- Preaseisiúint
- 23 Eanáir 2019
- 23:13
Dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir leis an méid is déanaí atá tite amach i Veiniséala
Ar an 23 Eanáir thug muintir Veiniséala le fios go láidir go bhfuil daonlathas agus an deis a gcinniúint féin a chinneadh go saor uathu. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar na guthanna seo.
Tá an tAontas ag iarraidh go neamhbhalbh go gcuirfí tús le próiseas láithreach polaitiúil a mbeadh toghcháin shaora iontaofa mar thoradh air, i gcomhréir leis an ord bunreachtúil.
Tacaíonn an tAontas go hiomlán leis an gcomhthionól náisiúnta mar institiúid a thoghtar go daonlathach agus ar gá a chumhachtaí a thabhairt ar ais dó agus urraim a léiriú dó.
Caithfear seasamh le cearta sibhialta, saoirse agus sábháilteacht chomhaltaí uile an Chomhthionóil Náisiúnta, lena n-áirítear a Uachtarán, Juan Guaidó, agus urraim iomlán a léiriú dóibh.
Ní féidir glacadh in aon chor le foréigean ná le húsáid iomarcach fórsa ag na fórsaí slándála, agus is cinnte nach réiteoidh siad an ghéarchéim seo. Tá sé de cheart ag muintir Veiniséala léirsiú go síochánta, a gceannairí a roghnú go saor agus cinneadh a dhéanamh ar a dtodhchaí.
Tá an tAontas Eorpach gona Bhallstáit réidh le tacú le hathbhunú an daonlathais agus an smachta reachta i Veiniséala trí phróiseas polaitiúil atá iontaofa agus síochánta, agus atá i gcomhréir le bunreacht Veiniséala.
Déanann na tíortha is iarrthóirí an Mhacadóin Thuaidh*, Montainéagró*agus an Albáin*, tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, an Íoslainn agus Lichtinstéin, Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, chomh maith leis an Úcráin, Poblacht na Moldóive, agus an tSeoirsia iad féin a ailíniú leis an dearbhú sin.
*Tá an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró agus an Albáin páirteach sa Phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais i gcónaí.
Teagmhálaithe preasa
- Maja Kocijančič
- +32 2 298 65 70
- +32 498 98 44 25
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.