- Preaseisiúint
- 11 Nollaig 2017
- 11:40
An comhar cosanta: An buanchomhar struchtúrtha (PESCO), ina bhfuil 25 de na Ballstáit rannpháirteach, bunaithe ag an gComhairle
Ar an 11 Nollaig 2017, beagán faoi bhun míosa ó chuir na Ballstáit in iúl di go raibh rún acu a bheith rannpháirteach ann, ghlac an Chomhairle cinneadh lenar bunaíodh an buanchomhar struchtúrtha (PESCO).
Seo a leanas na 25 Bhallstát atá rannpháirteach in PESCO: an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn. Ar an 13 Samhain 2017, shínigh airí as 23 de na Ballstáit an fógra comhpháirteach maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO) gur thug don Ardionadaí agus don Chomhairle é. Ar an 7 Nollaig 2017, thug Éire agus an Phortaingéil le fios go raibh cinnte acu páirt a ghlacadh in PESCO.
Is le Conradh Liospóin a tugadh isteach an buanchomhar struchtúrtha i réimse na cosanta agus an bheartais slándála. Foráiltear ansiúd gur féidir le roinnt de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh comhar níos dlúithe a dhéanamh le chéile i réimse na slándála agus na cosanta. Béarfaidh an buanchreat seo go mbeidh gach Ballstát ar mian agus ar acmhainn leis sin in ann cumais cosanta a fhorbairt i dteannta na mBallstát eile, infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail chomhroinnte, agus feabhas a chur ar ullmhacht oibríochtúil agus rannpháirtíocht a gcuid fórsaí armtha.
Leagtar amach sa chinneadh ón gComhairle lena mbunaítear PESCO:
- liosta na mBallstát rannpháirteach
- liosta de na gealltanais uaillmhianacha agus de na gealltanais choiteanna níos ceangailtí ar thug na Ballstáit fúthu, lena n-áirítear "méadú rialta ar na buiséid chosanta i bhfíorthéarmaí d'fhonn na cuspóirí comhaontaithe a bhaint amach"
- rialachas PESCO, ina mbeidh ciseal uileghabhálach lena gcoinneofar ar bun comhleanúnachas agus uaillmhian PESCO, arna chomhlánú ag nósanna imeachta sainiúla i dtaca le rialachas ar leibhéal na dtionscadal
- socruithe riaracháin, lena n-áirítear na feidhmeanna rúnaíochta PESCO ar leibhéal na dtionscadal agus i dtaca le maoiniú
I dteannta leis an gcinneadh lenar bunaíodh PESCO, ghlac na Ballstáit atá rannpháirteach in PESCO dearbhú freisin. Tugtar le fios sa dearbhú gur díol sásaimh an comhaontú polaitiúil faoinar sainaithníodh liosta tosaigh de 17 dtionscadal a dtabharfaidh PESCO fúthu. I measc na réimsí a chuimsítear sna tionscadail sin, tá oiliúint, forbairt cumais, agus ullmhacht oibríochtúil i réimse na cosanta. Tá súil go ndéanfaidh an Chomhairle na tionscadail tosaigh sin a ghlacadh go foirmiúil i dtús na bliana 2018.
Na chéad chéimeanna eile
Sa chinneadh sin lenar bunaíodh PESCO, déantar foráil go nglacfaidh an Chomhairle, d'aon toil ionadaithe na mBallstát atá rannpháirteach in PESCO, tuilleadh cinntí agus moltaí i roinnt réimsí, agus go gcuirfear ar bun na nithe seo a leanas:
- liosta tionscadal a fhorbrófar faoi PESCO (go luath in 2018)
- tacar coiteann rialacha rialachais le haghaidh tionscadal, a d'fhéadfaí a chur in oiriúint do thionscadail aonair
- na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí a iarraidh ar thríú Stáit páirt a ghlacadh i dtionscadail aonair.
- Cinneadh lena mbunaítear an buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach
- Dearbhú maidir le tionscadail PESCO ó na Ballstáit atá rannpháirteach in PESCO
- Forléargas ar na chéad tionscadail chomhoibritheacha de chuid PESCO
- An comhar cosanta: Tá 23 de na Ballstáit tar éis fógra comhpháirteach a shíniú maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha (PESCO)
- Comhar an Aontais Eorpaigh i gcúrsaí slándála agus cosanta
- Bileog eolais maidir leis an mbuanchomhar struchtúrtha (SEGS)