caibidlíochta CAI a struchtúrú agus a éascú.

An chéad CAI eile: staid na himeartha

Chuir Uachtaránacht na hOstaire na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i ndáil leis an scrúdú atá á dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh.

Thug an Chomhairle dá haire an tuarascáil i scríbhinn maidir le staid na himeartha.

Tosaíochtaí maidir le CAI pléite ag an gComhairle

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027.

Leag na hairí amach a gcuid tosaíochtaí caibidlíochta mar aon lena gcuid tuairimí i dtaobh:

  • an chaoi a léirítear tosaíochtaí beartais an Aontais, agus an breisluach Eorpach, sa togra CAI
  • a bhfuil beartaithe i dtaca le leithdháileadh cistí ar réimsí éagsúla beartais

Anailís thráthúil iarrtha ag an gComhairle Eorpach i ndáil le togra CAI

D'iarr an Chomhairle Eorpach ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na tograí ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile a scrúdú.

Ba cheart an t-athbhreithniú sin a bheith cuimsitheach agus ba cheart é a dhéanamh a luaithe agus is féidir, a mhol an Chomhairle Eorpach.

Togra CAI pléite ag an gComhairle

Chuir an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 faoi bhráid na Comhairle agus bhí a gcéad bhabhta plé ag na hairí i ndáil leis an ábhar sin.

Táthchuid bhunriachtanach de thodhchaí na hEorpa is ea buiséad an Aontais, lena léirítear ár gcuid luachanna agus uaillmhianta. Leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcéad chreat ilbhliantúil airgeadais eile, cabhrófar linn a chinntiú go mbeidh an Eoraip cobhsaí agus slán, rud a rachaidh chun leasa an uile dhuine.

Ekaterina Zaharieva, an Leas-Phríomh-Aire don Athchóiriú Breithiúnach, agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Bulgáire

Tús curtha leis an gcaibidlíocht maidir le CAI

Ar an 2 Bealtaine, thíolaic an Coimisiún Eorpach a thogra maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027, buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Chuir sé sin tús go foirmiúil leis an gcaibidlíocht maidir le CAI.

Faoi lár mhí an Mheithimh, tíolacadh tograí earnála maidir le 37 gclár maoiniúcháin de chuid an Aontais, de bhreis ar phacáiste an Choimisiúin maidir le CAI.

Réimsí tosaíochta maidir leis an gcéad CAI eile

I gcruinniú neamhfhoirmiúil dóibh, d'aontaigh na 27 gceann stáit nó rialtais go gcaithfidh an tAontas Eorpach níos mó airgid sa CAI don tréimhse tar éis 2020 ar na tosaíochtaí seo a leanas:

  • imirce neamhdhleathach a shrianadh
  • cosaint agus slándáil
  • clár Erasmus+