• Comhairle AE
  • Preaseisiúint
  • 9 Aibreán 2019
  • 14:15

Forbairt inbhuanaithe: Conclúidí glactha ag an gComhairle

Tá an tAontas Eorpach réidh le bheith ar thús cadhnaíochta san iarracht dhomhanda ar mhaithe le saoránaigh an Aontais

Ghlac an Chomhairle tacar conclúidí inniu maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe ag an Aontas, clár oibre ar cuireadh tús leis in 2015 ina bhfuil tacar 17 sprioc forbartha inbhuanaithe. Toisc cineál cothrománach Chlár Oibre 2030, ní chuirfear chun feidhme é gan cur chuige trasbheartais ón Aontas agus ó na Ballstáit. Tá na conclúidí ag freagairt ar an bpáipéar machnaimh “I dtreo Eoraip Inbhuanaithe faoi 2030” a d'fhoilsigh an Coimisiún níos luaithe i mbliana.

Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar an tábhacht lárnach a bhaineann le forbairt inbhuanaithe don Aontas Eorpach agus cuireann sí i bhfios go láidir gur chun leas an Aontais a bheidh sé príomhról a bheith ag an Aontas i gcur chun feidhme Chlár Oibre 2030 agus na 17 sprioc forbartha inbhuanaithe a ghabhann leis. Iarrann an Chomhairle go gcuirfear dlús le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 ''ar fud an domhain agus go hinmheánach, mar thosaíocht uileghabhálach de chuid an Aontais a rachaidh chun tairbhe a chuid saoránach agus chun a inchreidteacht laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain a chaomhnú.''

Fáiltíonn an Chomhairle roimh an bpáipéar machnaimh seo ón gCoimisiún a raibh géarghá leis sa díospóireacht ar thodhchaí níos inbhuanaithe agus i socrú na dtosaíochtaí straitéiseacha don chéad Choimisiún Eorpach eile. Ar na príomhfhothaí beartais do thodhchaí inbhuanaithe a luaigh an Chomhairle tá aistriú cinntitheach i dtreo geilleagar ciorclach, oibriú ar mhaithe le neodracht aeráide a bhaint amach, an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide chomh maith le hinbhuanaitheacht an chórais talmhaíochta agus bia, agus fuinneamh, foirgnimh agus soghluaisteacht ísealcharbóin sábháilte inbhuanaithe. Chomh maith leis sin leagann an Chomhairle béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhtháthú Eorpach a chothú agus iarrann sí go ndéanfar an gné shóisialta a threisiú.

Thairis sin, d'athdhearbhaigh an Chomhairle an méid a d'iarr sí ar an gCoimisiún roimhe seo straitéis cur chun feidhme chuimsitheach uileghabhálach a chur le chéile ina leagfaí amach amlínte, cuspóirí agus bearta nithiúla chun Clár Oibre 2030 a léiriú agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a phríomhshruthú i ngach beartas inmheánach agus seachtrach ábhartha de chuid an Aontais.

Teagmhálaithe preasa

Liis Jaansalu
Press officer
+32 2 281 38 71
+32 470 89 08 50

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.