- Ráiteas agus barúlacha
- 10/03/2017
- 15:00
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe neamhfhoirmiúil a bhí ag na 27 gCeann Stáit nó Rialtais
I dtosach báire, is mian liom focal nó dhó a rá faoin idirphlé a rinneamar tráthnóna inné ar na Balcáin Thiar. Is léir do chách go bhfuil fórsaí laistigh agus lasmuigh den réigiún sin atá ag iarraidh é a dhíchobhsú. Ní dall ar an méid sin atáthar. Ar an ábhar sin, d’athdhearbhaigh na ceannairí go dtacaíonn siad gan stangadh gan stríocadh le tíortha sin na mBalcán Thiar, agus lena bpeirspictíocht Eorpach. Chuireamar in iúl freisin go bhfuil rún iomlán daingean againn tacú le hathchóirithe agus le tionscadail atá dírithe ar an Aontas Eorpach. Tá súil agam go dtabharfar aird sa réigiún ar an dea-chomhartha seo ón Aontas.
Mar is eol daoibh, thángamar le chéile inniu, mar 27, roimh chomóradh 60 bliain Chonradh na Róimhe. Bhí idirphlé macánta agus tairbheach againn faoina bhfuil i ndán dúinn go léir, agus dhíríomar ar na príomhghnéithe is ceart a bheith i nDearbhú na Róimhe.
Is léir ón díospóireacht gur ar scáth a chéile a mhairfidh na Seacht mBallstát Fichead. Is léir ón teacht le chéile a bhí againn i Málta, agus ó na tuairimí a thug roinnt Ballstát dá éis, agus ón bPáipéar Bán ón gCoimisiún nach bhfuil aon amhras orainn go mbeidh an coincheap úd – ‘Eoraip il-luais’ – ar cheann de na rudaí a phléifear roimh an gcomóradh sa Róimh. Tuigim na cúiseanna atá leis sin. Tá daoine áirithe ag súil le hathruithe córasacha lena scaoilfí na ceangail atá ann laistigh den Aontas agus lena dtreiseofaí ról na náisiún i dtaca leis an gcomhphobal. Is é a mhalairt ar fad atá sa cheann ag daoine eile - is mian leo go mbeadh comhtháthú nua níos doimhne i gceist, fiú mura mbeadh feidhm ag an méid sin ach i gcás roinnt de na Ballstáit. Foráiltear, ar ndóigh, don fhéidearthacht sin sna Conarthaí atá i bhfeidhm faoi láthair. Mar sin féin, beidh mé ag iarraidh ar an uile dhuine an aontacht pholaitiúil a chothú i measc na Seacht mBallstát Fichead, ag féachaint dá leas mar chomhphobal i gcomhthéacs na caibidlíochta atá beartaithe maidir le Brexit agus i gcomhthéacs leasanna straitéiseacha fadtéarmacha an Aontais. Sin é an fáth, agus na cásanna éagsúla a bheadh i ndán don Eoraip á bplé againn, gurb é treisiú na muiníne frithpháirtí agus na haontachta i measc na Seacht mBallstát Fichead is ceart a bheith ina phríomhchuspóir againn. Agus díospóireacht an lae inniu déanta anois, féadaim a rá os ard go bhfuil na 27 gceannaire ar aon fhocal faoin gcuspóir sin. Bhain dóchas leis an bplé a rinneadh faoina bhfuil i ndán dúinn go léir, agus cur chuige dearfach – gan eisceacht – á léiriú ag gach taobh lena linn.
Féach ar leathanach na gcruinnitheTeagmhálaithe preasa
- Preben Aamann
- +32 2 281 51 50
- +32 476 85 05 43