Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh – cad é go díreach atá i gceist?
⸺
Níos mó ná mar a shílfeá!
Tá lámh ar leith ag Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh i ndea-riar agus i mbuanú chúrsaí na hEorpa. Agus is ag tír ar leith, seachas ag duine ar leith, a bhíonn an uachtaránacht.
Tá córas sealaíochta na huachtaránachta i bhfeidhm ó fhíorthús an Aontais. Bíonn a seal ar an stiúir ag gach uile cheann de na 27 mBallstát, sé mhí sa turas, iad ar a ndícheall le go mbeadh córas polaitíochta na hEorpa ag obair go snasta.
Idir an margadh aonair – arb é an margadh is mó dá leithéid é – an comhshaol, an tslándáil, an soláthar fuinnimh… níl tada ar chlár na mór-roinne nach dtagann faoina cúram.
Uair gach trí bliana déag go leith a fhaightear an deis, agus is mór le rá é!
Ní hé seo atá i gceist
⸺
Caithimis i dtraipisí, i dtús báire, míthuiscintí coitianta faoi uachtaránacht na Comhairle:
ní ag aon cheannaire polaitiúil as féin a bhíonn sí
ní cúram gan tathag gan téagar é
ní hé post uachtarán na Comhairle Eorpaí é – post atá ag António Costa i láthair na huaire
Cad é féin, mar sin?
Is ar Bhallstát, ar a uain, a leagtar cúram na huachtaránachta.
Is í an uachtaránacht a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe na Comhairle – agus ball de rialtas na tíre sin ag a bhfuil an uachtaránacht mar ionadaí uirthi.
Tagann airí ó na 27 mBallstát le chéile sa Chomhairle, ag cur is ag cúiteamh faoi dhlíthe a chuirfear i bhfeidhm fud fad an Aontais. Is sa phlé faoi dhlíthe an Aontais a bhaineann lena ndualgais féin a bhíonn na hairí páirteach.
Más é dlí an chomhshaoil atá á phlé, cuir i gcás, is iad na hairí comhshaoil a thagann le chéile. Is faoi stiúir na huachtaránachta rothlaí, mar sin, a chromtar ar obair na Comhairle.
Féachann an uachtaránacht chuige go dtarlaíonn ceithre rud faoi scáth na Comhairle:
- go mbíonn leanúnachas ag roinnt le clár oibre an Aontais
- go dtugtar faoin reachtóireacht go stuama
- go mbíonn comhar idir na Ballstáit
- go mbíonn institiúidí eile an Aontais bonn ar bhonn le chéile
Níl aon oidhre ar chúram na huachtaránachta ach cóisir á reáchtáil ag duine, ar fúthu a bheadh gach éinne a bhailiú le chéile go suairc suáilceach – na haíonna ar a gcompord le haon aighneas eatarthu a phlé agus iad mór lena chéile i gcónaí agus ar comhthuiscint ar imeacht dóibh.
Le go gcruthódh sé go maith, bíonn de dhualgas ar an uachtaránacht a bheith ina headránaí iontaofa, beag beann ar a leas náisiúnta féin. Bíonn lámh ar leith ag an uachtaránacht san obair sin, mar aon leis na hinstitiúidí eile, mar nach dtagann rath ná rathúnas gan saothar, gan chomhar.
Tuilleadh ceisteanna faoin uachtaránacht
⸺
Cén chaoi a roghnaítear cé aige a bheidh an uachtaránacht?
Bíonn a seal ar an stiúir ag gach uile Bhallstát, ar a uain. Le 27 mBallstát, fágann sé gur gach trí bliana déag go leith a fhaigheann siad an deis.
An tsealaíocht – an fiú an tairbhe an trioblóid?
Spreagann sé meon an dualgais agus cothaíonn sé muinín idir na Ballstáit go mbíonn an deis acu go léir a bheith i gceannas; agus fios maith ag gach Ballstát go mbeidh siad féin sa chathaoir luath nó mall. ‘Aontaithe san éagsúlacht’ é mana an Aontais Eorpaigh agus sin é go smior atá san uachtaránacht, mar a ndéanann gach tír cúram de ghnéithe éagsúla beartais agus mar a mbíonn a gcuid saineolais féin acu go léir, rud a fhónann don Aontas ina iomláine.
Cad is féidir a bhaint amach in imeacht sé mhí?
Ní bhíonn na sé mhí i bhfad ag imeacht, mar sin tapaíonn na Ballstáit an deis a bheith i mbun cathaoirleachta ar chruinnithe agus cuireann struchtúr ar chlár oibre na Comhairle, agus thar aon ní eile, oibríonn siad le chéile bonn ar aon, fiú más mór idir seasamh náisiúnta a chéile. Ag feidhmiú dóibh i bhfoireann trí uachtaránacht – is é sin le rá trí uachtaránacht ceann i ndiaidh a chéile in imeacht 18 mí – is fearr a bhíonn siad in ann a gcuid pleananna a chur in oiriúint don chomhthéacs i gcoitinne, rud a dhéanann áis don phleanáil fhadtéarmach.
Cúraimí na huachtaránachta
Is í an uachtaránacht a dhéanann cathaoirleacht ar fhormhór chruinnithe na Comhairle, na gcoistí agus na meithleacha. Cé is moite de chruinniú na comhairle gnóthaí eachtracha, gan amhras, arb é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bhíonn sa chathaoir, ar post é dá dtoghtar an duine ar feadh téarma cúig bliana.
Pleanálann agus déanann an uachtaránacht cathaoirleacht ar chruinnithe iad seo a leanas:
Eagraíonn an uachtaránacht cruinnithe foirmiúla agus neamhfhoirmiúla freisin sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus sa Bhallstát sin a bhíonn i mbun na huachtaránachta.
Is feiceálaí, ar an gcaoi sin, mórcheisteanna an lae agus is deis é teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh le go dtuigfí cad é go díreach atá ag dó na geirbe acu.
Is í an uachtaránacht a dhéanann ionadaíocht ar an gComhairle agus í ag plé leis na hinstitiúidí eile. Is í a théann i mbun idirbheartaíochta le Parlaimint na hEorpa tráth a mbíonn téacsanna reachtacha á bplé agus is í a bhíonn ag plé freisin leis an gCoimisiún.
Agus a gcomhairlí á gcur i gceann a chéile acu ar an mbealach sin, ag plé agus ag cíoradh le sochma, éiríonn leis na hinstitiúidí dlíthe a chomhaontú.
Go deimhin, déanann an uachtaránacht cinntí nithiúla foirmiúla de thosaíochtaí an Aontais, faoi threoir na Comhairle Eorpaí.
Tagann an Chomhairle Eorpach (ceannairí an Aontais) le chéile go rialta chun treoir pholaitiúil agus tosaíochtaí an Aontais i gcoitinne a leagan síos.
Oibríonn an uachtaránacht i gcomhar le huachtarán na Comhairle Eorpaí (atá éagsúil leis an gComhairle, ná dearmad) agus freisin le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Cén chaoi a gcinntítear barr bua na huachtaránachta?
Ní thiteann an t-ualach ar aon tír aisti féin
Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm in 2009, níor fágadh faoi aon Bhallstáit aonair é ualach na huachtaránachta a iompar as féin.
Mar ba le Conradh Liospóin a bunaíodh ‘an fhoireann trí uachtaránacht’ - is é sin le rá trí uachtaránacht agus iad ag obair le chéile ar chlár oibre coiteann ocht mí dhéag. Lena chois sin, tugann an Ballstát a bhí i mbun na huachtaránachta roimhe sin agus an Ballstát ag a mbeidh an chéad uachtaránacht eile, tugann siad lámh chúnta don Bhallstát atá i mbun na huachtaránachta reatha. Roinneann siad a gcuid saineolais le chéile agus réitíonn siad an bóthar in éineacht dá seal ar an stiúir.
Is é leas na hEorpa é gur ag breathnú rompu chun cinn a bhíonn siad.
Bíonn an Ardrúnaíocht ag tacú leis an uachtaránacht agus í lena taobh, i gciall cheart an fhocail, i gcaitheamh an ama, mar suíonn a cuid ionadaithe ar thaobh na láimhe clé den uachtaránacht ag na cruinnithe. Is í tobar an eolais í agus crann taca; í faoi réir i gcónaí le cruinnithe a eagrú, comhairle a thabhairt faoin idirbheartaíocht agus barúlacha dlí a chur ar fáil i dtaobh na gceisteanna a bhíonn á gcíoradh. Bíonn sí neamhchlaonta, faoi mar is dual, agus is ar bhonn an tsaibhris eolais a carnadh le himeacht na mblianta a dháileann sí comhairle.
Cé heile a bheidh sa chathaoir?
Tá uainchlár sealaíochta ann don uachtaránacht.
Nuair a bunaíodh an Comhphobal Eorpach, réamhtheachtaí an Aontais Eorpaigh, in 1958, ní raibh ann ach na sé Bhallstát. D’fhág sin gur uair gach trí bliana a bhíodh tír ar dualgas.
27 mBallstát atá san Aontas anois, agus is mór eatarthu, le breis is 80 milliún duine sa Ghearmáin le hais an leathmhilliún duine atá i Málta.
Maireann prionsabal na sealaíochta i gcónaí áfach, seal ag gach tír. Meastar gur pribhléid ar leith é fónamh ar son na Comhairle.
Beagán de mhórán a mhéadaíonn do dhúil
Is ag féachaint chuige go seasfaimid an aimsir atáimid le gach uile uachtaránacht, mar gur deis ar leith ag gach tír é (idir mhuintir na tíre, lucht riartha na tíre, rialtas na tíre, srl...) gníomhú de mheon Eorpach. D’fhéadfaí a shamhlú gur ERASMUS í, de chineál, ag na Ballstáit, iad ag iarraidh a leas náisiúnta agus leas na hEorpa a tharraingt le chéile ar gach bealach. Eorpaigh amach is amach.
Ina theannta sin, cuireann gach tír beocht agus spreacadh dá cuid féin san Aontas gach sé mhí. Agus bíonn deis aici aird a tharraingt ar cheist a mbeadh saineolas ar leith aici ina taobh nó spéis ar leith aici inti. Fágann sin go dtugann an tAontas aghaidh, luath nó mall, ar na nithe is mó suntas do gach Ballstát.
Is gnách leis an mBallstát sin a bhíonn ar an stiúir mana dá chuid féin a bheith aige le lorg a láimhe a fhágáil ar an uachtaránacht, agus é ag cloí i gcaitheamh an ama le buanphrionsabail an Aontais.
