Fostaíocht le haghaidh daoine óga

Dífhostaíocht i measc na hóige – Mí na Samhna 2018

  • bhí 3.4 milliún duine óg (faoi bhun 25) dífhostaithe in AE-28 i mí na Samhna 2018
  • tháinig laghdú 189 000 ar líon na ndaoine óga dífhostaithe in AE-28 i gcomparáid le mí na Samhna 2017
  • ba é 15.2 % an ráta dífhostaíochta i measc na hóige in AE-28 i mí na Samhna 2018 i gcomparáid le 16.1 % i mí na Samhna 2017
  • tá na héagsúlachtaí idir rátaí dífhostaíochta i measc na hóige i dtíortha an Aontais fós an-ard: ó 4.9 % i bPoblacht na Seice i mí na Samhna 2018 go 36.6 % sa Ghréig i mí Mheán Fómhair 2018

Infheistíocht in óige na hEorpa

Molann an tAontas iarracht eile chun tacú le daoine óga:

  • Deiseanna níos fearr teacht ar fhostaíocht
  • Deiseanna níos fearr tríd an oideachas agus oiliúint
  • Deiseanna níos fearr don dlúthpháirtíocht, do shoghluaisteacht na foghlama agus don rannpháirtíocht

Daoine óga agus todhchaí na hoibre

Ar an 22 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le daoine óga agus todhchaí na hoibre.

Dírítear sna conclúidí sin ar shaincheisteanna sonracha atá os comhair daoine óga sa timpeallacht oibre faoi láthair amhail iad seo a leanas:

  • neamhshláine
  • easpa cosanta sóisialta
  • bochtaineacht lucht oibre
  • dálaí oibre forbhásacha

Moltar líon beart sna conclúidí chun aghaidh a thabhairt ar na sainchesiteanna sin, amhail:

  • córais oideachais agus oiliúna atá inoiriúnaithe agus freagrach d'éileamh
  • foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn
  • aistriú rianúil ón scoil go dtí an obair agus ó phost go post a áirithiú
  • rochtain chomhionann ar phoist ar ardcháilíocht do gach duine óg amach anseo

An tionscnamh fostaíochta don aos óg

Tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú gur le linn 2014 agus 2015 a chaithfear an €6 bhilliún de chuid an tionscnaimh fostaíochta don aos óg seachas in 2014-2020 mar a beartaíodh ar dtús.

Ina theannta sin, comhaontaíodh gur chun tacú le fostaíocht, do dhaoine óga go háirithe, go príomha a úsáidfear cistí an Aontais a bheidh fágtha, ach go n-úsáidfear iad freisin i réimsí fáis amhail an nuálaíocht agus an taighde.