Déileálfaidh Preasoifig Ardrúnaíocht na Comhairle le d'iarratas i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin.
Stórálfar do shonraí sa bhunachar sonraí chomh fada agus a bheidh síntiús agat leis an tseirbhís.
Féadfar sonraí áirithe (ainm, seoladh r-phoist, rogha teanga, ainm na meán, an cineál meáin) a nochtadh do phreasoifigí na n-institiúidí Eorpacha, do Bhuanionadaíochtaí na mBallstát agus do Ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7 agus in Airteagal 8 de Rialachán 45/2001.
Má tá sonraí ann nár mhaith leat go storálfaí iad, cuir sinn ar an eolas ag: [email protected]