• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 23 Deireadh Fómhair 2017
  • 00:55

Oibrithe a phostú: An Chomhairle tagtha ar chomhaontú

Oibrithe ar phostú san Aontas Eorpach

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena seasamh (cur chuige ginearálta) i dtaca leis an treoir maidir le hoibrithe a phostú. Leis an togra nua déantar athbhreithniú ar ghnéithe áirithe den bhuntreoir ó 1996.

Arsa Uachtarán na Comhairle, Jevgeni Ossinovski, Aire Sláinte agus Saothair na hEastóine:“Tá áthas orm gur chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh ar shaincheist atá chomh tábhachtach agus chomh íogair sin. Agus tá mé sásta, go háirithe go raibh tacaíocht leathan ann dár gcomhréiteach i ndiaidh plé fada. Tá cothromaíocht chaolchúiseach bainte amach sa téacs deiridh. Ar lámh amháin, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcaithfear i gceart lenár n-oibrithe. Dóibh siúd a dhéanann an post céanna ag an áit chéanna, ba cheart na cúinsí oibre agus pá céanna a bheith acu. Ar an lámh eile, ná cruthaímis baic nach gá ar shaorghluaiseacht seirbhísí - mar shampla in earnáil an iompair, atá, ar ndóigh, soghluaiste.”

Tá sé mar aidhm leis an treoir soláthar seirbhísí a éascú ar fud na hEorpa agus urraim a thabhairt, ag an am céanna, don iomaíocht chóir agus do chearta oibrithe atá fostaithe i mBallstát amháin agus a gcuireann a bhfostóir chuig Ballstát eile iad ag obair go sealadach (oibrithe postaithe). Leis an treoir, áiritheofar luach saothair cóir agus cothrom na Féinne idir cuideachtaí postála agus cuideachtaí áitiúla sa tír is ósta.

Foráiltear don mhéid a leanas sa treoir nua:

  • Luach saothair d’oibrithe ar phostú i gcomhréir le dlí agus cleachtais an Bhallstáit is ósta
  • postú fadtéarmach 12 mhí ar féidir 6 mhí eile a chur leis (18 mí san iomlán) ar bhonn fógra réasúnaithe ón soláthraí seirbhíse
  • go mbeidh feidhm ag comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme go huilíoch i dtaca le hoibrithe postaithe i ngach earnáil
  • go gcaithfear go cothrom le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha agus oibrithe áitiúla
  • Maidir le hearnáil an iompair, beidh feidhm ag forálacha na treorach leasaithí ó dháta theacht i bhfeidhm na reachtaíochta earnáil-shonrach atá ar na bacáin
  • tréimhse thrasuite 3 bliana agus bliain amháin eile sula gcuirfear an treoir i bhfeidhm.

Gach riail maidir le luach saothair a bhfuil feidhm aici maidir le hoibrithe áitiúla, ní mór feidhm a bheith aici maidir le hoibrithe ar phostú freisin. Ní amháin go mbeidh na rátaí íosta pá san áireamh le luach saothair, ach beidh gnéithe eile amhail bónais agus liúntais freisin.

Bainfear úsáid as an Ardán i gcoinne na hoibre neamhdhearbhaithe chun an chalaois agus mí-úsáid a chomhrac agus chun feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar an gcomhar riaracháin idir na Ballstáit.

Cúlra

Bhí gá le hathbhreithniú ar threoir 1996 d’fhonn an reachtaíocht a chur in oiriúint do chúinsí nua eacnamaíocha agus do chúinsí nua sa mhargadh saothair, agus ar mhaithe le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chódú. Cuirfidh an méid sin feabhas ar shoiléireacht reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Díríonn an treoir athbhreithnithe ar shaincheisteanna a thagann faoi scáth chreat rialála an Aontais, mar a bunaíodh leis an mbuntreoir i 1996. Déanann an treoir athbhreithnithe maidir le hoibrithe a phostú agus an treoir um fhorfheidhmiú a chéile a chomhlánú agus a threisiú mar sin.

Bhain postú oibrithe le 1.9 milliún oibrí Eorpach sa bhliain 2014. Cé nach bhfuil ach 0.7% d’fhostaíocht iomlán an Aontais i gceist leis sin, fós féin tacaíonn postú oibrithe le soláthar trasteorann seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe in earnáil na tógála agus i roinnt earnálacha seirbhísí pearsanta agus gnó. Faoi na rialacha reatha, caithfidh cuideachtaí a phostaíonn bunsraith de chearta fostaíochta na tíre is ósta a chomhlíonadh, lena n-áirítear rátaí íosta pá.

An chéad chéim eile

Anois agus an comhaontú seo bainte amach, is féidir leis an gComhairle tús a chur le caibidlíocht le Parlaimint na hEorpa.

Teagmhálaithe preasa

Assen Indjiev
Preasoifigeach
+32 2 281 68 14
+32 470 46 17 15